Tús á chur ag páirtithe parlaiminte le plé faoin gcéad rialtas eile, ach deir Martin nach dtarlóidh sé roimh Nollaig

An 18 Nollaig atá rún ag an 34ú Dáil teacht le chéile den chéad uair agus cé gur dóigh go mbeidh réamhchainteanna ar siúl, drochsheans go gcuirfear aon Rialtas le chéile go dtí an athbhliain

Tús á chur ag páirtithe parlaiminte le plé faoin gcéad rialtas eile, ach deir Martin nach dtarlóidh sé roimh Nollaig

Déanfaidh na trí pháirtí is mó teachtaí – Fianna Fáil, Sinn Féin agus Fine Gael – cruthú an chéad rialtais eile á phlé inniu ag cruinnithe dá bpáirtithe parlaiminte.

Bhí cruinniú ar líne ag páirtí parlaiminte na nDaolathaithe Sóisialta inné agus teagmháil déanta acu le Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre, Fianna Fáil agus Fine Gael chun cúrsaí a phlé.

An 18 Nollaig atá rún ag an 34ú Dáil teacht le chéile den chéad uair ach cé gur dóigh go mbeidh réamhchainteanna ar siúl, dúirt ceannaire Fhianna Fáil nach gcuirfear aon Rialtas le chéile go dtí an athbhliain.

“D’fhéadfadh formhór na hoibre a bheith déanta againn faoin Nollaig ach caithfimid díriú ar na ceisteanna. Ní dóigh liom go mbeimid tagtha faoin Nollaig, ach táim cinnte go bhfuil formhór daoine sa tí ag iarraidh go gcuirimis rialtas le chéile a luaithe agus is féidir linn,” arsa Martin.

Theastódh beirt eile ó Fhine Gael agus Fianna Fáil, a bhfuil 86 Teachta acu eatarthu, le tromlach a bheith acu. Fágann líon na dTeachtaí acusan gur deacair aon dream eile a fheiceáil a d’fhéadfadh rialtas a sholáthar

De bharr athbhreithniú a rinne an Coimisiún Toghcháin anuraidh, cinneadh ceathrar déag Teachtaí Dála breise a cheapadh i nDáil Éireann le teacht leis an ardú ar an daonra. Beidh 174 Teachta sa gcéad Dáil eile agus teastóidh 88 TD le comhrialtas a chur le chéile.

Fágann sin go mbeadh 92 Teachta Dála ar a laghad ag teastáil ionas go mbeadh tromlach teann ag an rialtas a bheadh in ann seasamh sa gcás go dtarlódh aon tréigean nó laghdú.

Micheál Martin a bheidh ar an stiúir sna cainteanna sin agus 48 Teachta Dála ag a pháirtí, ochtar sa mbreis ar 2020, agus an cheist mhór ná an mbeidh uainíocht á déanamh arís sa gcéad rialtas eile ar ról an Taoisigh agus roinnt na n-aireachtaí.

Más le Fianna Fáil agus Fine Gael a bheith ar ais i Rialtas, ní bheidh tromlach acu go dtí go bhfaighidh siad tacaíocht ó theachtaí neamhspleácha nó ó cheann nó péire de na páirtithe sa Dáil atá níos lú ná iad féin.

An chaint atá ann ná go bhfuil páirtí Fhine Gael ag éileamh gur réamhchoinníoll acusan sna cainteanna comhrialtais go mbeadh oifig an Taoisigh á malartú ar a seal ag an dá pháirtí d’ainneoin 10 dTeachta níos lú a bheith ag Fine Gael ná Fianna Fáil.

Meastar dá réir go leanfar an uainíocht in oifig an Taoisigh a bhí againn sa Rialtas deiridh agus go mbeadh cothromaíocht cuid mhaith eatarthu sa Rialtas ó thaobh cúraimí aireachta. Ní haon údar iontais a bheidh ann má bhíonn Teachtaí Dála Fhianna Fáil ag áitiú gur chóir brabach níos fearr a bheith acusan sa roinnt, ó tharla iad deichniúr níos tréine.

Lárnach san idirbheartaíocht chrua, beidh ceapachán Ceann Comhairle agus an chéad duine eile a ainmneofar don Choimisiún Eorpach.

Ar na Teachtaí a bheidh ag súil le ceiliúr comhrialtais, tá Seán Canney agus Kevin ‘Boxer’ Moran, beirt a chaith seal i gcomhrialtas cheana agus iad ina mbaill den Chomhaontas Neamhspleách.

