‘Nuair a fheicim ‘Two for the Price of One’ bíonn a fhios agam gur ón tSín a tháinig an geansaí’

Ceird ar leith í an chniotáil de láimh. Ní féidir a bheith ag olltáirgeadh geansaithe den chineál a dhéanann Anne Ó Máille

‘Nuair a fheicim ‘Two for the Price of One’ bíonn a fhios agam gur ón tSín a tháinig an geansaí’

 

 

Mairéad Ní Nuadháin

‘Nuair a fheicim ‘Two for the Price of One’ bíonn a fhios agam gur ón tSín a tháinig sé.’ Bhí Anne Ó Máille ag caint liom faoin gcor is deireanaí atá tarlaithe i ngnó na ngeansaithe cniotáilte, gnó a bhí ar bun aici féin agus a fear céile Ger Ó Máille le blianta fada.

Níos túisce i mbliana, dhún Muintir Uí Mháille na doirse ar an ngnó den uair dheireanach. Casadh Anne orm ag teacht le chéile san Ollscoil i nGaillimh le deireanas agus rinne mé coinne labhairt léi, toisc go raibh mé fiosrach faoi scéal na Máilleach. Go deimhin, thugadh mé féin cuairt ar an siopa i Sráid Doiminic go minic le linn dom a bheith ag freastal ar an ollscoil. Labhraíodh uncail Ger, Stiofán Ó Máille Gaeilge liom i gcónaí.

Siopa mór feiceálach sa tsráid sin a bhí ann. Is cuimhin liom na rollaí móra éadaigh taobh amuigh agus daoine ag dul isteach is amach ann de shíor. Bhíodh foireann measartha mór ag obair ann. Triúr deartháireacha, Pádraic, Seán agus Stiofán agus a ndeirfiúr Mary a bhí ina bhun. Ba é Pádraic a bhunaigh an gnó.

‘Chuir sé tús leis an ngnó i 1938, an t-am ba mheasa i saol gnó na hÉireann – ní raibh aon airgead ag éinne,’ dúirt Anne. ‘Bhí an Cogadh Eacnamaíochta ar siúl agus an bhliain dár gcionn, bhris an Dara Cogadh Domhanda amach. Ní raibh éinne in ann taisteal – ní raibh aon turasóireacht ann.’

Ach choinnigh sé air agus dhírigh sé isteach ar na riachtanais áitiúla agus ar na scileanna a bhí ag na daoine. Chuaigh sé go Dún na nGall agus cheannaigh sé a raibh ann de bhréidín lámhdhéanta agus thug abhaile leis é.

D’fhostaigh sé táilliúir – bhí na mná thar cionn ag fuáil freisin – agus ‘tháilliúraigh’ siad a mbealach tríd an gcogadh,’ mar a dúirt Anne liom. Coinníodh na fir – na táilliúirí – agus na mná – scartha óna chéile ar fhaitíos go mbeadh an iomarca suime acu ina chéile. Bhíodh na táilliúirí thuas staighre sa siopa.

Rinneadh an-obair i rith na mblianta sin. Ba i Siopa Uí Mháille a rinneadh an seaicéad bréidín do John Wayne, don scannán The Quiet Man. John Small an t-ainm a bhí ar an táilliúir a rinne an seaicéad sin. Thug Mary Ó Máille cuairt ar Chaisleán Cheapach Coirceoige [Ashford] chun na trialacha éadaí a dhéanamh leis na haisteoirí, Maureen O’Hara ina measc.

Le linn na mblianta sin freisin a thosaigh siad ag ceannach snáth agus éadach a bhí lámhdhéanta i gConamara agus sna hoileáin.

Lá amháin casadh bean as Conamara ar Phádraic agus í ar a bealach ón margadh i nGaillimh. D’inis sí dó nár dhíol sí tada an lá uilig. Cheannaigh sé na stocaí ó na mná ar fad a bhí ar an margadh an lá sin agus ón lá sin amach bhí áit acu lena gcuid earraí lámhdhéanta a dhíol. Deir Anne go raibh an cháil ar Mhuintir Uí Mháille go rabhadar féaráilte agus gur íocadar daoine ar an bpointe.

D’oibrigh an chlann ar fad sa ghnó agus cé nach ndearna siad aon saibhreas mór bhí saol maith acu as. Sa mbliain 1997, chinn siad ar athrú ó Sr Doiminic go dtí lár na cathrach ar an tSráid Ard. ‘Bhí go leor cúiseanna leis an athrú, ‘ a deir Anne. ‘D’éirigh Sr Doiminic an-chiúin agus tháinig deireadh leis an turasóireacht. Bhí níos mó ná lag trá eacnamaíochta amháin ann,’ a dúirt sí. ‘Ní bheadh sé sin soiléir do gach éinne. Bhí muidne go hiomlán ag brath ar an turasóireacht.’

