Níor chuala mé an oiread cainte ar mhilseáin sa teach ariamh nó gur thosaigh an Carghas

Ní hamháin go raibh na línte tarraingthe go cúramach ach bhí códú dathanna in úsáid chomh maith ar Chairt an Charghais

Níor chuala mé an oiread cainte ar mhilseáin sa teach ariamh nó gur thosaigh an Carghas

‘Mamaí, an bhfaca tú an chairt atá déanta agam don Charghas?’ a d’fhiafraigh an Bheainín díom maidin Dé Domhnaigh agus í ag déanamh orm agus bileog pháipéir in airde aici. Chuala mé caint ar rúin don Charghas agus dea-chuspóirí don tréimhse féinsmachta, ach ba é sin an chéad uair agam cloisteáil faoi chairt an Charghais.

‘Seo é!’ a deir sí agus tháinig an bhileog ag eitilt anonn chugam. Bhí sí breá néata mar chairt. Tarraingíodh na línte le rialóir ba léir. Ní hamháin go raibh na línte tarraingthe go cúramach ach bhí códáil dathanna in úsáid chomh maith agus grafaicí beaga ildaite tarraingthe sna coirnéil.

Tuigim é, an spadhar seo agus níl a fhios agat cén toradh a bheidh air. D’fhéadfá rudaí níos measa a dhéanamh ná cairt a tharraingt. Dhéanfá rud ar bith le d’intinn a thógáil de pé rud atá tú ag iarraidh éirí as don Charghas, fiú cairteacha casta a tharraingt amach ag úsáid scileanna beacht-innealtóireachta.

Bhí laethanta an Charghais ar fad marcáilte amach go soiléir ar an gcairt agus bosca tugtha do gach lá ar stíl an fhéilire.

Thug mé faoi deara ticeanna a bheith curtha sna laethanta ar fad a bhí caite go dtí sin, cé is moite de chorrlá anseo is ansiúd, is bhí na laethanta a bhí fanta go dtí Domhnach Cásca fágtha folamh.

Cur chuige tomhaiste, ciallmhar a bhí ann, céim i dtreo an fhéinsmachta, iarracht ord agus eagar a chur ar an íobairt.

Níor chuala mé an oiread cainte ar mhilseáin sa teach ariamh nó gur thosaigh an Carghas i mbliana. Ó mhaidin Chéadaoin an Luaithrigh tá blas an chumha ar an aer, tá muid ag snámh ann, tá muid clumharaithe sa gcumha is ag neadú ann.

Ach an oiread le duine, tá an-mheas agam ar chairt dheas néata agus códú dathanna déanta uirthi, ach níl a fhios agam an leor é mar leigheas ar an gcumha. An líonfaidh cairt an poll atá fágtha ag cola bottles, Tangfastics agus Freddos?

‘Tá sé an-néata,’ a dúirt mé mar mholadh léi. Ní aon dea-shampla mé féin nuair a thagann sé go dtí an Carghas. Ní raibh a fhios agam cén chomhairle ab fhearr a d’fhéadfainn a chur uirthi agus í ar a turas spioradálta féin gan aon údarás morálta ar an ábhar agam.

Lean sí uirthi leis an gcur i láthair. Is maith an lá nach bhfuil osteilgeoir againn. ‘Feicfidh tú anseo Mamaí an rud atá mé ag éirí as.’

Chonaic mé an focal ‘Jellies’ scríofa go soiléir in íoctar na cairte.

‘Agus chuile lá nach n-íosfaidh mé aon jelly cuirfidh mé tic ar an lá sin,’ a mhínigh sí.

Níor thuig mé go raibh an oiread tarraingt ar na glótháin. Is í an fhadhb ná nach túisce a deir tú go bhfuil tú ag éirí as rud éigin ná go mbíonn tú dubh dóite á iarraidh is nach bhfuil tú in ann cuimhneamh ar thada eile.

Chonaic mé an uimhir a seacht scríofa in íochtar. ‘Is céard í an uimhir seo?’ a d’fhiafraigh mé di.

‘Sin iad na laethanta ar ith mé jellies,’ a deir sí. ‘Cuirim ‘x’ ar na laethanta sin.’

‘Fair play dhuit,’ a dúirt mé léi ainneoin m’easpa údaráis mhorálta.

Phointeáil sí ansin ar na boscaí folmha ar chairt an Charghais.

‘Sin iad na laethanta ar fad atá fágtha go Domhnach Cásca,’ a mhínigh sí. ‘Tá mé beagnach ann, Mamaí.’

Fág freagra ar 'Níor chuala mé an oiread cainte ar mhilseáin sa teach ariamh nó gur thosaigh an Carghas'