‘Níl mé in ann labhairt anois’ – deoir le súil Ambasadóir Cheanada i gConamara

Is minic easpa daonnachta a bheith ag baint leis an bhfuarchaoineachán a bhíonn ar bun ag daoine sa saol poiblí. Níorbh amhlaidh do Kevin Vickers, Ambasadóir Cheanada chun na hÉireann, agus é i gConamara an tseachtain seo caite

‘Níl mé in ann labhairt anois’ – deoir le súil Ambasadóir Cheanada i gConamara

Ambasadóir Cheanada Kevin Vickers le Máirtín Ó Catháin, Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach, agus Anna Ní Ghallachóir, Cathaoirleach, Údarás na Gaeltacht. Pic: Seán Ó Mainnín

“Níl mé in ann labhairt anois”. Bhí tocht le n-aithneachtáil ina ghlór agus an dá fhocal sin féin dá rá aige. Leag sé a lámh ar a chliabhrach. Lámh láidir théagartha. Fear ard, dea-dhéanta agus ligthe. Kevin Vickers, Ambasadóir Cheanada chun na hÉireann. I dTeach Altranais Charna a bhí sé mar chuid dá chamchuairt ar Ghaeltacht Chonamara an tseachtain seo caite.

Bhí iarrtha ar Kevin Vickers dhá fhocal a rá tar éis do bhainisteoir an Tí Altranais, Seán Ó Flatharta, fáilte a bheith curtha aige roimhe. “Níl mé in ann labhairt anois,” a deir Vickers agus lorg na ndeor faoina shúile. An chúis a bhí leis an tocht – bhí an tAmbasadóir tar éis siúl thart ó sheomra go seomra. Bhí sé chomh tógtha sin le hobair na foirne a thugann aire do dhaoine nuair a bhíonn fuinneamh na hóige imithe agus an cholainn, agus an intinn, scaití, ag tabhairt uathu agus gur fágadh gan focal é. Daoine nach bhfuil acmhainneach agus ábalta mar a bhíodh feicthe aige os comhair a dhá shúil agus cabhair agus cúnamh ar fáil dóibh le croí mór. D’fhéadfadh sé siúl amach an doras agus é a ligean i ndearmad – ach ní fhéadfadh. 

Daonnacht.

Deirtí faoin Seanadóir Ted Kennedy go mba mhaith leis cluiche leadóige a imirt scaití le comhghleacaithe agus le dream a mbeadh teagmháil aige leo. An chúis? Bhuel ruainne aclaíochta, ach níos mo ná sin freisin. Is cosúil go raibh Kennedy ar dhuine acu siúd a chreid sa nath cainte seo: ‘You learn a lot about a person when playing a game of tennis’. Is dóigh go bhfuil sé ag teacht leis na línte as dán Wordsworth inar labhair sé ar ‘the small and unremembered acts of kindness and of love’. An dearcadh a bhíonn ag duine nuair nach mbíonn sé réitithe agus dírithe ar fhocail stuama a roghnú, sin tomhas ar a phearsantacht agus ar a chroí.

Thug na cúig fhocal sin a labhair Kevin Vickers i dTeach Altranais Charna an lá cheana – “Níl mé in ann labhairt anois” – níos mo léargais ar an bhfear ná dá mbeadh sé ag labhairt go brách. Fear uasal a bhfuil daonnacht agus dínit go smior ann. Ní gá dó labhairt.  

Ar ndóigh, mharaigh Kevin Vickers fear beagán blianta ó shin. Scaoil sé le dúnmharfóir a bhí ag ionsaí Theach na Parlaiminte in Ottawa i gCeanada in 2014. Bhí póilín nach raibh armtha, Nathan Cirillo, maraithe ag an ionsaitheoir taobh amuigh den fhoirgneamh agus scaoil sé le garda slándála tar éis dó a bhealach a dhéanamh isteach. Bhí sé ag réiteach le tuilleadh mísce a dhéanamh istigh. Ba é Kevin Vickers an ceannasaí slándála sa bParlaimint ag an am. Bhí an stádas sin saothraithe aige. Iarbhall sinsearach de na Royal Canadian Mounted Police a rinne láimhsiú ar chuid mhór chruóg a bhí mór agus contúirteach. Scaoil sé leis an ionsaitheoir agus d’fhág marbh é. Bhí an t-ionsaitheoir ag tacú le dream an uafáis, ISIS. Chuile sheans gur shábháil Kevin Vickers daoine ón mbás agus ó ghortuithe uafásacha de bharr an bhirt a rinne sé.

Cé go raibh sé sa mbearna bhaoil mar phóilín sinsearach go minic, ghoill sé air go raibh an dúnmharfóir maraithe aige. Chuaigh Kevin Vickers ar ais abhaile go bruach abhainn an Miramichi in New Brunswick agus chuir sé paidreacha le hanam an té a bhí maraithe aige. 

Is dóigh go bhfuil daoine ann a déarfadh gur Ambasadóir neamhghnách é Kevin Vickers – sin de bharr a chúlra. Is féidir leo a bheith ag dul ar aghaidh le díospóireachtaí acadúla faoi sin, má thograíonn siad é. Ach chonaic muid fear a bhféadfá fear a thabhairt air i gCarna i lá cheana – agus tháinig sin chun cinn ina phearsantacht i ngan fhios dó féin.

Tá Ambasadóirí ann a chuireann slám focal galánta le chéile faoin gceart agus faoin gcóir; tá daoine ann a bhfuil sé mar cheird acu ‘fair play’ a sheasamh ar pháipéar do dhreamanna agus do chúiseanna i bhfad ó bhaile – focail inmholta ach scaití, bíonn tú san amhras an ndéanfadh cuid acu seo mórán ar leac an dorais sin acu féin. Tá tráchtairí ann a bhíonn ag tráchtaireacht agus ag labhairt seasta ar chuile mhíle rud atá mícheart ar dhroim na cruinne, dar leo. Beidh daoine mar sin ann i gcónaí agus tá leas áirithe ag baint lena gcuid ‘feachtas’ amanna. Ach an mbíonn dáiríreacht agus daonnacht san bhfuarchaoineachán i gcónaí?

Fiú mura mbíonn, ná bíodh muid ag fuarchaoineachán faoi lucht an fhuarchaoineacháin; tá leithéid Kevin Vickers ann – buíochas le Dia.

Fág freagra ar '‘Níl mé in ann labhairt anois’ – deoir le súil Ambasadóir Cheanada i gConamara'