Níl cúis ar bith nach gcuirfeadh Clayton McMillan tús maith lena shaol i gCúige Mumhan

Agus buntáiste an bhaile ag na cúigí ar fad, beidh súil acu cur lena stór pointí

Níl cúis ar bith nach gcuirfeadh Clayton McMillan tús maith lena shaol i gCúige Mumhan

Tugann an sos seachtaine sa gCraobh Sé Náisiún deis d’imreoirí agus lucht leanúna a n-anáil a tharraingt tar éis an croitheadh a bhain na Breatnaigh asainn i mBabhta 3 den chomórtas seachtain ó shin. Tá coicís againn le snas a chur ar chúpla gné den imirt roimh chath an Grand Slam i gcoinne na Fraince, ach sin scéal do lá eile.

Idir an dá linn imreofar Babhta 12 den URC an deireadh seachtaine seo agus ó tharla go bhfuil buntáiste an bhaile ag na cúigí ar fad, beidh súil acu ar fad cur lena stór pointí.

Cé gurb iad Cúige Mumhan, atá sa 5ú háit ar an tábla, is túisce a bheas ag cur chun páirce anocht agus iad i gCorcaigh i gcoinne Dhún Éideann, atá sa 9ú háit, seans gur mó caint atá sa gCúige faoin bhfógra in rith na seachtaine gurb é Clayton McMillan, ó Chiefs na Nua-Shéalainne, a bheidh ina chóitseálaí don chéad séasúir eile.

Maidir leis an gcluiche anocht, má chuireann tú seasamh an dá fhoireann seo ar an tábla as an áireamh, níl mórán eatarthu. Tá painéal an dá fhoireann lagaithe de bharr gortuithe agus imreoirí atá ar dualgas idirnáisiúnta. Tá Peter O’Mahony agus Conor Murray, beirt a d’fhógair i rith na seachtaine go raibh siad ag éirí as an gcluiche idirnáisiúnta ag deireadh an chomórtais Sé Náisiún, chomh maith le Tadhg Beirne agus Jack Crowley, ar iarraidh ar Chúige Mumhan. Mar sin féin, má bíonn an Mhumhain cúramach ina chur chuige ba dhóigh leat go bhfaighidh siad an ceann is fearr ar na  cuairteoirí.

Amárach, imreoidh Cúigí Laighean, Uladh agus Chonnacht sa mbaile. As na trí chluiche, seans gur ag Cúige Laighean, atá ar bharr an tábla, atá an choimhlint is fusa. Tá siad i Staid Aviva i gcoinne Caerdydd, atá sé háit, foireann a chaill i gcoinne Chonnacht i mBabhta 11. Creidim go leanfaidh Cúige Laighean, a bhfuil chuile chluiche buaite acu an séasúr seo, orthu ag buachan amárach, go háirithe agus iad ag iarraidh an imirt mhíshlachtmhar a tháinig chun cinn i gcoinne na nOspreys i mBabhta 11 a cheartú.

Ag breathnú ar thábla an URC, shílfeá go bhfuil dúshlán sách mór roimh Chúige Uladh, atá sa 14ú háit, agus iad i gcoinne na Scarlets, atá san 8ú háit amárach. Ach cé go bhfuil sé áit eatarthu ar an tábla ach mar sin féin, níl ach bua amháin breise cláraithe ag na Scarlets, cúig bhua i gcomparáid leis na ceithre bhua a chláraigh na hUltaigh go dtí seo. Níl na Scarlets ach ceithre phointe níos fearr ná na hUltaigh. Cuir buntáiste an bhaile san áireamh, chomh maith leis an ngéarghá le taispeántas dearfach, de bharr lag-iarracht na nUltach i gcoinne Benetton i mBabhta 11, cluiche a chaill siad 34-19, agus go tobann caithfear claonadh i dtreo fhoireann an bhaile. An bhfuil sprid sa lámh dhearg fós?

Tá Benetton, atá sa 7ú háit, ar an mBóthar Beag ag tabhairt dúshlán na gConnachtach, atá sa 11ú háit. Ní scarann ach bua amháin agus ceithre phointe na foirne seo. Mar sin féin, chaill na Connachtaigh ceithre chluiche as chúig iarracht le gairid agus chláraigh Benetton trí bhua san achar céanna. Léargas b’fhéidir ar an dúshlán a bheidh roimh fhoireann na Gaillimhe amárach. Ach tá ceithre chluiche le n-imirt acu as baile idir seo agus deireadh na réamhbhabhtaí. Níl an dara rogha acu anois. Caithfidh siad an beart a dhéanamh arís.

Fág freagra ar 'Níl cúis ar bith nach gcuirfeadh Clayton McMillan tús maith lena shaol i gCúige Mumhan'