Ó DHÚCHAS: Bíonn an Ciarraíoch glic ón gcliabhán…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo léirítear dúinn go mbíonn an Ciarraíoch glic ón gcliabhán…

Ó DHÚCHAS: Bíonn an Ciarraíoch glic ón gcliabhán…

Máire Ní Dhuibh, seanmháthair Dhónaill Uí Chonaill

Bhí bean an-chliste ina cónaí i nGleann Chárthaigh fadó. Máire Ní Dhuibh dob’ ainm di. Glaodh an t-ainm sin uirthi mar bhí gruaig a cinn dubh. Seanmháthair Dhomhnaill Uí Chonaill dob’ ea í. Bhí feirm talún aici le díol. Chuaigh comharsa chuici chun margadh a dhéanamh léi lá amháin. Bhí garsún mic aige is chuaigh sé in éineacht leis. Bhí Máire sa bhaile rompu. Bheannaigh sí dóibh. D’iarr sí orthu suí síos. “Níl aon ghnó moille agamsa,” arsa an fear, “Is amhlaidh a tháinig anseo chun an fheirm úd do cheannach uaitse más féidir margadh a dhéanamh.” “Ó níl a leithéid d’fheirm i gCorcaigh,” arsa Máire.

“Tá cois abhann síos ann,
Agus cois abhann suas ann
Fothain an lae fhuair ann,
Agus fuar an lae the”.

“Tá sé go han-mhaith,” ar seisean. “Cad tá uait air?” “Níl ach céad is fiche,” ar sise. “Bíodh sé ina margadh,” ar seisean. Bhí an garsún ag éisteacht leis is gan focal á rá aige. Fé dheireadh do labhair sé agus dúirt, “An as do mheabhair a taoi? Tusa ag tabhairt céad is fiche ar an bhfeirm sin?:

Go bhfuil a cúl le gréin,
Is a haghaidh sa tsioc,
An bascadh ina lár
Is an bá ina bun.”

“Má tá,” arsa an an t-athair, “Ní theastaíonn sí uaimse.” agus amach an doras leis an mbeirt acu.

Seán Ó Dálaigh a fuair an scéal seo i 1936 ó Dhómhnall Ó Móráin ón gCaol in Uíbh Ráthach i gCiarraí.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Bíonn an Ciarraíoch glic ón gcliabhán…'