Níl deireadh le tionchar cheannairc Wagner go fóill

Toisc nár sheas roinnt de lucht ceannais na Rúise i gcoinne Wagner ag tús na ceannairce níl deireadh le deacrachtaí na Rúise

Níl deireadh le tionchar cheannairc Wagner go fóill

De réir an teagaisc mhíleata ba chóir go mbeadh gach duine ar aon intinn faoi dhá phrionsabal sula dtéann arm i mbun cogaíochta – cuspóir an chogaidh agus cé atá i gceannas. Is ionann a bheith aontaithe faoin gcuspóir agus go dtuigeann na saighdiúirí ag gach leibhéal sprioc an chogaidh agus go n-aontaíonn siad leis an sprioc chéanna den chuid is mó.

Is ionann a bheith ar aon tuairim faoi chúrsaí ceannasaíochta agus go dtuigeann gach aonad cé atá i gceannas agus go bhfeidhmíonn na haonaid mar eagraíocht amháin. Nochtadh i gceannairc ghairid Wagner seachtain ó shin deighilt ó thaobh cuspóra agus ceannasaíochta in arm na Rúise.

Ba léir ó thús an chogaidh go raibh éiginnteacht faoi spriocanna an ionraidh in arm na Rúise. Bheadh sé thar a bheith deacair ar cheannasaithe na n-aonad éagsúil a mhíniú dá gcuid trúpaí cad a bhí i gceist maidir leis an sprioc díNaitsiú agus dímhíleatú a dhéanamh ar an Úcráin. A mhalairt a bheadh i gceist leis na hÚcránaigh mar bheadh sé éasca do cheannasaithe na hÚcráine a mhíniú dá gcuid trúpaí gur chóir na Rúisigh a chloí agus a dhíbirt ón tír. Ba léir go raibh níos mó deacrachtaí ag na Rúisigh ó thaobh a chinntiú go mbeadh gach duine ar aon tuairim faoin lucht ceannais.

Deacrachtaí Ceannasaíochta

Nuair a thrasnaigh fórsaí O, V agus Z de chuid arm na Rúise teorainn na hÚcráine chun ionradh a dhéanamh ar an tír cuireadh ionadh ar a lán saineolaithe nár ceapadh ardcheannasaí chun an t-ionradh sin a chur i gcrích. Cinnte bhí ceannasaithe ar na fórsaí éagsúla ach nuair nár éirigh leis na fórsaí mórán dul chun cinn a dhéanamh, tugadh bata agus bóthar do roinnt acu, rud a chuir leis an easpa aontachta ó thaobh na ceannasaíochta de. Níor shocraigh cúrsaí síos go dtí gur ceapadh an Ginearál Surovikin mar ardcheannasaí ar an bhfeachtas san fhómhar seo caite.

Ní hamháin go raibh deacrachtaí le ceannasaithe éagsúla san arm ach léiríodh deacrachtaí eile le struchtúr ceannasaíochta arm na Rúise chomh maith nuair a tugadh faoi deara go raibh aonaid den chomhlacht gallógach Wagner ag troid ar son na Rúiseach sa chath chun seilbh a ghlacadh ar Kyiv. Anuas air sin, bhí fórsa neamhspleách ón tSeisnia a bhí faoi cheannas an taoisigh chogaidh Kadyrov ag troid ar a son chomh maith. Níos déanaí sa chogadh tháinig sé chun solais go raibh comhlachtaí príobháideacha eile, leithéidí Potok, ag troid ar son na Rúiseach freisin. Earcaíodh Potok ó fhórsa slándála Gazprom, ceann de na comhlachtaí ola is mó sa Rúis.

Beagán ar bheagán, le linn an ionraidh anuraidh, fuarthas tuiscint níos fearr ar ról Wagner sa chogadh. Bhí ról lárnach acu nuair a bhris na Rúisigh trí línte na nÚcránach in Popasna, rud a chuir tús le gabháil Severdonetsk. Ansin nuair a sheol na Rúisigh feachtas ionsaithe nua i mbliana ba léir go raibh Wagner níos éifeachtaí ná aonaid eile.

