Nod mar gheall ar an gclár rialtais – ní cur le chéile go cothrom na Féinne

Tá an fhearg atá ar dhaoine óga maidir le heaspa cothromaíochta chomh forleathan sin go bhfuil sé ag cur as do mhórán chuile dhuine

Nod mar gheall ar an gclár rialtais – ní cur le chéile go cothrom na Féinne

Cé a cheapfadh é fiú lá chomhaireamh na vótaí i dtoghchán 2020 go mbeifí ag caint ar chomhrialtas de chuid na heite clé, bíodh is go bhfuil deacracht bhunúsach uimhríochta ag baint leis sin?

I bhfianaise an tsúnámaí pholaitíochta, cuireann anailís iarchomhairimh na bpáirtithe móra agus go leor daoine sna meáin náisiúnta i gcuimhne an méid a dúirt Dick Tuck, polaiteoir Meiriceánach bocht nár éirigh leis i dtoghchán Seanaid tráth, ‘The people have spoken…the bastards’.

Cheapfá gurb é an rud céanna atá á rá ag a lán in Éirinn faoi láthair.

Tá vóta na n-óg le moladh an lá a ndéanann siad an rud a fheileann (reifreann cearta pósta) agus le cáineadh nuair nach ndéanann (toghchán 2020).

Ní raibh an córas giolcaireachta i bhfad ag meabhrú don Teachta Dála Michael Lowry gur airsean atá an díth cuimhne agus é ag trácht ar an dochar a rinne Sinn Féin don tír seo.

“Breathnaigh ar an dochar a rinne tú féin, a rógaire,” an freagra coitianta a tháinig ar ais chuige.

Níl amhras ar bith ann, cibé páirtí/páirtithe a thiocfaidh i gcumhacht in 2020 go rachaidh an teachtaireacht a cuireadh in iúl ag na bothanna vótála i bhfeidhm orthu.

Ach cé acu teachtaireacht ba láidre i measc an phobail? Sláinte agus tithíocht agus fite fuaite sa dá rud sin an  phleanáil náisiúnta spásúlachta, nó i bhfocail eile an t-infreastruchtúr iompair atá ag dul in olcas.

Tá an fhearg atá ar dhaoine óga maidir le heaspa cothromaíochta chomh forleathan sin go bhfuil sé ag cur as do mhórán chuile dhuine. Cé gur minic tuismitheoirí na tíre féin a bheith ag déanamh go maith, tá an buaireamh céanna orthu faoi dhaoine óga nach bhfuil seans acu an baile a fhágáil nó dul chun cinn a dhéanamh fad is atá siad iad ag íoc morgáiste do dhuine éicint eile. Sin an fáth go bhfuil an tithíocht i gcroílár na cainte maidir le cúrsaí cothrom na Féinne.

Ach an raibh údar níos bunúsaí ag go leor daoine lena gcúl a thabhairt le FF/FG?

Baineann go leor de na fadhbanna maidir le seirbhísí agus tithíocht leis an easpa cothromaíochta idir cathair agus tuath, easpa atá ag déanamh díobhála don tuath agus don chathair araon.

Anuas air sin, nuair a ruaigeadh na mílte den aos óg as an tír le deich mbliana anuas, d’airigh go leor daoine gur gangaid seachas trua a bhí á léiriú dóibh maidir leis an drochbhail a bhí ar chúrsaí tithíochta. Agus tá sé sin le cloisteáil fós.

Cuireadh painéal os ár gcomhair ar chlár teilifíse le déanaí ina raibh na haíonna ag caitheamh anuas ar an ngreim mífholláin atá ag an úinéireacht tí ar an Éireannach. Deirtear go bhfuil cuid den Bull McCabe ón dráma The Field le John B. Keane ionainn ar fad. Saint.

‘Breathnaigh ar dhaoine ar an mór-roinn, tá siad sásta teach a fháil ar cíos’, an seanrá is meirg air. Nuair a cuireadh ceist ar an bpainéal sa gclár céanna an raibh aon duine acu nárbh leo féin an teach ina raibh siad ina gcónaí, bhí siad ina dtost. Nocht an nóiméad ciúnais sin an cur i gcéill agus an ionramháil nó an gaslighteáil a airíonn gnáthmhuintir na hÉireann a bheith ar siúl ag an dream sin nach bhfuil sáinnithe agus iad ag íoc cíosa ó mhí go mí. Is é an dímheas sin a d’iompaigh saol na polaitíochta ar mhullach a cinn i mí Feabhra 2020.

Ní raibh i gconspóid an RIC ach léiriú ar an easpa measa. An peaca marfach a chniog Fine Gael, agus Fianna Fáil ina ról comhcheilge, mar sin ná an dearcadh seo gur chóir náire a bheith ar mhuintir na tíre seo as a bheith ag ceapadh go mbeadh seans éigin ag duine úinéireacht a bheith aige ar a theach féin.

Bhí Éamonn Ó Cuív, príomh-urlabhraí na heite traidisiúnta d’Fhianna Fáil, sách uaigneach ag cruinniú dá pháirtí parlaiminte an Déardaoin tar éis an toghcháin.

Bheadh luí níos mó aigesean le dhul i gcomhpháirtíocht le Sinn Féin ná le Fine Gael. Tá a pháirtí ar mhalairt tuairime.

Ag breathnú siar ar an am a raibh an tír leathbháite faoi ualach agus anró an Troika, ba bheag duine a bhíodh i gcoinne na fealsúnachta a deireadh: ‘Tá aicme úinéirí tithe ansin chun aire mhaith a thabhairt duit agus is mór an náire an té nach bhfuil buíoch as sin.’

Anois den chéad uair le fada an lá, is léir arís, mar ba  léir do Michael Davitt fadó, gur sprioc mhacánta, chiallmhar réasúnta ag an ngnáthdhuine teach dá chuid féin a bheith aige. Sprioc í a bhaineann leis an oidhreacht shóisialach Ghaelach, fiú.

Níor thapaigh na Glasaigh an deis tsúnámaí vótaí a chruinniú ar nós Shinn Féin mar nach bhfuil glacadh acu leis an sprioc sin mar sprioc ghlas. Chomh maith le Fine Gael, buaileadh go dona Fianna Fáil agus Páirtí an Lucht Oibre, dhá pháirtú a bhfuil a ndroim iompaithe acu go fóill ar a mianach dúchais sóisialta, nó go deimhin sóisialach.

Nod mar gheall ar an gclár rialtais mar sin: ní cur le chéile go cothrom na Féinne.

Fág freagra ar 'Nod mar gheall ar an gclár rialtais – ní cur le chéile go cothrom na Féinne'

  • Seosamh Ó Cuaig

    Alt an-mhaith. Tá an mianach ann.