Ón nGraonlainn go dtí an Chipir beidh daoine ag neartú na mballaí

Agus í ar cuairt ar oileán na Cipire, smaoinigh ár gcolúnaí ar na tíortha a bhfuil ionaid mhíleata acu thar lear

Ón nGraonlainn go dtí an Chipir beidh daoine ag neartú na mballaí

Thosaigh mé ag tabhairt níos mó suntais do ráitis Donald Trump agus JD Vance i leith na Graonlainne an tseachtain seo ná mar a thugas an tseachtain roimhe sin.

Ar Oileán na Cipire a bhí mé arís le seachtain anuas. Aréir taispeánadh an clár faisnéise A Town Called Pyla, a rinne an leathbhádóir sa Chipir thar thréimhse bliana. Bhí baint bheag agam féin leis an obair agus bhíomar ar ais ar an mbaile sin chun an clár a thaispeáint don phobal, a bhí lárnach sa scéal. Is é an Bleachtaire Ard-Cheannfort Brian Woods ó na Gardaí Síochána, a bhí ar dualgas anseo tráth, a dhéanann an tráchtaireacht.

Cé go raibh an chuid is mó den scéal i mBéarla, bhí an lucht féachana ag baint an-cheart de agus léirigh siad é sin ag deireadh na hoíche. Tá Béarla maith ag go leor ag muintir an oileáin a bhuíochas sin don turasóireacht agus don stair.

Go dtí tús na seascaidí bhí an Chipir faoi smacht na Breataine. Mar chuid den socrú neamhspleáchais, tugadh cearta ionadaíochta don mhionlach, ar Turcaigh iad. Agus choinnigh an Bhreatain dhá bhonnáit mhíleata faoina smacht féin. Ach bhí go leor daoine ar an oileán nár theastaigh an cineál sin saoirse uathu – bhíodar ag iarraidh tuilleadh, sé sin, aontú leis an nGréig. Tosaíodh ag agóidíocht agus d’eascair an-chuid foréigin agus míshuaimhnis dá bharr. Tháinig na Náisiúin Aontaithe isteach sa scéal.

I lár na seachtóidí d’fhógair an tArd-Easpag Makarios, a bhí i gceannas ar an tír, gur cheart don dá dhream a bheith in ann maireachtáil lena chéile i dtír neamhspleách – gan a bheith ag iarraidh teacht isteach go hiomlán faoin nGréig.

Ach bhí deachtóireacht mhíleata i réim sa nGréig agus rinne siadsan iarracht Makarios a mharú i coup mhíleata. D’fhógair an deachtóireacht sin gur chuid den Ghréig í an Chipir. Agus chuireadar an ceannaire Nicos Sampson agus arm na Gréige isteach chun an t-oileán a rialú.

Ní raibh ar chumas na Náisiún Aontaithe an foréigean a choinneáil faoi smacht. Agus ní raibh an Bhreatain ábalta na geallúintí a thugadar tráth an neamhspleáchais a chomhlíonadh. Chinn An Tuirc a cuid trúpaí a chur isteach sa Chipir. Sna seachtainí dár gcionn maraíodh 5,000 duine.

Mar thoradh ar an gcogaíocht ar fad, scar an dá phobal sa Chipir óna chéile agus d’fhágadar tithe, gnóthaí is foirgnimh folamh ina ndiaidh, go háirithe i dtuaisceart na Cipire, áit atá i seilbh na dTurcach go dtí an lá inniu. Toisc nach raibh réimeas na Gréige in ann a mian a chur i gcrích, thit an deachtóireacht as a chéile sa nGréig. Tugadh an daonlathas ar ais sa tír sin.

Rud a thugann muid go dtí an léiriú den scannán aréir. Scríobh mé cheana anseo faoin mbaile Pyla, atá neamhghnách sa mhéid is go maireann an dá phobal taobh le taobh ann, cé go bhfuil móramh ag na Gréagaigh/Cipirigh ann.

