Ó DHÚCHAS: Lá Fhéile Pádraig, lá mór do na Gaelaibh 

Ba bhéas le muintir an pharóiste seo bheith ag troid an lá san, is minic a thagaidís abhaile chomh dearg le fuil

Ó DHÚCHAS: Lá Fhéile Pádraig, lá mór do na Gaelaibh 

Bíonn Lá Fhéile Pádraig ar an seachtú lá déag de mhí na Márta againn.

Caitheann na daoine go léir seamróg ar an lá san in onóir do Naomh Pádraig. Lá mór do mhuintir na hÉireann is ea Lá Fhéile Pádraig. Bíonn ardspórt agus greann an domhain acu.

Bhíonn cluichí ar siúl i ngach paróiste nach mhór. Bhíodh rásanna ar siúl sa pharóiste seo fadó agus bíodh ardspórt acu.

Ba bhéas le muintir an pharóiste seo bheith ag troid lena chéile an lá san, is minic a thagaidís abhaile agus iad chomh dearg le fuil. Ní bheadh aon mheas orthu muna ndéanfaidís é sin. Seanveistí agus carbhait a bíodh orthu ag troid.

Ní bhíonn aon rud mar sin ar siúl ag na daoine sa pharóiste seo anois, agus deireann na seandaoine nach bhfuil aon mhaith iontu. Bíonn rincí ina lán áiteanna oíche lae le Pádraig. Bíonn aifreann in gach séipéal lá fhéile Pádraig. Lá mór do na Gaelaibh is ea an lá san.

Cuireann na daoine in Éirinn seamróg go dtí a muintir a bhíonn i Sasana agus caitheann síad í an lá san. Bíonn la saoire ann an lá san.

Is é Naomh Pádraig a thug an fíorchreidheamh go hÉirinn.

Máighréad Ní Cadhla, Baile Threasnáin, Na Déise a fuair an seanchas seo óna hathair Peadar 

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Lá Fhéile Pádraig, lá mór do na Gaelaibh '