Oifigigh óige le fostú mar chuid den chóras pleanála teanga sa Ghaeltacht

Tuigtear do Tuairisc go bhfuil Roinn na Gaeltachta le maoiniú a chur ar fáil an bhliain seo chugainn le córas nua seirbhísí don óige a bhunú sa Ghaeltacht

Oifigigh óige le fostú mar chuid den chóras pleanála teanga sa Ghaeltacht

Cuirfear tús an bhliain seo chugainn le fostú oifigigh óige sa Ghaeltacht mar chuid den phróiseas pleanála teanga.

Tuigtear do Tuairisc go bhfuil sé i gceist ag Roinn na Gaeltachta cuid den €3 milliún a cuireadh ar leataobh don phleanáil teanga i mBuiséad 2026 a chaitheamh ar chóras nua seirbhísí don óige a bhunú sa Ghaeltacht.

Mar chuid de bhunú an chórais nua sin ceapfar oifigigh óige Gaeltachta lánaimseartha a bheidh ag obair in éineacht le hoifigigh pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Cuirfear tús leis an gcóras nua agus le fostú na n-oifigeach Gaeltachta i nGaeltacht Chonamara an bhliain seo chugainn.

Tá an córas seirbhísí óige nua le bunú in éineacht leis an eagraíocht Muintearas i gConamara ach tá sé i gceist é a leathnú amach go dtí na ceantair Ghaeltacha eile de réir a chéile.

Tá caint le fada faoin easpa seirbhísí i nGaeilge do dhaoine óga sna déaga sa Ghaeltacht agus táthar ag súil go rachaidh an córas nua i ngleic leis an easpa sin.

Tuigtear go bhfuiltear ag súil leis an gcóras nua a fhorbairt de réir mhúnla na heagraíochta Tuismitheoirí na Gaeltachta – tosú amach le maoiniú agus seirbhísí teoranta ach tógáil orthu de réir a chéile.

Fág freagra ar 'Oifigigh óige le fostú mar chuid den chóras pleanála teanga sa Ghaeltacht'