Bhí an Mukhtar Turcach agus an Ceannasaí Gréagach beirt i láthair ag an léiriú. Tá an ceannaire Gréagach i gceannas ar chomhairle baile Pyla ach bíonn sé i gcónaí ag comhoibriú agus ag lorg a thuairim ón Mukhtar Turcach. I measc an lucht féachana aréir freisin, bhí ambasadóir na hÉireann, Conor Long agus ambasadóir na hÚcráine. Tháinig an t-ionadaí sinsearach ó phost na Náisiún Aontaithe ar an mbaile freisin. Agus tháinig Kelley Bermingham ó Ard-Eaglais Naomh Pádraig, a thug cúnamh don tionscadal, go dtí an léiriú freisin.

Thaitin an clár faisnéise go mór leis an bpobal. Ach ag éisteacht leo ag an teacht le chéile ina dhiaidh sin thug mé faoi deara go raibh an-suim ag cuid acu i bpáirt na Náisiún Aontaithe i scéal an bhaile. Cé go raibh a fhios acu go maith go raibh trúpaí de chuid na NA ar dualgas ann ó na seascaidí i leith, níor thuigeadar rómhaith gur bhásaigh an oiread sin acu – 187 ar fad sa Chipir le linn na tréimhse sin.

‘Ba cheart dúinn ár leithscéal a ghabháil libh,’ a dúirt an bainisteoir óstán as ceantar Larnaca leis na hÉireannaigh a bhí i láthair. ‘Níor thuig mé ariamh an pháirt a ghlac na hÉireannaigh sa scéal truamhéalach seo.’

Fuair naonúr saighdiúirí Éireannacha bás ar dualgas sa Chipir.

Ach céard a thug Donald Trump isteach i mo cheann? Bhí mé ag éisteacht leis na tuairiscí ar fad faoin gceart, a cheap sé, a bhí ag Meiriceá ar an nGraonlainn. Léigh mé faoin gcuairt a thug an Leas-Uachtarán ar an ionad míleata atá acu i dtuaisceart na Graonlainne. Agus chuir sé ag smaoineamh mé ar thíortha eile a bhfuil ionaid mhíleata acu thar lear. Mar shampla, agus muid ar thóir béile ‘iasc agus sceallóga’ an oíche cheana, leaindeáil muid i mbialann atá suite i lárionad míleata de chuid na Breataine in Dekelia. Níl aon chosúlacht mhíleata rómhór ar an áit ach, is cuid den Ríocht Aontaithe é an ceantar sin atá suite in oirdheisceart na Cipire. Tá ceann eile acu níos faide siar ar an gcósta. Tá trí faoin gcéad de thalamh na Cipire faoin mBreatain – ‘British Sovereign Territory,’ mar a thugann siad air.

Tá caidreamh maith idir an Bhreatain agus Rialtas na Cipire agus is minic a fheictear eitleáin de chuid an aerfhórsa Ríoga ag dul isteach is amach as na hionaid mhíleata.

Níl aon bhonnáit mhíleata ag Meiriceá ar an oileán ach baineann siad úsáid as go minic, go háirithe nuair a bhíonn géarchéim dhaonnúil ann. Cuimhním ar na pontúin mhóra shealadacha a thógadar i nGaza nuair a bhí bia agus soláthairtí eile le tabhairt ann ó chalafort Larnaca, sa Chipir. Níor mhair an socrú sin.

Ach meabhraíonn sé dom go bhfuil na tíortha sin sa mheánoirthear, a bhíonn sa nuacht go laethúil, gar go maith don Chipir. Nuair a buamáladh an Liobáin agus an tSiria le gairid, las an spéir anseo. Thart ar 120 ciliméadar atá cathair Beirut ón áit seo.

Déarfainn go bhfuil gach tír a bhfuil bonnáit mhíleata acu i dtír eile, fiú an ceann is lú agus is laige, ag breathnú arís orthu agus ag smaoineamh ar a dtábhacht straitéiseach as an nua.

Ní bheadh aon tír ag smaoineamh ar thír eile a ‘ghabháil’, tá mé cinnte. Ach beidh daoine ag neartú na mballaí agus na sconsaí. Ar fhaitíos na bhfaitíos.

Fág freagra ar 'Ón nGraonlainn go dtí an Chipir beidh daoine ag neartú na mballaí'