Ó Clochartaigh ainmnithe mar urlabhraí Shinn Féin don Diaspóra

Athruithe ar fhoireann Shinn Féin fógartha ag Uachtarán an pháirtí, an Teachta Dála, Gerry Adams

Trevor_Ó_Clochartaigh_2013

Tá an Seandóir ó Shinn Féin as Conamara, Trevor Ó Clochartaigh, ainmnithe mar urlabhraí Shinn Féin don Diaspóra.

Agus é ag fógairt roinnt athruithe ar fhoireann Shinn Féin san Oireachtas ar maidin, dúirt Uachtarán an pháirtí, an Teachta Dála, Gerry Adams gur ról ‘tábhachtach’ a bheadh ag an Seanadóir Ó Clochartaigh.

“Is ról fíorthábhachtach é toisc go dtugann Sinn Féin aird ar leith ar shaoránaigh Éireannacha atá thar lear, go háirithe iad siúd nach raibh an dara rogha acu ach imeacht mar gheall ar pholasaithe déine an rialtais. Is iad muintir na tuaithe agus daoine as iarthar na tíre is mó a d’fhulaing go géar de bharr na bpolasaithe seo,” a dúirt Gerry Adams.

Dúirt Uachtarán Shinn Féin go mbeadh  an Seanadóir Ó Clochartaigh, atá mar urlabhraí Gaeilge Shinn Féin chomh maith, i gceannas ar an bhfeachtas atá ar bun ag an bpáirtí ceart vótála i dtoghcháin Uachtaránachta a fháil do shaoránaigh Éireannacha thar lear.

D’fhógair Gerry Adams chomh maith go mbeadh Gaeilgeoir eile, an Teachta Dála Peadar Tóibín, mar urlabhraí sóisearach airgeadais an pháirtí.