Oireachtas na Samhna le filleadh ar Bhéal Feirste in 2025

Reáchtálfar mórfhéile na nGael sa chathair den chéad uair ó 1997 agus í ag fágáil Chill Airne den chéad uair ó 2019

Oireachtas na Samhna le filleadh ar Bhéal Feirste in 2025

Beidh Oireachtas na Samhna ag dul ó thuaidh den teorainn den chéad ó uair ó 2006 an bhliain seo chugainn agus é fógartha go bhfuil mórfhéile na nGael le reáchtáil i mBéal Feirste in 2025.

D’fhógair an tOireachtas inniu go raibh glactha acu le hiarratas ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste go mbeadh an chathair ina hóstbhaile don bhféile.

Is i gCill Airne a reáchtáladh Oireachtas na Samhna le trí bliana anuas agus is ar an mbaile i gCiarraí a bheidh féile na bliana seo chomh maith.

Ach ó thuaidh a bheidh lucht an Oireachtais ag dul an bhliain seo chugainn.

Bhí Oireachtas na Samhna ar siúl i mBéal Feirste uair amháin cheana, sa bhliain 1997. Ba in 2006, nuair a bhí an tOireachtas i nDoire, an uair dheireanach go raibh an fhéile ar siúl sa Tuaisceart. 2012 an bhliain dheireanach nár reáchtáladh an fhéile in Óstán an Gleneagle i gCill Airne nó sa Citywest i mBaile Átha Cliath.

“Tá an-áthas orm go mbeidh Oireachtas na Samhna 2025 ar siúl i gcathair Bhéal Feirste,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais.

“Tá mé ag tnúth go mór le bheith ag obair i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le féile den scoth a bheith againn cois Lagáin. Tá fíorscoth na n-áiseanna sa chathair agus rogha iontach lóistín chomh maith le pobal atá fial, fáilteach agus comhoibritheach.  Aithnímid díograis agus dúthracht na Comhairle ina tiomantas d’óstáil Oireachtas na Samhna 2025.”

Dúirt Ard-Mhéara Bhéal Feirste, an comhairleoir cathrach de chuid Shinn Féin, Ryan Murphy, go bhfuil pobal bríomhar Gaeilge sa chathair agus gur rud tábhachtach dá gcultúr agus oidhreacht “an fhéile mhór seo a mhealladh chun na cathrach.”

Dúirt an tArd-Mhéara go raibh an Chomhairle tiomanta do cheiliúradh a dhéanamh ar theangacha

“Beidh Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste mar bhuanoidhreacht ag glúin Gaeilgeoirí óga, agus beidh sé mar ardán le léiriú a dhéanamh ar an iomad sochar a thagann le ceiliúradh na teanga – beogacht, foghlaim agus cairdeas a chothú.”

Is iad dátaí na féile a bheidh i gcathair Bhéal Feirste ná 29 Deireadh Fómhair – 2 Samhain 2025.

D’fhreastail breis is 11,000 duine ar Oireachtas na Samhna 2023 agus 855 iomaitheoir a ghlac páirt sna comórtais.

Ó 2010, bhí an tOireachtas ar siúl i gCill Airne naoi n-uaire, i mBaile Átha Cliath faoi dhó agus i Leitir Ceanainn uair amháin.

Bhí sé i gceist Oireachtas na Samhna a bheith ar siúl sa Ghaillimh in 2020, ach cuireadh an fhéile ar ceal ar feadh dhá bhliain de dheasca na paindéime Covid-19.

Fág freagra ar 'Oireachtas na Samhna le filleadh ar Bhéal Feirste in 2025'