Ó ‘Ifreann’ Cheann Sibéal go dtí ‘Amen Corner’ Augusta…

Tá urraim bainte amach ag áiteacha ina measc siúd a ghreadann agus a leanann liathróid bheag an ghailf

Ó ‘Ifreann’ Cheann Sibéal go dtí ‘Amen Corner’ Augusta…

Bíonn a rogha féin ag chuile dhuine maidir leis na rudaí is ansa leo. Seacht nIontas an Domhain ag an té atá siúlach. An Copacabana agus Waikiki acu siúd a dhéanann bolg le gréin. Everest nó Kilimanjaro ag dreapadóirí. Wembley, an Camp Nou agus an Bombonera ag lucht sacair. An Boston Garden ag lucht cispheile. Wrigley Field agus Fenway Park don daorchluiche nó an baseball agus mar sin de.

Tá urraim bainte amach ag áiteacha freisin ina measc siúd a ghreadann agus a leanann liathróid bheag an ghailf. De bharr a gcinn, ainmneoidh a mbunáite scór de na cúrsaí is cáiliúla ar fud na cruinne. Ní hamháin go mbeidh cuid mhaith acu sin in ann a rá leat gur Rae’s Creek atá mar ainm ar an sruthán a shníonn a bhealach trí chúrsa an Augusta National. Inseoidh siad freisin duit go bhfuil sé ar chúl, le hais agus le taobh an 11ú, 12ú agus 13ú – na poill ar a dtugtar ‘Amen Corner’. 

Ceistigh galfaire faoin srutháinín taoide darbh ainm an Swilcan Burn agus meabhróidh sé duit gurb é siúd an chontúirt is mó atá romhat ar sheanchúrsa St. Andrews.  

Siad an ‘Klondike’ agus an ‘Dell’ an dá pholl is iomráití i Leacht Uí Chonchubhair – gan ach 145 slat (132m) idir an tí agus an poll sa dara ceann acu, ach gan feiceáil dá laghad ag na galfairí ar an bplásóg agus iad faoi réir leis an truicear a tharraingt.

Níl aon chall a mhíniú cé as ar baisteadh an ‘Postage Stamp’ (112sl/91m) ar chúrsa Troon in Albain, ná ‘Calamity Corner’ i bPort Rois. Ná go deimhin an 10ú ceann i Pine Valley New Jersey a bhfuil ‘The Devis’s A-Hole’ baiste air mar go bhfuil poll gainimh atá ar airde an duine díreach os a chomhair, díreach os comhair na plásóige. 

Thug muintir Cheann Sibéal an téama sin leo ar bhealach níos dea-bhéasaí nuair a bhaist siadsan ‘Ifreann’ ar an 9ú poll ar an gcúrsa álainn atá acu ar an mBaile Uachtarach gar do Bhaile an Fheirtéaraigh. 

Bhainfeadh siad siúd a bhfuil an drochintinn acu a míniú féin as ‘Magairlín’, an 7ú poll sa gCarn i mBéal an Mhuirthead. Beidh a fhios agaibhse ar suim libh bláthanna gur é an magairlín meidhreach an ceann a dtugtar an ‘purple orchid’ air.

Tá cúrsa beag gailf darb ainm Cumann Oileáin Chonamara in Eanach Mheáin – feicfidh tú uait ó thuaidh é agus tú ag tabhairt aghaidh siar thar Dhroichead an Daingin. Naoi bpoll atá ann, trí cinn acu ar oileáinín agus Cuan an Fhir Mhóir ar chaon taobh dó.

‘Seoid’ an focal is minice a fheicfidh tú luaite leis acu siúd a thugann cuairt ann agus ní bréag sin.

Tá sé ar cheann de na clubanna is lú in Éirinn, beagán faoi bhun 100 ball agus áirítear gur beagán faoi bhun dhá scór a imríonn na comórtais deireadh seachtaine ann.

Fós le cúpla bliain, tá foirne gailf as Cumann Oileáin Chonamara ag tabhairt bratacha abhaile leo go rialta as Craobhacha Chonnacht agus le gairid san iomaíocht i gCraobhacha na hÉireann.

