Óráid dheireanach Mháirtín Uí Chadhain

Chuireadh Máirtín Ó Cadhain a chroí agus a anam ina chuid cainte mar a dhéanadh sé i gcónaí

Óráid dheireanach Mháirtín Uí Chadhain

I gclár saothair Mháirtín Uí Chadhain a d’ullmhaigh Alan Titley siad na hiontrálacha is deireanaí a luaigh sé litir faoi dhúnadh scoil Dhún Chaoin san Irish Times agus óráid a thug Máirtín go gairid ina dhiaidh sin faoin scoil. Go deimhin bhí dhá litir leis san Irish Times an lá céanna.

Maidir leis an óráid sin thaifead mise í do RTÉ agus tá cóip di i gcartlann RTÉ i gcónaí.

Bhí Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta bunaithe againn ag an am agus chuaigh mé féin, Seosamh Ó Tuairisg agus a bhean Hannah ó dheas chuig cruinniú tábhachtach poiblí i nDún Chaoin.

Bhí cúpla céad duine ag an gcruinniú agus maithe agus móruaisle an léinn agus na Gaeilge ina measc. Orthu sin bhí Breandán Ó Buachalla, Seán Ó Tuama, Roibeárd Mac Góráin agus Seán Mac Réamoinn.

Tháinig teachtaireachtaí tacaíochta ó David Greene, ó Phádraig Tyers, ó Thomás de Bhaldraithe agus ó Chlíodhna Cussen.

Bhí Máire Mhac an tSaoi ann agus a fear céile Conor Cruise O’Brien. Dúirt sise go mbeadh sí sásta tamall a chaitheamh ag múineadh sa scoil go dtí go bhfaighfí múinteoir lánaimseartha.

‘Níl rún ar bith agam a bheith ag múineadh Gaeilge do pháistí Dhún Chaoin,’ a dúirt sí. ‘Tá mé ag súil gur amhlaidh a bheinn ag foghlaim na Gaeilge uathu.’

Labhair Michael O’Leary a bhí i bPáirtí an Lucht Oibre ag an am. Dúirt sé tar éis an chruinnithe go mbeadh drochthionchar ag dúnadh na scoile ar an nGaeltacht fré chéile agus gur chuir sé an méid sin in iúl i litir chuig Aire na Gaeltachta, George Colley.

Gheall sé go dtarraingeodh sé anuas an scéal sa Dáil agus go n-iarrfadh sé ar an Roinn Oideachais athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh faoin scoil a dhúnadh.

Bhí sé de mhisneach agam féin cúpla focal a rá. I dtuairisc a foilsíodh sa Kerryman dúradh an méid seo:

‘Seosamh Ó Cuaig, representing Cearta Sibhialta na Gaeltachta in Donegal, said that he had travelled to show solidarity with the people of Dunquin and the Kerry Gaeltacht.’

Ní fhaca mé aon duine as Tír Chonaill ann ach d’fhéadfadh duine acu a bheith i láthair i ngan fhios dhom.

Maidir le Máirtín Ó Cadhain chuir sé a chroí agus a anam ina chuid cainte mar a dhéanadh sé i gcónaí. Dúirt sé gur sampla eile a bhí i ndúnadh na scoile den leatrom a bhí a dhéanamh ar an nGaeltacht óna bun go dtína barr.

Thagair sé don traidisiún liteartha a bhí i réigiún Dhún Chaoin. Labhair sé ar Thomás Ó Criomhthain.

Mheabhraigh sé go raibh scoileanna beaga Protastúnacha sa tír a gcaití airgead orthu. Bhí sé go mór ar a shon sin ach níor léir dó cúis ar bith nach mbeadh an meon oifigiúil céanna ann i dtaobh scoil bheag Ghaeltachta.

Ba bheag a thuig muid an lá sin go raibh Máirtín Mór Ó Cadhain ag teannadh le deireadh a shaoil. Mí ón lá céanna cuireadh i gcré na cille é.

Níos luaithe an bhliain sin bhí cúpla focal agam leis ag Scoil Mherriman i gCill Chaoi.

Is cuimhin liom gur mhol sé dom a chinntiú go nglacfaí buíochas le daoine a thug síntiúis go flaithiúil i bhfeachtas toghchánaíochta Pheadair Mhic an Iomaire.

Roimhe sin aríst bhí dreas comhrá agam leis in Óstán an Imperial i nGaillimh.

Ag caint ar Ros Muc is mó a bhí muid. B’as Ros Muc mo mháthair agus bhí an ceangal sin agam leis an am a raibh Máirtín ag múineadh i scoil Chamais.

Thuig mé go maith go raibh mé i láthair pearsa ríthábhachtach, ach ní raibh móiréis ar bith mar sin i Máirtín.

Cúis iontais agus sásaimh dhom fós chomh humhal foighdeach is a bhí sé ag míniú agus ag ceartú dhom.

Maidir le taifeadadh a óráide i nDún Chaoin bhínn ag déanamh corrphíosa craoltóireachta an uair sin do Phroinsias Ó Conluain as RTÉ, léiritheoir den scoth agus duine uasal eile.

Nuair a bhí Raidió oifigiúil na Gaeltachta le dhul ar an aer chuir mé isteach ar phost ann. Bhí obair déanta agam leis an nuachtán Inniu agus bhí mé i mo bhall de Cheardchumann na nIriseoirí.

Thug Proinsias Ó Conluain teistiméireacht mhaith orm.

Ní bhfuair mé an post. Chuaigh meamram thart in RTÉ:

‘He has some journalistic experience but is closely involved with the Gaeltacht Civil Rights Movement.’

Cor a bhí ann a thuigfeadh Máirtín Ó Cadhain go maith.

Fág freagra ar 'Óráid dheireanach Mháirtín Uí Chadhain'

  • Poraic o'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam uasal.