Rinne an gnó go maith san ionad nua. Ach ansin tháinig ré na Síneach. Go dtí sin bhíodh Muintir Uí Mháille ag brath ar dhéantóirí Éireannacha, ar chniotálaithe láimhe, agus ar chustaiméirí a thuig cad a bhí á cheannach acu.

Bhí Anne Ó Máille go hiomlán gafa leis an ngnó ón lá a phós sí Ger. Ón uair a sheas sí sa siopa, luigh sí isteach ar chuile ghné den obair. Bhí caidreamh speisialta aici leis na cniotálaithe láimhe i Maigh Eo agus i nGaillimh agus sna hoileáin.

Ba léir gur bhris sé a croí nuair a chonaic sí siopaí ‘Geansaithe Árannacha’ ag oscailt agus gan iontu ach earraí a bhí ‘olltáirgthe’ agus na custaiméirí ag creidiúint go rabhadar lámhdhéanta. Ní hé go bhfuil aon locht aici ar obair mheaisín – tá an-mheas aici ar ghnó ‘Ireland’s Eye’ i mBaile Átha Cliath a bhfuilmeaisíní nua-aimseartha acu, agus dearthóirí fostaithe acu le táirge den scoth a dhéanamh.

‘Ach feicim rudaí eile -tá siad éadrom, níl aon tsubstaint iontu, tá siad ‘tanaí,’ níl aon dabht ach go ndearnadh sa tSín iad.’

Cé go bhfuil an siopa dúnta, tá Anne i mbun gnó i gcónaí. Coinníonn sí roinnt cniotálaithe gnóthach, go háirithe i gceantar Bhéal a’ Mhuirthead, agus díolann sí na hearraí ar líne.

Is cúis díomá di, nach mian le hiníonacha na gcniotálaithe, an cheird a fhoghlaim. Fiú mar scil dóibh féin – níl suim acu ann.

Ach tá suim ag daoine eile – daoine go mb’fhéidir nach mbeadh duine ag súil leis – sa cheird. Tá ceangal ag Anne le dream a dtugtar ‘Irish Knitting Tours’ orthu agus tugann sí ranganna dóibh nuair a thagann siad ar cuairt go Gaillimh. Casadh dream díobh sin orm féin uair amháin nuair a bhí mé i nGaillimh agus bhíodar ag réiteach le dul ar thuras go hInis Mór. Sasanaigh a bhí iontu sin.

‘Ó sea,’ a deir Anne. ‘Ní chreidfeá cé as a dtagann siad. Meiriceánaigh cuid mhaith díobh ar ndóigh, ach tháinig daoine ón Astráil, ó Cheanada, ón Cholóim i Meiriceá Theas, fiú.’ Dar léi bíonn bunscileana den scoth ag na Meiriceánaigh ach go háirithe agus cuirean siad an-dúil sna greamanna casta Árannacha.

Ceird ar leith í an chniotáil de láimh. Ní féidir a bheith ag olltáirgeadh geansaithe den chineál sin. Ar bhealach, is saothair ealaíne a bhíonn iontu. Tháinig an phearsa teilifíse Julia Bradbury isteach chuici nuair a bhí an siopa fós ann agus cheannaigh sí geansaí a rinneadh in Inis Meáin.

‘D’imigh sí amach an doras agus an geansaí á chaitheamh aici,’ arsa Anne. Ach ansin theastaigh a mhacasamhail ó dhaoine ar fud an domhain. Ach mo léan, níorbh fhéidir iad a shásamh.

Idir Aibreán agus Deireadh Fómhair a thagann Irish Knitting Tours go dtí an tír seo. Tá Anne anois ag féachaint le tuilleadh léachtaí agus ceachtanna cniotála a chur ar fáil dóibh – beidh múinteoir maith acu agus scéalta lena chois. Go hiondúil tugann siad cuairt ar Inis Oírr, agus is ansin a bheas siad in ann cuid d’earraí Shiopa Uí Mháille a fheiceáil – tháinig Úna McDonagh ón oileán sin chucu nuair a bhíodar ag dúnadh na ndoirse agus thugadar stuif di a bhailigh siad leis na blianta.

Agus mura bhfuil seaicéad John Wayne ann, bí cinnte go bhfuil go leor eile ab fhiú a fheiceáil. Agus ní bheidh tada ón tSín le feiceáil.

Fág freagra ar '‘Nuair a fheicim ‘Two for the Price of One’ bíonn a fhios agam gur ón tSín a tháinig an geansaí’'