Ó Dhúchas… Tugtar Ceann Léime ar an áit sin riamh ó shin

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo tugtar eolas faoin dinnseanchas in iarthar an Chláir

Ó Dhúchas… Tugtar Ceann Léime ar an áit sin riamh ó shin

Diarmuid Ua Duibhne agus Ceann Léime

Ar an dtaobh thuaidh den teach solais i gCill Bheathach tá oileán suas le céad slat amach sa bhfarraige. Tá an t-oileán san timpeall dhá chéad slat ar fhaid agus suas le deich slat ar leithead. Deirtear gur léim Diarmuid Ó Duibhne amach ar an charraig san uair amháin agus gurbh as san a tháinig an t-ainm Ceann Léime agus seo mar leanas an scéal a ghabhann leis.

Fear breá dathúil ab ea Diarmuid Ua Duibhne go mbíodh na mná go léir ag titim i ngrá leis. Deirtear go raibh ball seirce aige agus gurbh é sin an fáth go dtitidís i ngrá leis.

Tharla uair amháin go dtáinig seanbhean ón nGréig go hÉirinn. Thit sí i ngrá le Diarmuid. Theith Diarmuid uaithi agus rith sé trasna na hÉireann go dtáinig sé go bruach na Farraige Móire in iarthar an Chláir. Nuair a d’fhéach sé timpeall air chonaic sé chuige an chailleach. Do léim Diarmuid ar charraig a bhí tamall maith amach sa bhfarraige. Léim an tseanbhean ina dhiaidh. Chas Diarmuid agus do léim sé thar n-ais. Nuair a dhein an chailleach iarracht léimt thar n-ais bhuail sí a ceann i gcoinne na faille agus thit sí isteach sa bhfarraige.

Tugtar Ceann Léime ar an áit sin riamh ó shin.

Nuair a thit an tseanbhean isteach sa bhfarraige baineadh an ceann di. Seoladh an ceann ar dhromchla na farraige gur tháinig sé i dtír in aice le hInis Díomáin. Tugtar Ceann Caillí ar an áit sin riamh ó shin.

In aice le Ceann Léime tá log sa talamh ar a dtugtar Leaba Dhiarmuda.

– Seán Ó Héadtromóin, múinteoir i Scoil na Croise, i gCill Chaoi i gContae an Chláir a fuair an dinnseanchas seo óna athair

Fág freagra ar 'Ó Dhúchas… Tugtar Ceann Léime ar an áit sin riamh ó shin'