Nochtfaidh tuarascáil nua an bhfuil ag éirí le cur chuige na gceanneagraíochtaí Gaeilge – Chambers

Seo an dara tuarascáil athbhreithnithe faoi earnáil dheonach na Gaeilge le cúpla bliain anuas, ach níor foilsíodh an chéad cheann riamh.

Nochtfaidh tuarascáil nua an bhfuil ag éirí le cur chuige na gceanneagraíochtaí Gaeilge – Chambers

Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers. Pictiúr: Leon Farrell / Photocall Ireland

Tá súil ag Foras na Gaeilge go gcuirfear deireadh “sa bhliain nua” leis an athbhreithniú atá á dhéanamh acu ar na sé cheanneagraíocht Ghaeilge le hos cionn dhá bhliain anuas.

Liam Ó Cuinneagáin, a bhfuil an comhlacht comhairliúcháin oideachais, ROS, aige, atá ag ullmhú na tuarascála don Fhoras faoi na ceanneagraíochtaí.

Seo an dara tuarascáil athbhreithnithe faoi earnáil dheonach na Gaeilge le cúpla bliain anuas, ach níor foilsíodh an chéad cheann riamh.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers an tseachtain seo go nochtfaí i dtuarascáil Liam Uí Chuinneagáin “an bhfuil ag éirí leis an gcur chuige” a tugadh isteach in earnáil na Gaeilge breis is sé bliana ó shin.

Mí Iúil 2014 a tugadh isteach córas na gceanneagraíochtaí in earnáil dheonach na Gaeilge.

Faoin gcóras nua laghdaíodh líon n-eagraíochtaí Gaeilge a fhaigheann bunmhaoiniú ón bhForas ó 19 go sé cinn –Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Gael Linn, Cumann na bhFiann, Gaeloideachas agus Glór na nGael.

Mhaígh na ceanneagraíochtaí anuraidh go ndearna an Foras cinneadh “aontaobhach” maidir leis an gcéad tuarascáil atbhreithnithe, tuairisc a rinne an comhlacht Seirbhísí Pleanála Teanga.

Chuir na ceanneagraíochtaí comhráiteas amach, rud neamhghnách go leor, ag cáineadh Fhoras na Gaeilge as “beag is fiú” a dhéanamh den “chomhpháirtíocht”.

Bhagair na sé cheanneagraíocht go n-éireoidís as an bpróiseas athbhreithnithe mura gcuirfeadh Foras na Gaeilge ar fáil dóibh cóip den tuarascáil a rinne an comhairleoir pleanála teanga, Colm Ó Cinnseala.

Tuigtear do Tuairisc.ie nach bhfuair na ceanneagraíochtaí cóip den tuarascáil sin riamh, ach thángthas ar comhréiteach agus tá na heagraíochtaí ag comhoibriú le ROS, atá i mbun an dara tuarascáil.

I bhfreagra ar cheist Dála, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers an tseachtain seo go rabhthas ag súil go mbeadh an t-athbhreithniú ar na heagraíochtaí curtha i gcrích “sa bhliain úr”.

Dúirt an tAire Stáit go raibh athbhreithniú á dhéanamh “ar phleananna, spriocanna, feidhmeanna agus torthaí na gceanneagraíochtaí sna mór-réimsí oibre atá tugtha dóibh”.

Fág freagra ar 'Nochtfaidh tuarascáil nua an bhfuil ag éirí le cur chuige na gceanneagraíochtaí Gaeilge – Chambers'