D’éirigh leo an-dul chun cinn a dhéanamh ar an ais ina raibh siadsan ag ionsaí agus ag an am céanna bhí roinnt aonad eile ag streachailt i dtaobh na n-aiseanna eile. D’éirigh leo seilbh a ghlacadh ar Soledar go tapa agus go gairid ina dhiaidh sin rinne siad ionsaí ar Bakhmut.

Deighilt

Nuair a ceapadh Surovikin bhí sé sásta tacaíocht a thabhairt do Wagner – tuairiscíodh fiú go raibh sé ina bhall oinigh de Wagner – agus níor cuireadh mórán srianta i bhfeidhm maidir leis an méid trealaimh mhíleata a fuair siad ó arm na Rúise. Ach nuair a ainmníodh an Ginearál Gerasimov, Ceann Foirne arm na Rúise, mar ardcheannasaí an fheachtais faoi dheireadh na bliana bhí ar Surovikin céim ar gcúl a thabhairt.

Le linn an chatha chun Bakhmut a ghabháil nochtadh an teannas idir airm na Rúise agus Wagner. Ar dtús bhí deacrachtaí soláthair ag Wagner agus níor cuireadh an méid céanna sliogán airtléire ar fáil dóibh agus a cuireadh roimhe sin.

D’earcaigh Wagner a lán príosúnach anuraidh agus bhí ról lárnach ag na príosúnaigh in Bakhmut. Ach le linn an chatha cuireadh stop leis an gcead a bhí ag Wagner príosúnaigh a earcú agus ag an am céanna thosaigh arm na Rúise ag earcú príosúnach iad féin chun fórsaí ar a dtugtar Storm Z a bhunú.

Mar gheall ar na srianta seo, níor cheil Prigozhin, úinéir Wagner, an frustrachas a bhí air agus thosaigh sé ag cáineadh aire cosanta na Rúise agus Gerasimov níos mó. Bhí cuid mhaith de na gearáin thar a bheith láidir rud a chuir leis an deighilt a bhí eatarthu. Gach seans go raibh aonaid éagsúla den arm in éad le Wagner toisc gur éirigh leo a mhaíomh gur ghlac siad seilbh ar Bakhmut sa deireadh.

Ach ba é buille na tubaiste é nuair a d’fhógair roinn cosanta na Rúise gur chóir do chomhlachtaí príobháideacha, Wagner san áireamh, conradh a shíniú ionas go mbeidís faoi smacht na roinne. Mhaígh Prigozhin nach raibh seans dá laghad ann go síneodh sé conradh dá leithéid leis an roinn.

Nuair a chuir Wagner tús leis an gceannairc an tseachtain seo caite nochtadh deighilt faoi chúrsaí ceannasaíochta in arm na Rúise don domhan mór. Cé gur shocraigh an dá thaobh ar chomhaontú de shaghas éigin chun stop a chur leis an gceannairc tá éiginnteacht ann fós maidir le mionsonraí an chomhaontaithe. Mar gheall ar na hionsaithe a rinne Wagner ar aerfhórsa na Rúise le linn na ceannairce gairide seans nach bhfuil deireadh leis an scéal fós.

Toisc nár sheas roinnt de lucht ceannais na Rúise i gcoinne Wagner ag tús na ceannairce níl deireadh le deacrachtaí na Rúise ó thaobh cúrsaí ceannasaíochta san arm ach oiread.

Is deacair a shamhlú nach mbeidh tionchar ag na deacrachtaí seo ar dhul chun cinn an chogaidh, go háirithe má éiríonn leis na hÚcránaigh briseadh tríd.

Fág freagra ar 'Níl deireadh le tionchar cheannairc Wagner go fóill'