Os cionn 10,000 cás den choróinvíreas in Éirinn agus 33 duine eile básaithe

553 cás nua a deimhníodh ó dheas tráthnóna, an líon is mó cásanna a deimhníodh in aon lá amháin go dtí seo

Os cionn 10,000 cás den choróinvíreas in Éirinn agus 33 duine eile básaithe

Tá os cionn 400 duine san iomlán básaithe de bharr an choróinvíris in Éirinn faoin tráth seo agus tá os cionn 10,000 cás de ghalar deimnithe.

Fógraíodh tráthnóna go raibh 33 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe ó dheas, 30 duine san oirthear agus triúr in iarthar na tíre.

427 duine a raibh Covid-19 orthu atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 320 duine ó dheas den teorainn agus 107 duine ó thuaidh di. (Tá cás amháin bainte ag an HPSC den líon iomlán cásanna inar bhásaigh daoine ó thús na ráige.)

553 cás nua a deimhníodh ó dheas tráthnóna, an líon is mó cásanna a deimhníodh in aon lá amháin go dtí seo.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, a bhfuil na figiúirí maidir leis na tástálacha atá á ndéanamh sa Ghearmáín ar shamplaí as an tír seo san áireamh, 10,645 cás san iomlán atá in Éirinn faoin tráth seo, 8,928 cás ó dheas agus 1,717 ó thuaidh.

Fógraíodh níos túisce tráthnóna go raibh cúigear déag eile a bhí buailte ag an ngalar básaithe sa Tuaisceart. 128 cás nua den choróinvíreas a deimhníodh ó thuaidh.

Cuireadh tástáil don choróinvíreas ar 11,765 duine sa Tuaisceart go dtí seo agus os cionn 60,000 tástáil atá déanta ó dheas.

Thug oibrithe sláinte bualadh bos inniu do Niall Murphy, an Gael aitheanta as Béal Feirste a cuireadh ar aerálaí nuair a buaileadh go dona leis an gcoróinvíreas é. Ligeadh amach as aonad dianchúraim inniu é agus biseach an-mhór tagtha air.

Idir an dá linn, dúirt Leas-Choimisinéir na nGardaí John Twomey go raibh formhór mór an phobail ag cloí leis na srianta taistil agus ag fanacht ag baile deireadh seachtaine na Cásca.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris arís inniu gurb í an sprioc a chaithfí a bhaint amach chun go bhféadfaí na srianta a mhaolú ná  an líon daoine eile a ndéanann othar le Covid-19 ionfhabhtú orthu a bheith faoi bhun 1.

Seo ráta atáirgthe an ghalair agus tá sé gar go maith do R1 faoi láthair.

Ar an 16 Márta tholgadh 4.3 duine eile an galar ó othar amháin ar an meán agus faoi dheireadh na míosa seo caite ní raibh i gceist ach 2.5 duine eile d’othar amháin.

Is ar éigean go bhféadfadh an galar maireachtáil sa phobal dá dtitfeadh an líon daoine eile a ndéanann othar le Covid-19 ionfhabhtú orthu faoi bhun R1, ach fad is go bhfanann sé fiú oiread na fríde os cionn R1 leanfaidh líon na gcásanna nua ag fás go mall ach go seasta.

Dúirt an Taoiseach inné gurb é “mian a chroí” go gcuirfí deireadh leis na srianta de réir a chéile tar éis an 5 Bealtaine, ach ní fhéadfadh sé geallúint a thabhairt faoi sin.

Bheadh maolú na srianta ag brath ar na hiarrachtaí a dhéanfaí sna seachtainí romhainn, ar sé.

Agus focail Sheamus Heaney á dtarraingt chuige aige, dúirt sé, “má chuireann muid an geimhreadh seo dínn, beidh cead a gcinn againn teacht an tsamhraidh”.

Ag baint macalla eile as Heaney, dúirt an Taoiseach:

“Sna laethanta seo amach romhainn, caithfimid leanúint orainn ag iompú ar ár sála agus ag fanacht amach óna chéile. Dá mhéid a fhanann muid óna chéile is fearr a bheidh muid lena chéile. Fanaigí láidir, fanaigí slán agus fanaigí sa mbaile.”

Fág freagra ar 'Os cionn 10,000 cás den choróinvíreas in Éirinn agus 33 duine eile básaithe'