Faoi cheann cúpla seachtain tabharfaidh siad aghaidh ar dhá chraobh ag an leibhéal sin a imreofar i dTeach Fhearnáin i gContae an Chabháin – Comórtas Fred Perry (galfairí os cionn 55) agus Comórtas Ceithre Liathróid nó Ceathróidí, an imirt is coitianta sa ngalf ina mbíonn beirt i bpáirt.

Bíonn 5 agus 10 n-oiread galfairí i gcuid de na cumainn a bhíonn i gcomórtas leis na hOileáin. Cén t-údar mar sin a bhfuil ag éirí chomh maith sin leo? A gcumas imeartha thar rud ar bith eile ar ndóigh. Ach tá aon chúinse mór amháin eile le cur san áireamh – ceann a chuir barr feabhais ar an gcumas imeartha sin agus a bhfuil a cháil á scaipeadh acu siúd a bhuail buille riamh in Eanach Mheáin.

 ‘Garraí Dudley’ atá mar ainm air.

Síneann an giodán talún seo fad an ochtú poll, ón mbóthar isteach soir go cladach. Go deimhin ní cuid de Chúrsa Oileáin Chonamara é beag ná mór agus bíonn an buille a chríochnaíonn ann thar teorainn amach – pionós le gearradh ar an té a bhuaileann.

Leis na blianta tá fáilte curtha ag an scrobarnach, ag an aiteann agus ag an bhfraoch a fhásann i nGarraí Dudley roimh na mílte liathróid. An chuid nach neadaíonn isteach fúthu siúd, slogann an bogach iad. Go deimhin dá mbeadh ar a gcumas rútaí a fhás bheadh Garraí Dudley faoi Titleists, Srixons, Wilsons agus Ultras faoi mar a bhíonn páirceanna na hÍsiltíre faoi thiúilipí.

Tá oiread liathróidí slogtha ag an ngarraí agus imithe go tóin poill sa sáile gur beag cúrsa eile sa tír ina bhfaighidh tú galfairí a mbíonn a gcuid buillí chomh díreach agus a bhíonn in Eanach Mhéain. 

Fuair galfairí as Mala Raithní, Baile Átha an Rí, An Chreig Mhór agus Port Omna léargas air sin níos túisce an samhradh seo nuair a bhuaigh na hOileáin orthu i gComórtas Fred Perry. Sa gcomórtas ceathróidí bhuaigh siad ar Áth Luain i mbabhta ceannais a bhí idir dhá cheann na meá go deireadh. Agus seo á scríobh agam tá siad ar cheithre fhoireann atá fós san iomaíocht i gComórtas Jack O’Sullivan – ceann a raibh 32 foireann i gConnachta san iomaíocht air.

I dtús an tséasúir bhuaigh siad craobh speisialta a bhíonn ar siúl do chúrsaí 9 bpoll sa gcúige sin. 

Anois faoi cheann coicíse beifear ag súil dhá bhrat náisiúnta a thabhairt isteach faoin mbunsop ar an gclubtheach álainn atá acu in Eanach Mheáin.

Má tharlaíonn sin dhéanfadh siad beart níos measa ná cúpla mála 10. 10. 20. a chroitheadh ar Gharraí Dudley mar chomhartha buíochais!

Fág freagra ar 'Ó ‘Ifreann’ Cheann Sibéal go dtí ‘Amen Corner’ Augusta…'

  • Peadar

    An-phíosa agus é fíor.
    Ba cheart go gcuirfeadh gach galfaire eolas ar gharraí Dudley.

  • Liam Ó Maolaodha

    An phíosa ag Mártan, bail ó Dhia air. Níor shíl mé riamh go bhfeicfinn Amen Corner agus Garraí Dudley in aon alt amháin.
    Cluichí Ceathrú ceannais na hÉireann:
    Ceathróidí – Oileáin Chonamara v Áth Fhirdia, Co. Lú, Dé Sathairn 3 Meán Fómhair ag 2.30pm
    Trófaí Fred Perry- Oileáin Chonamara v An Grianfort, Co. Lú, Dé Domhnaigh, 4 Meán Fómhair ag 10.30am