Tá níos mó tithe tréigthe agus tithe gan díon i nGaeltacht Thír Chonaill ná mar atá tithe cónaithe, dar le duine de na léarscáilithe is aitheanta sa tír, Barry Dalby. Tá tús curtha ag Dalby leis an obair ullmhúcháin do dhá léarscáil nua de Ghaeltacht Thír Chonaill agus súil aige iad a eisiúint roimh dheireadh na bliana seo chugainn.
Agus é ag labhairt le Tuairisc faoin togra nua, dúirt sé gur thug sé suntas do líon na dtithe gan díon agus tithe tréigthe atá sa dá cheantar atá faoi chaibidil aige.
“Thug mé suntas do chúpla rud agus an obair bhreactha ar bun agam. Is ceantar thar a bheith fliuch é Dún na nGall. Bhí a fhios agam é sin i gcónaí ach ba léire fós é ón ngréasán casta aibhneacha, sruthán, agus draenacha. Tá go leor sconsaí timpeall ar an talamh coimín.
“Tá an chuma ar an scéal go bhfuil a dhá oiread níos mó tithe gan díon agus tithe tréigthe ná mar atá tithe a bhfuil daoine ina gcónaí iontu, agus níl an oiread céanna iomairí le feiceáil is atá i gConamara agus i gCiarraí,” a dúirt Dalby.
Tá athmhachnamh déanta ag Dalby ar a chinneadh tarraingt siar ón obair léarscáilíochta agus aghaidh a thabhairt ar cheann de na ceantair is mó a n-éilíonn a chustaiméirí léarscáil a dhéanamh de – Sléibhte Dhún na nGall.
Thug fear Chluain na nGall le fios ag tús an tsamhraidh go raibh sé ionann agus curtha as an áireamh aige go gcuirfeadh a chomhlacht léarscáilíochta léarscáil de shléibhte Dhún na nGall – a bhfuil go leor acu sa Ghaeltacht – i gcló ainneoin an éilimh mhóir a bhí ar a leithéid.
Dúirt sé ag an am gur costas an chonstaic ba mhó a bhí roimhe agus fiche léarscáil deartha ag EastWest Mapping a chlúdaíonn 10,000km2 de thalamh na hÉireann – trí cheantar Gaeltachta ina measc.
Ach tháinig athrú intinne air agus dúirt sé le Tuairisc go bhfuil súil aige léarscáil de Shléibhte Dhoire Bheatha agus léarscáil eile de na Cruacha Gorma sa Ghaeltacht Láir a fhoilsiú i bhfómhar na bliana seo chugainn.
“Tá sé i gceist againn dhá bhileog a dhéanamh. Go bunúsach, clúdófar na Cruacha Gorma agus Sléibhte Dhoire Bheatha chomh fada ó thuaidh leis an Mhucais. Seo na háiteanna is mó a dtugtar cuairt orthu i gcontae atá lán sléibhte.
“Tógann sé isteach is amach le hocht mí orainn léarscáil a chríochnú, agus ansin bíonn mí eile ann lena cur i gcló. Tá na léarscáileanna seo beagán níos lú [ná na cinn a rinne sé cheana] agus mar sin tá súil againn go mbeidh siad i gcló faoin bhfómhar.
“Tá súil agam tacaíocht áirithe a fháil ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus go gcabhróidh Ionad Cuairteoirí na Páirce Náisiúnta leis an díolachán, ach i ndáiríre, ní léarscáileanna tráchtála iad seo agus caillfimid airgead orthu,” a dúirt sé.
A iargúlta is atá Gaeltacht Thír Chonaill is cúis leis an tuar sin mar tuigeann an léarscáilí nach bhfuil “lonnaíocht mhór” in aice láimhe ina mbeadh díol mór ar na léarscáileanna, cé is moite de chathair Dhoire. Dúirt sé gurb é a thaithí féin é go dtagann deireadh leis an gceannach a luaithe is a bhíonn a gcóip féin ceannaithe ag muintir na háite.
“Ó thaobh na topagrafaíochta de, ní hionann dúshláin na gceantar seo agus dúshláin na gceantar eile – is obair thur í nuair nach mbíonn aon ionad mór uirbeach ann. Tugaim faoi deara go bhfuil go leor talún ‘faoi mhíbhuntáiste’ sna háiteanna ísle atá thar a bheith casta ó thaobh seanbhallaí, díoga, fothracha, muiní, agus araile. Chuir an méid sconsaí ar an talamh ard iontas orm freisin.
“Mar bharr ar na dúshláin ar fad, déanann an t-achar ón mbunáit atá againn anseo i gCeatharlach an obair pháirce le sonraí ar an talamh a sheiceáil agus taighde a dhéanamh maidir le logainmneacha agus eolas oidhreachta níos deacra,” a dúirt Dalby.
Tá cáil ar Dalby mar gheall ar an spéis atá aige i logainmneacha agus an dua a chuireann sé air féin logainmneacha cruinn Gaeltachta a fhiosrú agus a léiriú ar a chuid léarscáileanna. D’oibrigh sé go dlúth le muintir na Gaeltachta le logainmneacha a dheimhniú agus cheadaigh sé foinsí aitheanta eile – saothar Tim Robinson agus Áitainmneacha Chiarraí ina measc – le ceisteanna casta a réiteach.
Tá trí cheantar Gaeltachta clúdaithe ag EastWest Mapping go dtí seo – Acaill, Conamara, agus Corca Dhuibhne. Beidh an dá léarscáil nua ag scála 1:25,000 agus beidh na comhrianta cúig mhéadar óna chéile (murab ionann agus na comhrianta ar léarscáileanna de chuid Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann atá deich méadar óna chéile). Is ar pháipéar ‘Polyart’, atá uiscedhíonach, a chlófar na leaganacha clóite agus beidh fáil ar leaganacha digiteacha ar aipeanna fóin freisin.
Dúirt Dalby go bhfuil súil aige go mbeidh spéis ag an bpobal a léarscáileanna nua a cheannach mar gheall ar na deacrachtaí móra atá roimh a chomhlacht.
“Táimid ag brath ar dhíol na léarscáileanna leis na costais mhóra a bhíonn orainn a ghlanadh. Is iad na léarscáileanna páipéir is mó a chabhraíonn leis sin. Tá an pobal ag cur níos mó spéise sna leaganacha digiteacha anois, ach dála na hiriseoireachta agus an cheoil, ní leor an tsamhail dhigiteach ó thaobh airgeadais mar go bhfuil an pobal ag súil le hábhar ar líne atá an-saor nó saor in aisce.
“Ó tharla go ndíoltar ár léarscáileanna faoi bhun fhíorchostais a ndéanta, is costas é an CBL 13.5% atá curtha i bhfeidhm ag an rialtas a chuirfidh foilsitheoirí léarscáileanna ó dhoras. Is leithcheal bunúsach é nuair a chuirtear i gcomparáid leis an 0% a thugtar d’fhoilsitheoirí eile in earnáil na leabhar agus na nuachtán. Ní aithníonn na Coimisinéirí Ioncaim an chartagrafaíocht don fhaoiseamh cánach faoin Scéim Díolúine Ealaíontóirí, scéim a thugann faoiseamh cánach do shaothair a bhfuil luach cultúir ag baint leo,” a dúirt sé.
Fág freagra ar 'Níos mó tithe tréigthe ná tithe cónaithe i nGaeltacht Thír Chonaill – léarscáilí'