Níl i dturais na Leon le blianta fada anois ach beart le hairgead a bhailiú

Tá ré na dturas seo seanchaite ó thaobh a stádas, a dtábhacht agus an ceangal atá idir iad agus stair chluiche an rugbaí a deir ár gcolúnaí ach má táthar chun coinneáil leo, tá bealach ann chun iad a fheabhsú

Níl i dturais na Leon le blianta fada anois ach beart le hairgead a bhailiú

Féadfaidh tú a bheith siúráilte glan faoin am a dtiocfaidh mí Iúil seo chugainn go mbeidh mé ag breathnú ar na cluichí a imreoidh foireann rugbaí na Leon in aghaidh na hAstráile – i mBrisbane ar an 19ú lá, Melbourne an Satharn dár gcionn agus i Sydney ar an 2 Lúnasa.

Ach tá súil le Dia agam gurb in deireadh na dturas seo a bhfuil a ré seanchaite ó thaobh a stádas, a dtábhacht agus an ceangal atá idir iad agus stair chluiche an rugbaí.

Is í mo thuairim láidir nach bhfuil i dturais na Leon le blianta fada anois ach beart le hairgead a bhailiú d’eagraíochtaí rugbaí na hÉireann, Shasana, na hAlban agus na Breataine Bige agus don tír ar a dtugtar an chuairt.

Is iad aontais rugbaí na dtíortha as a dtagann na Leoin atá i mbun an chomhlachta eagair. Rinne siadsan brabach €9.5 milliún ar thuras 2021 chun na hAfraice Theas ainneoin gur fhág Covid nach raibh aon lucht féachana i láthair ag na cluichí.

Feicim go bhfuil Aontas Rugbaí na hAstráile le brabach €60m a dhéanamh as an turas seo romhainn.

Níl locht dá laghad agam ar iad a bheith ag santú an airgid, ach mar a mhíneoidh mé ar ball, feictear dom go bhfuil bealaí eile ann le teacht air sin, cinn a mbeadh níos mó céille leo agus nach mbeadh baol ar an oiread anró ná taistil i gceist.

Tuigeann muid ar fad faoi seo chomh fisiciúil, crua, garbh, go deimhin contúirteach agus atá an rugbaí, go háirithe ag an leibhéal idirnáisiúnta. Ní heol dom aon chluiche eile ar dhroim na cruinne ina mbíonn sé riachtanach 33% den fhoireann a bhaint den pháirc agus an ceathrú cuid den imirt fós le déanamh – sin á dhéanamh siocair iad a bheith tugtha traochta.

I Sasana tá teora le líon na gcluichí inar féidir le himreoirí a bheith ar an bpáirc ó thús go deireadh. Sna tíortha eile freisin is iad an IRFU, RU, SRU agus an WRU a rialaíonn cé mhéad cluiche is ceadaithe d’imreoirí idirnáisiúnta a imirt dá gclubanna.

Fós, idir na sraitheanna ina bhfuil a bhfoirne, comórtais na hEorpa agus an imirt a dhéanann siad dá dtíortha, d’fhéadfadh sé go mbeadh suas le 35 cluiche i gceist.

Beidh naoi gcinn breise roimh na Leoin san Astráil, a mbunáite níos déine ná aon cheann eile a d’imir siad le linn an tséasúir. Níl bealach ar domhan go réitíonn sin le himní faoi ghortuithe ná le cosaint imreoirí.

Nuair a bhíodh bonn amaitéarach faoin gcluiche, pingineacha costais a bhíodh le fáil ag imreoirí na Leon. Ar a laghad tá athrú air sin. I mbliana gheobhaidh siad sciar den bhrabús – tuairim €120,000 an duine.

Ní beag sin a deir tú, ach cuimhnigh ar an sciar de a bheas slogtha ag fear na cánach. Mar atá cúrsaí, saothraíonn Tadhg Furlong tuairim is €700,000 sa mbliain, Finn Russell £1 milliún. Is ar éigean a thabharfadh siad siúd agus a leathbhádóirí 50% d’airgead na Leon abhaile as an Astráil leo.

