Oileán an Cheoil – an baol ann go mbánófar iarthar Chonamara ar an gcaoi chéanna

Ciúnaíodh an ceol i bhFínis agus mar a scríobh Jackie Mac Donnchadha, fágadh an t-oileán ag na coiníní

Oileán an Cheoil – an baol ann go mbánófar iarthar Chonamara ar an gcaoi chéanna

‘Bhí mo chúl leis an bhfear a bhí ag iomramh agus muid ag déanamh a mbealach ar ais sa mbád.  Bhí mé ag breathnú isteach ar an slua beag daoine a bhí cruinnithe ar an gcéibh ag crochadh lámh agus ag coinneáil súil orainn.  An díorma beag cróga a bhí ag laghdú de réir a chéile.

‘Bhraith mé anois,  agus iad ag dul i laghad de réir mar a bhí an bád ag teannamh le Roisín na Mainiach, agus leis an mórthír aríst , nach mbeadh gá go gairid le sagart ná cléireach na stáisiúin ar an oileán beag seo ina raibh lán scoile de ghasúir tráth.   Oileán an cheoil, an chraic, agus an phléaráca.’

Jackie Mac Donnchadha a léigh an sliocht sin faoi Oileán Fhídhinse [Fhínse] as a chuid scríbhneoireachta ag an ócáid ‘Oileán an Cheoil’ in Ionad na nImirceach i gCarna an lá cheana.

Tá ceol sa dúch a thagann as an bpeann a gcuireann Jackie lámh ann. Tá níos mó ná sin sa bpíosa beag próis sin.  Tá cion agus croí agus briseadh croí freisin ann. Oileán a mháthar, oileán a mhuintire.  Fínis.

Bhí Jackie ina ghasúr ag friotháil an Aifrinn ag na stáisiúin i dteach a sheanmháthar an lá sin.

Choinnigh an ‘díorma beag’ a gcosa i dtaca nó gur chinn an saol orthu.  Ach tháinig an lá cinniúnach dhá scór blianta ó shin nuair a cuireadh boltaí ar na doirse agus nuair a fáisceadh an glas ar na tithe a bhí ann go deireadh ré.

Ba mhór an phribhléid a bheith ag éisteacht le Cóilín Ó hIarnáin ag dul ó theach go teach acu an lá cheana in Ionad na nImirceach, ag dul isteach ar chuile theallach, ag ainmniú chuile dhuine agus ag tabhairt léargais ar an ród a thóg siad orthu féin sa saol.

Fíorbheagán den dream a rugadh ar oileán Fhínse atá fanta anois; tá na blianta ag damhsa leosan agus tá an díorma siúd ag laghdú.  Tá riar maith – mo leithéidí féin – a mba as Fínis na glúnta a chuaigh rompu le fáil anonn agus anall fós in Iorras Aithneach.  Chruinníodar isteach in Ionad na nImirceach an lá cheana – iadsan agus daoine eile a raibh suim acu i scéal Oileán an Cheoil,  Fínis.

Ina gceann agus ina gceann a tréigeadh na hoileáin ar chósta thiar Chonamara.  Bhí comhluadar agus pobail ina gcónaí orthu.  Bhí ceoltóireacht, seoltóireacht, fios farraige agus fios ceirde acu.  Bhí Fínis, mar shampla, luaite leis an gceol; bhí Oileán Máisean luaite leis na ceirdeanna.  Féachfar le hómós a léiriú do chuile cheann acu, de réir a chéile.  Ach bánaiodh iad uilig.  Ciúnaíodh an ceol i bhFínis agus mar a scríobh Jackie Mac Donnchadha, fágadh an t-oileán ag na coiníní.

Ag smaoineamh dom an lá cheana in Ionad na nImirceach ar an bpictiúr  iontach a bhí curtha os ár gcomhair ag Cóilín Ó hIarnáin b’fhéidir go gcuirfeadh duine ceist air féin – arb é a mhacasamhail de dheireadh, a bheag nó a mhór, a bheidh ag roinnt bailte fearainn mórthíre in iarthar Chonamara lá níos faide anonn?

Tá sé tagtha sa déanamh anois gur gasúir as an Úcráin atá ag coinneáil croí agus anam i roinnt scoileanna in iarthar Chonamara –   Maínis, Baile an Rí sa gClochán, Tír na Cille sa Mám, an Gort Mór i Ros Muc – agus tá chuile scoil sa tóir ar bhreis gasúr agus níleadar ann go háitiúil.  Is críonna an té a déarfadh cén fhaid a bheidh fáil ar scoláirí óga na hÚcráine ach ní go deo é.  Tá na scoileanna seo atá ag brath orthu, a bheag nó a mhór, i mbaol.

An lagan atá ar bhailte fearainn ar chósta thiar Chonamara an t-údar atá leis sin.  Féach ar Inis Ní i gCloch na Rón, ar Bhun na hAbhann i bpobal an Chaisil, ar Bhun na gCnoc ar an Sraith Salach. Is beag duine óg atá sna bailte sin anois.   I gcás Bhun na hAbhann níl an oiread agus gasúr amháin bunscoile ná meánscoile ann níos mó.

Bhíodh díorma mór acu ann scaitheamh.  Níl aon ghasúr as an gceantar gaibhte isteach sna naonáin ar an nGort Mór i Ros Muc le trí bliana. Eiseamláir na ceantair sin uilig den chúlú an-mhór sóisialta agus eacnamaíochta.

Ach seans go lagdóidh na díormaí sna bailte sin, agus neart bailte eile, de réir a chéile mar a laghdaigh an díorma ar chéibh oileán Fhínse.

Is brónach an tsamhail í.

Go hiondúil sa saol, bailíonn daoine timpeall ar láithreacha oibre.  Sin iad na cathracha, go traidisiúnta.   Ceaptar, de bharr deiseanna nua cumarsáide, gur féidir le daoine i mBun na hAbhann nó i mBun na gCnoc a gcuid oibre a dhéanamh sa mbaile.  Is féidir, más cineál áirithe oibre atá i gceist.

Taispeánann tuarascáil ó Choimisiún Forbartha an Iarthair gur daoine idir 18 agus 34 is mó a d’aistrigh as Baile Átha Cliath anuas faoin tír le blianta beaga anuas agus iad ag obair anois ón mbaile.  Tá céim dochtúireachta nó máistreacht ag go leor acu sin.  Níl sé ráite cén áit go díreach ar lonnaigh siad ach dá mbeinn ag tabhairt buille faoi thuairim, ní dóigh gur i mBun na hAbhann, ná i mBun na gCnoc, ná ar an nGort Mór, ná in Inis Ní a chaith a bhformhór ancaire.  A chead sin acu agus go n-éirí leo.

Teastaíonn obair a bheadh bunaithe ar achmhainní nádúrtha más féidir, cead pleanála agus bóithre maithe do mhuintir na mbailte fearainn in iarthar Chonamara idir Ghaeltacht agus Ghalltacht.

Mura dtarlóidh sin, sé fearacht Fhínse é sa deireadh agus tithe saoire ag éirí níos fairsinge lá in ndiaidh lae.

Fág freagra ar 'Oileán an Cheoil – an baol ann go mbánófar iarthar Chonamara ar an gcaoi chéanna'

  • Brian Ó Carra

    Ní bheidh fágtha ach na faoileáin

  • Ciarán

    Todhchaí na Tuaithe, BÁNÚ.