Ó DHÚCHAS: Gráinne Ní Mháille – Gráinne na gCearrbhach

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Ó DHÚCHAS: Gráinne Ní Mháille – Gráinne na gCearrbhach

Pictiúr: Holding Out For A Hero/RTÉ

Mhair sí in aimsir Eilíse Shasana. Ba iníon í d’Eoghan Ó Máille dá ngartaí Dubh-Darach air. Ba ghadaí mara é de réir gach tuairisce. Bhíodh a iníon Gráinne leis i gcuid mhaith eachtraí contúirteacha. Cailleadh Eoghan agus Gráinne in aois a naoi mbliana déag. Bhí deartháir aici ab óige ná í féin ach tháinig Gráinne i gceannas a muintire gan cead a thabhairt do dhuine ar bith ceist a shárú uirthi. Deirtear go raibh cabhlach láidir aici ar an bhfarraige ó Oileán Cliara go Cuan Dhún na nGall. Ba é Caisleán Charraig an Ghabhála an dúnfort ba láidre dá raibh aici.

Ba iondúil san am sin go leor long bheith ag déanamh ar Ghaillimh ón Spáinn, luchtaithe le fíonta, togha síoda, tobac, srl. B’iomaí uair a rinne Gráinne agus a cabhlach slad orthu. Ba chuma le Gráinne céard as ar tháinig long ar bith. Dhéanadh sí creach ar cheann ar bith. Chuir sí isteach chomh mór sin ar loingeas Shasana gur thairg siad £500 lena gabháil, ach bhí sé fánach acu.

Bhí sí pósta faoi dhó. Domhnall Ó Flaitheartaigh as Conamara i dtosach. Fear mór troda a bhí ann ach mhínigh Gráinne é agus d’fhan sé mar sin go lá a bháis. Ansin phós sí duine de na Búrcaigh (Richard of the Iron). Rinneadh ‘Mac William’ de, príomhrialtóir Mhaigh Eo sa mbliain 1580. Cailleadh é i 1583.

1588 Spanish Armada: D’imigh long mhór amháin (400 fear uirthi) i dtír i ngar do Chuan Mó agus corr-áit eile. Maraíodh iad uilig agus ba iad muintir na háite a mharaigh cuid mhaith díobh. Am éigin i ndiaidh an ama sin, thug sí cuairt ar Eilís, banríon Shasana. Níor thaispeáin Eilís umhlaíocht dá laghad di. Thairg Eilís ‘teideal’ di ach d’eitigh Gráinne é ach tugadh an teideal ‘Iarla Mhaigh Eo’ dá mac, Tiobóid na Long.

Tá scéal fúithi go mb’éigean di cur isteach go Cuan Bhinn Éadair. Chuaigh sí féin agus a cuid oifigeach chomh fada le caisleán Bhinn Éadair. Bhí na doirse druidte agus muintir an tí i gcionn an dinnéir. Ní bhfuair sí ach an doicheall agus an t-eiteach. Chas sí ar ais chun na farraige agus casadh oidhre an chaisleáin di agus é ag spraoi dó féin agus ag déanamh siamsa. D’fhuadaigh Gráinne léi é. Dhiúltaigh sí an gasúr a thabhairt ar ais go ngealltaí di go bhfágfaí doirse an chaisleáin oscailte feasta am béile. Tugadh an gealladh agus leanadh den nós sa gcaisleán. Cailleadh Gráinne in Oileán Chliara agus cuireadh ann í.

Tiobóid na Long, mac Ghráinne

Rugadh é ar an bhfarraige ach thiontaigh sé a chóta chun troid ar son na banríona. Ba mhar a chéile é ag na Máilligh timpeall ar Chathair na Mart tar éis Chath Chionn tSáile. Rinneadh ‘ridire’ de Thiobóid na Long agus bhí sé ina MP le haghaidh Mhaigh Eo 1613-1627, Viscount Mhaigh Eo. Phós sé Maud, iníon le  Conchubhar i Sligeach.

Scríbhneoir:
An Br. CJ Ó hAoláin,
Cathair na Mart,
Contae Mhaigh Eo

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Gráinne Ní Mháille – Gráinne na gCearrbhach'