Obair le déanamh ag Tiobraid Árann agus Port Láirge chun Gaillimh agus Corcaigh a stopadh

Chas Gaillimh agus Corcaigh ar a chéile i gcluiche ceannais na sraithe níos luaithe i mbliana agus an dá fhoireann anois ag iarraidh casadh ar a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann

Obair le déanamh ag Tiobraid Árann agus Port Láirge chun Gaillimh agus Corcaigh a stopadh

Lorraine Bray (Port Láirge), Saoirse McCarthy (Corcaigh), Mairead Eviston (Tiobraid Árann) agus Carrie Dolan (Gaillimh). Pic: INPHO/Ryan Byrne

Dé Sathairn, 26 Iúil 

Craobh Shinsir Camógaíochta na hÉireann – Babhtaí Leathcheannais 

Gaillimh v Tiobraid Árann – Páirc Uí Nualláin, 15:00 (Beo ar RTÉ) 

Corcaigh v Port Láirge – Páirc Uí Nualláin, 17:00 (Beo ar RTÉ)

Sé lá tar éis d’fhir an chontae Corn Mhic Cárthaigh a thabhairt leo, tá mná Thiobraid Árann ag iarraidh a slí a dhéanamh chuig cluiche ceannais na hÉireann sa gcraobh chamógaíochta. 

Tá beagnach 20 bliain ann ó bhí na Tiobraid Árannaigh sa gcluiche ceannais go deireanach in 2006 agus má táthar chun an lá mór a bhaint amach, caithfear ar dtús an ceann is fearr a fháil ar dhream a bhfuil aithne mhaith acu orthu. 

Tá buaite ag Gaillimh ar Thiobraid Arann trí huaire sna babhtaí leathcheannais le cúig bliana anuas – 2020, 2021 agus 2024 – agus tá foireann Cathal Murray mar rogha na coitiantachta chun an cluiche ceannais a bhaint amach arís. 

Chríochnaigh na Gaillimhigh go láidir in aghaidh Phort Láirge sa gcluiche deireanach a bhí acu i mbabhtaí na ngrúpaí agus Carrie Dolan agus Niamh Mallon ag imirt ar fheabhas i gcaitheamh na craoibhe. 

Is í Dolan a d’aimsigh an scór cinniúnach sa gcluiche leathcheannais anuraidh nuair a d’aimsigh na Gaillimhigh na trí phointe deireanach chun teacht aniar ar Thiobraid Árann.  

Beidh súil ag Denis Kelly go bhfuil a chuid imreoirí tar éis foghlaim ón gcliseadh sin agus fonn díoltais orthu agus ábhar spreagtha freisin an díograis a léirigh Tiobraid Árann sna babhtaí ceathrú ceannais i mbliana nuair a d’éirigh leo teacht slán ó ghéarchoimhlint in aghaidh Chill Chainnigh. Bhí am breise ag teastáil chun na foirne a scaradh agus Clodagh McIntyre a d’aimsigh an cúl a d’fhág gurb iad na Tiobraid Árannaigh a bheadh anseo i bPáirc Uí Nualláin do na cluichí leathcheannais. 

Niamh Rockett (Port Láirge) agus Meabh Cahalane (Corcaigh) i gcluiche ceannais na hÉireann 2023. Pic: INPHO/Laszlo Geczo

Curaidh na hÉireann, Corcaigh, agus Port Láirge a bheidh sa gcluiche leathcheannais eile tráthnóna, foirne a chas ar a chéile sa gcluiche ceannais cúpla bliain ó shin. Corcaigh a bhuaigh an lá sin agus meastar gurb é an toradh céanna a bheidh ann inniu. 

Is in aghaidh chontae an Chláir a bhí Port Láirge sna babhtaí ceathrú ceannais agus cé gur thóg sé tamaillín ar na Déisigh, chuir siad a gcéilí comhraic de dhroim seoil faoi dheireadh. Imreoirí den scoth iad Beth Carton agus Niamh Rockett agus beidh ar an mbeirt a bheith i mbarr a maitheasa más leo chun teacht aniar aduaidh ar Chorcaigh inniu. 

Bhuaigh Corcaigh an tsraith níos luaithe sa mbliain agus iad imithe ó neart go neart ó shin agus iad críochnaithe ar bharr Ghrúpa 1 na craoibhe go réidh. Tá leithéidí Ashling Thompson, na Mackleys agus Libby Coppinger i lár an aonaigh go fóill do Chorcaigh agus an taithí acu chun cluiche ceannais eile, an naoú ceann ag Corcaigh ó 2015 má éiríonn leo, a bhaint amach. 

Fág freagra ar 'Obair le déanamh ag Tiobraid Árann agus Port Láirge chun Gaillimh agus Corcaigh a stopadh'