Níl aon cheilt ag Marian Harkin ná Verona Murphy air go mbeidís at fáil do chainteanna rialtais. Ceaptar go mbeadh Michael Lowry agus Noel Grealish sásta leanacht leis an tacaíocht a thugaidís don Rialtas agus iad i mbinsí an fhreasúra.

Tá sé ráite ag Barry Heneghan, a toghadh den chéad uair i gCuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh le tacaíocht láidir ón iar-theachta Finian McGrath, go mbeadh sé breá sásta cúrsaí comhrialtais a phlé leis an dá pháirtí is dóichí a bheidh sa rialtas.

Seo an chéad uair riamh ag an bPáirtí Cúiteamh 100% a bheith sa Dáil agus tá ráite ag an Teachta nua-thofa Charles Ward go mbeadh “an-suim” aigesean dul chun cainte le Fianna Fáil agus Fine Gael.

Tá Michael Healy-Rae é féin sásta chuile shórt a mheas in aon chuireadh a thiocfadh ó Fhianna Fail agus Fine Gael ach dúirt go mbeadh sé ag iarraidh luach saothair do Chiarraí ar an tacaíocht sin.

Tá tús curtha ag Sinn Féin le cúrsaí rialtais a phlé le Páirtí an Lucht Oibre agus na Daonlathaithe Sóisialta in iarracht comhrialtas ar an eite chlé a thabhairt le chéile.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik go dteastaíonn uaithi dul chun cainte ar dtús leis na Daonlathaithe Sóisialta agus le ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Roderic O’Gorman.

Dúirt sí nach raibh Páirtí an Lucht Oibre sásta a ghabháil ina n-aonar i gcomhrialtas de chuid Fianna Fáil-Fine Gael ag an tráth seo.

Is léir nach bhfuil baill shinsearacha uilig an pháirtí sin ar aon fhocal faoi ról i gcomhrialtas mar d’fhéadfaí a léamh ar chaint Alan Kelly agus Ged Nash inné, beirt de bhoic mhóra an pháirtí a toghadh arís i dTiobraid Árann agus sa Lú san olltoghchán, gur chóir don pháirtí a gcríonnacht a dhéanamh ar pháirt a ghlacadh sa gcomhrialtas a bheas ann. Comhairle an chait agus an bainne bruite atá ag an bhFeisire Eorpach Aodhán Ó Ríordáin agus é ag cur fainic ar an bpáirtí faoi dhul i gcomhrialtas leis an dá mhópháirtí.

Tá cruinniú beartaithe Dé hAoine ag ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik agus leascheannaire na nDaonlathaithe Sóisialta, Cian O’Callaghan.

Dúirt an Teachta Eoin Ó Broin, urlabhraí tithíochta Shinn Féin, gur comhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael an rogha ba mheasa a bheadh ann don tír agus go rachadh a pháirtí fhéin i mbun cainteanna le páirtithe polaitiúla forásacha eile a bheadh ar aon dearcadh le Sinn Féin.

“An rogha ab fhearr linne ná rialtas nach mbeadh ceachtar den dá pháirtí sin ann [FF is FG] ach tá sé ráite riamh anall ag Sinn Féin mura bhféadfaí a leithéid sin a fháil go rachaimis chun cainte le gach uile dhream – agus Fianna Fáil san áireamh ansin.”

Áitíonn Eoin Ó Broin gur léiríodh san olltoghchán seo go bhfuil “bloc poblachtach, eite chlé fhorásach” i bhfad níos mó agus níos aontaithe sa tír idir Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre agus na Daonlathaithe Sóisialta.

Ag deireadh an chomhairimh bhí 48 Teachta Dála ag Fianna Fáil, 39 ag Sinn Féin, 38 ag

Fine Gael, 16 Teachta Neamhspleách, 11 ag Páirtí an Lucht Oibre, 11 ag na Daonlathaithe Sóisialta, 4 ag Éire Neamhspleách, 3 ag Pobal seachas Brabús-Dlúthpháirtíocht, 2 ag Aontú, Teachta amháin ag Comhaontas Glas agus Teachta amháin ag an bPáirtí Cúiteamh 100%.

Fág freagra ar 'Tús á chur ag páirtithe parlaiminte le plé faoin gcéad rialtas eile, ach deir Martin nach dtarlóidh sé roimh Nollaig'

  • Carraig

    Tuairisc an- bhreá.