Tá mé cinnte gurbh fhearr go mór leo deis a scíth a ligean – séasúr fada crua curtha díobh acu agus ceann nua ar na bacáin cúpla seachtain tar éis do thuras na Leon a bheith críochnaithe.

Ní féidir a shéanadh ag an bpointe seo go dteastaíonn breis airgid go géar ó eagraíochtaí rugbaí na dtíortha as a dtagann na Leoin. Caillteanas a bhí orthu ar fad sa mbliain airgeadais seo caite – €18.4 milliún ar Shasana. Thug tuarascáil neamhspleách le fios le gairid nach raibh oiread airgid agus a d’íocfadh a gcuid imreoirí ag 70% de chlubanna an Premiership.

Bhí caillteanas €18.4 milliún ar an IRFU in 2024, €11.3m in Albain agus €7.5 milliún sa mBreatain Bhig.

Tráthúil go leor is iad eagraíochtaí thíortha na 6 Náisiún nach mbíonn aon bhaint acu leis na Leoin is sláintiúla atá. Ar chíle chothrom a bhí na hIodálaigh in 2024 agus fágann an conradh €696m atá sínithe ag na Francaigh leis an gcomhlacht teilifíse Canal Plus go bhfuil siadsan ar mhuin na muice.

An bhfuil aon rogha eile ann ach deireadh a chur le cuairteanna seo na Leon chun na hAstráile, na Nua-Shéalainne agus na hAfraice Theas ?

B’in ceist a cuireadh san iris Rugby World an mhí seo caite nuair a thug siad cuireadh d’iriseoirí, d’iarimreoirí, is riarthóirí a mbarúlacha a thabhairt.

Bhí éagsúlacht mhór sna tuairimí a fuaireadar.

Bhí Mark Evans (Príomhfheidhmeannach Fijian Drua, a imríonn i Sraith na Nua-Shéalainne) ag iarraidh iad a thabhairt chun an oileáin sin, go Cósta Thiar na Státaí agus chun na Seapáine.

Cuairt ar a thír féin, an tSeapáin agus Fidsí a theastaigh ón iarimreoir Astrálach Drew Mitchell. Mórán mar atá, ach cuairt ar na Státaí agus ar Buenos Aires a mhol Jonathon Davies, ‘Imreoir an Turais’ agus na Leoin sa Nua-Shéalainn in 2017. Camchuairt na Fraince agus Thír na mBascach a mhol Banjamin Kayser a d’imir sa ró tosaigh do ‘Les Bleus’.

Ag Stuart Barnes a bhí an moladh ab fhearr a thaithnigh liom féin. Bheadh scothimreoirí na 6 Náisiún ar an bhfoireann Leon a roghnódh sé siúd. Thabharfadh siad camchuairt ar chuile cheann de na tíortha sin agus ar San Sebastian.

Bheadh ciall ar go leor bealaí leis agus creidim go mbeadh an brabach céanna as ag an lucht eagair.

Is é ab fhearr liomsa ar chuma ar bith. Agus le Stuart Barnes.

Luaigh seisean freisin go dtiocfadh sé le polasaithe na linne seo ó thaobh na hastaíochta domhanda, fiú gur luaigh sé go bhféadfaí é a reáchtáil agus gan aon aerthaisteal a bheith i gceist.

Níl a fhios agam faoi sin. Dá fheabhas an traein ‘grand vitesse’, níl a fhios agam a mbeinn sásta a bheith greamaithe idir Furlong agus an fhuinneog inti.

Tá an léaráid seo in eagrán na míosa seo caite de rugby world

Fág freagra ar 'Níl i dturais na Leon le blianta fada anois ach beart le hairgead a bhailiú'

  • Carraig

    “Tuigeann muid ar fad…chomh fisiciúil, crua, garbh, go deimhin contúirteach agus atá an ….iománaíocht (sic)”?!
    Cluiche atá ag éirí níos fisiciúla, níos gairbhe etc de shíor agus cuid mhaith den ealaíon ag imeacht as dá dheasca sin.

  • Mícheál

    Sin amaidí amach agus amach. Ariamh anall ní raibh oiread scile, scórála ná luais ag baint leis an iomáint agus atá faoi láthair,