Obair thábhachtach uasal le déanamh ag Tionól Saoránach faoi cheist na ndrugaí

Más mall is mithid – tá tionól saoránach tábhachtach i mbun oibre faoi dheireadh

Obair thábhachtach uasal le déanamh ag Tionól Saoránach faoi cheist na ndrugaí

Gheall páirtithe an chomhrialtais sa chlár oibre a d’fhoilsigh siad in 2020 go mbunófaí tionól saoránach chun drugaí a phlé.

Thóg sé breis agus dhá bhliain go leith orthu é a eagrú. Go deimhin sular bunaíodh an Tionól ar Úsáid Drugaí i mbliana bhí aire stáit nua – Hildegarde Naughton in ionad Frank Feighan – ceaptha chun dul i gceannas ar pholasaí an rialtais ar dhrugaí.

Tháinig na comhaltaí – 99 saoránach, a roghnaíodh ar bhonn ionadaíoch – le chéile an chéad uair coicís ó shin. Meastar go mbeidh siad ag cur is ag cúiteamh ar feadh sé mhí sula n-eiseoidh an Tionól tuairisc faoi dheireadh na bliana.

Pléifidh coiste Oireachtais moltaí an Tionóil an bhliain seo chugainn. Is ina dhiaidh sin a chuirfear iad faoi bhráid an rialtais. Is ar éigean mar sin a chuirfear polasaí nó athrú polasaí a mholfaidh an Tionól i bhfeidhm roimh an olltoghchán a chaithfear a ghairm faoi mhí Feabhra 2025 ar a dheireanaí.

In ainneoin an rialtas a bheith ag tarraingt na gcos agus in ainneoin ghiorracht na tréimhse idir eisiúint mholtaí an tionóil agus dáta an olltoghcháin, ní cóir beag is fiú a dhéanamh de thábhacht an Tionóil ná den tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint as. Ar an gcéad dul síos toisc go bhfuil Teachtaí Dála ar chaon taobh den Dáil tagtha ar chomhthuiscint anois faoi chur chuige reatha an stáit i leith l drugaí mídhleathacha.

Glacann móramh i dTeach Laighean leis anois nachag dul i laghad ach i dtreise atá an dochar atá á dhéanamh úsáid drugaí mídhleathacha. Cuireann an dochar as do gach áit agus do gach aicme shóisialta sa tír.

Ní hionann dochar a admháil ar ndóigh agus comhthuiscint shoiléir faoin athrú polasaí atá riachtanach. Is léir cheana féin, áfach, athrú suntasach meoin.

Is é Micheál Martin an polaiteoir is sinsearaí go dtí seo a mhol athrú bunúsach ar an bpolasaí reatha. Mhol sé díchoiriú i gcás úsáid drugaí le gairid mar a rinne ionadaithe ó pháirtithe eile roimhe – ina measc David Cullinane ó Shinn Féin agus Aodhán Ó Ríordáin ó Pháirtí an Lucht Oibre. Tá cur chuige na nGardaí ag dul sa treo céanna de réir a chéile.

Ní foláir an difríocht idir díchoiriú drugaí agus dleathú nó dlisteanú a shoiléiriú sula bpléitear ceachtar mórathrú – mar a rinneadh i bhfíseán a taispeánadh ag an gcéad seisiún den Tionól.

Is ionann díchoiriú agus polasaí faoina mbeadh lánrogha ag na Gardaí gan daoine a mbeadh drugaí mídhleathacha ina seilbh acu i gcomhair úsáid phearsanta a chúiseamh. Dá dtabharfaí a gcás chun cúirte, ní cion coiriúil a chuirfí ina leith ach cion a bheadh ar aon chéim le cion páirceála.

Chiallódh dleathú (nó dlisteanú) go mbeadh úsáid agus seilbh ar dhrugaí, nó drugaí áirithe, lándleathach.

D’fhéadfaí an dá pholasaí a chur i bhfeidhm i gcás gach druga nó i gcás druga amháin (cannabas mar shampla) nó raon teoranta drugaí.

Fearacht gach tionól eile go dtí seo ní ar athrú polasaithe ach ar chruinniú eolais ó shaineolaithe atá an bhéim á cur ag luathchruinnithe an Tionóil nua.

Rinne coimisinéir cúnta an Gharda Síochána Justin Kelly agus ionadaithe ón Roinn Dlí agus Cirt, ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ó fhorais Eorpacha éagsúla cur síos ag an gcéad chruinniú ar shonraí agus ar éifeacht na bpolasaithe atá i bhfeidhm abhus agus i gcéin.

Thug taighdeoirí ón mBord Taighde Sláinte mioneolas faoi shuirbhéireacht a léirigh gur úsáid naoi faoin gcéad san aoisghrúpa 16-65 (thart ar 287,000 duine) druga in 2019. Léirigh comparáid idirnáisiúnta go raibh úsáid cannabais in Éirinn gar don mheán Eorpach. D’fhág an céatadán a thóg cócaon (2.3%) áfach an stát sa cheathrú háit agus ní raibh an céatadán a thóg eacstais (2.7%) níos airde in aon tír eile san AE ach amháin san Ísiltír.

Dúirt Siobhán McArdle, rúnaí cúnta sa Roinn Sláinte leis an Tionól go meastar gurb €650 milliún costas an dochair shóisialta a bhaineann le húsáid drugaí má chuirtear san áireamh caiteachas ar ospidéil, ar an gcóras dlí coiriúil agus ar phríosúin, chomh maith le cailliúint táirgiúlachta.

D’éist comhaltaí an Tionóil freisin le daoine ag a bhfuil tuiscint phearsanta a shaothraigh siad go maith ar an dochar a dhéanann drugaí dainséaracha. Ina measc an t-iarpheileadóir Philly McMahon ó Bhaile Átha Cliath, ar cailleadh a dheartháir John nuair a bhí sé 31 bliain d’aois de dheasca andúil fhada sa hearóin.

Mhol McMahon, atá i bhfabhar díchoiriú drugaí (féach thuas), do chomhaltaí an Tionóil smaoineamh ar na daoine atá i gcré na cille ar fud na tíre mar gheall ar dhrugaí. Ní bhainfeadh na mairbh aon tairbhe as athrú polasaí, a dúirt sé, ach bhí deis acu beatha a shábháil amach anseo.

Ní beag é mar dhúshlán. Is fiú mar sin tagairt d’údar misnigh.

Ba léir ó bheith ag éisteacht ar líne leis an bplé ag an gcéad chruinniú den Tionól spéis, dea-thoil agus dúthracht na saoránach a bhí i láthair. Gach rath ar a saothar deonach uasal.

Fág freagra ar 'Obair thábhachtach uasal le déanamh ag Tionól Saoránach faoi cheist na ndrugaí'

  • Brenda Ni Shuilleabhain

    Má dleathaítear druganna, cá mbeidh siad le fáil? Cé stiúróidh láithreacha díolacháin? Cá gceannófar na drugaí? An mbeidh monarchain héaróin, abair, sa tír seo? Cé riarfaidh é sin? Cá gceannófar an t-amhábhar? Ó choirpigh idirnáisiúnta?
    Nílim in aon chor in aghaidh na dleathachta. Aithním na fadhbanna leis an bpolasaí reatha. Ach aithním fadhbanna móra le dleathú.
    Guím rath ar a bhfuil ag obair air.