Ócáid tiomsaithe airgid i Nua-Eabhrac d’atógáil Theach Pobail Ghaoth Dobhair

Ó loisceadh Teach Pobail Mhuire i nGaoth Dobhair tá thart ar €380,000 ar an iomlán bailithe chun é a atógáil agus dul chun cinn déanta maidir le ceist an árachais freisin

Ócáid tiomsaithe airgid i Nua-Eabhrac d’atógáil Theach Pobail Ghaoth Dobhair

Beidh ócáid tiomsaithe airgid ar siúl i gcathair Nua-Eabhrac an deireadh seachtaine seo le hairgead a bhailiú d’atógáil Theach Pobail Mhuire i nGaoth Dobhair.

Tá an ócáid á heagrú ag Cumann Dhún na nGall Nua-Eabhrac agus beidh sé ar siúl sa teach ósta The Tailor Public House ar Eighth Avenue in Manhattan. Beidh an ceoltóir Derek Dempsey, as Cromghlinn i mBaile Átha Cliath ó dhúchas; Chris Byrne, ag a bhfuil an banna ceoil ‘The Lost Tribe of Donegal’; agus ceoltóirí eile atá lonnaithe i Nua-Eabhrac, ar an ardán Dé Sathairn an 22 Meitheamh.

Beidh an damhsóir Niall O’Leary, as Baile Átha Cliath ach atá lonnaithe i Nua-Eabhrac le fada an lá, agus a chomplacht damhsóirí ansin freisin le taispeántas damhsa Gaelach a dhéanamh.

Tá na mílte euro bailithe ag feachtais agus ócáidí éagsúla d’atógáil an tséipéil ó loisceadh é maidin Luan Cásca. Tá os cionn €140,000 bailithe anois ar an bpríomhleathanach tiomsaithe airgid ar GoFundMe ach tá na mílte eile faighte trí ócáidí eile a reáchtáladh le cúpla mí anuas – ceolchoirm mhór de chuid Daniel O’Donnell, Clannad, agus Altan ina measc.

Dúirt sagart paróiste Ghaoth Dobhair, an tAthair Brian Ó Fearraigh, le Tuairisc go bhfuil thart ar €380,000 ar an iomlán bailithe anois agus go bhfuil rudaí ag bogadh ar aghaidh leis an gcomhlacht árachais freisin. Tá súil ag an Athair Ó Fearraigh cruinniú poiblí a reáchtáil sa pharóiste sna seachtainí amach romhainn le go mbeadh an deis ag an bpobal a dtuairimí agus a smaointe a chur in iúl faoin séipéal nua atá le tógáil.

“Tá muid ag ullmhú litreacha le seoladh chuig ailtirí a bhfuil saineolas acu agus cuireadh a thabhairt dóibh léiriú spéise a chur isteach leis an teach pobail úr a dhearadh. Tá daoine ann a bhfuil an-eolas acu maidir le séipéil agus ardeaglaisí a thógáil agus déanfaidh muid gearrliosta agus cuirfidh muid agallamh orthu.

“Beidh cruinniú poiblí ann do mhuintir an pharóiste nuair a bheidh an t-ailtire roghnaithe againn. Tá sé tábhachtach éisteacht le guth an phobail agus go mbeidh lorg an phobail le feiceáil ar an teach pobail úr – is é a dteachsan a bheidh ann,” a dúirt Ó Fearraigh.

Dúirt sé go bhfuil go leor rudaí le cur sa mheá agus an séipéal nua á dhearadh agus go mbeidh sé tábhachtach freastal ar “riachtanais chreidimh agus liotúirge” an pharóiste.

“Caithfidh muid a fháil amach caidé na riachtanais maidir le cúrsaí creidimh agus liotúirge sa pharóiste. Ar chóir go mbeadh sórt ionad ann mar chuid den teach pobail úr a d’fhéadfaí a úsáid do chúrsaí, cruinnithe, agus ócáidí eile creidimh? Ar chóir seomraí ar leith a bheith ann agus spás do theaghlaigh? Cuirfear smaointe an phobail san áireamh,” a dúirt an sagart le Tuairisc.

Ghabh sé buíochas mór le lucht tacaíochta an pharóiste i Nua-Eabhrac a bheidh ag cruinniú le chéile an deireadh seachtaine seo le tuilleadh airgid a bhailiú don atógáil.

“Cé go bhfuil a gcosa i Nua-Eabhrac, tá a gcroí agus a n-anam i nGaoth Dobhair. Seo muintir Ghaoth Dobhair, agus ár gcairde as bailte eile, nach bhfuil dearmad déanta acu ar an bhaile agus ar a gcuid rútaí. Is léiriú é ar an meas atá acu ar an bhaile agus ar an cheangal atá acu leis an áit i dtólamh. Tá muid iontach buíoch daofa ar fad as an ócáid seo a eagrú,” a dúirt sé.

Cuirfear tús leis an gceol in The Tailor Public House ar Eighth Avenue ag a trí a chlog tráthnóna Dé Sathairn. Ní bheidh costas ar an doras ach iarrtar ar lucht freastail na hócáide síntiús $25 (€22) nó níos mó a thabhairt agus beidh crannchur ann ar an lá freisin.

Dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh i mí na Bealtaine go raibh dóchas aige go mbeadh séipéal nua sna Doirí Beaga taobh istigh de chúig bliana.

Loisceadh an séipéal go moch maidin Luan Cásca. Thug an Garda Síochána le fios nach le teann mailíse a adhnadh an tine sa séipéal ach níl aon eolas eile curtha fáil acu ó shin. Beidh tuarascáil le réiteach nuair a bheidh an t-imscrúdú atá ar bun curtha i gcrích.

Fág freagra ar 'Ócáid tiomsaithe airgid i Nua-Eabhrac d’atógáil Theach Pobail Ghaoth Dobhair'