Pointe leath bealaigh URC na bliana seo a bhí i mBabhta 9 den chomórtas a imríodh an deireadh seachtaine seo caite. Is fiú a mheabhrú go bhfuil Cúige Chonnacht agus Cúige Uladh cluiche amháin taobh thiar de go leor de na foirne de bharr na drochaimsire ag tús Dheireadh Fómhair, rud a chuir bac orthu Babhta 2 den chomórtas a imirt. Imreoidh siad na cluichí sin amach anseo. Ach is pointe maith é seo le breithiúnas a thabhairt ar sheasamh na gCúigí agus iad ag réiteach do Bhabhta 3 de Chorn na gCuradh agus de Chorn an Dúshláin an deireadh seachtaine seo.
In ainneoin tús neamhghnách ó churaidh reatha an chomórtais, Cúige Laighean, agus iad ag cailliúint trí chluiche as a gcéad ceithre iarracht, tá na cosa ar ais fúthu arís. Níor chaill siad aon chluiche in aon chomórtas ón lá sin i bPáirc an Chrócaigh nuair a thug Cúige Mumhan greadadh (31-14) dóibh i mBabhta 4 den URC. Cé nach bhfuil siad suite san áit is iondúil dóibh ar bharr an tábla, tá foireann Leo Cullen breá compordach sa gcúigiú háit ar an tábla agus gan ach sé phointe á scaradh ó na Stormers atá ar a bharr faoi láthair. Ní hamháin sin, ach is ag feabhsú agus ag treisiú atá na Laighnigh le chuile chluiche.
Ní hionann an cás do na Muimhnigh faraor, cé nach bhfuil siadsan ach áit amháin níos ísle ná Cúige Laighean, sa séú háit ar an tábla agus iad ar chomhphointí leis na curaidh. In ainneoin tús dearfach agus iad ag clárú cúig bhua as a chéile san URC, tá na maidí ligthe le sruth ag na Muimhnigh le cúpla seachtain anuas. Mar bharr ar an mí-ádh, chaill siad sa mbaile i gcoinne Chúige Laighean agus i gcoinne Chúige Uladh i mBéal Feirste le linn chluichí idirchúige na Nollag. Caithfidh Cúige Mumhan an meath seo a stopadh agus é a dhéanamh go luath nó beidh siad i mbaol titim níos ísle ná an t-ochtú háit ar an tábla. Níl siad baileach i gcruachás fós ach caithfidh siad a bheith an-chúramach.
Cé a cheapfadh go mbeadh na hUltaigh suite níos airde ar thábla an URC ná aon Chúige eile ag an staid seo? Ní hamháin sin, ach tá cluiche fós le spáráil acu ar Chúigí Laighean agus Mumhan. Níor chaill Cúige Uladh ach dhá chluiche as ocht n-iarracht san URC go dtí seo agus tá siad breá sásta leo féin sa tríú háit ar an tábla agus trí phointe óna bharr.
Faraor, is tuairisc de chineál eile ar fad atá le fógairt agam i leith fhoireann Chonnacht. Tá siad suite i bhfad siar ar an tábla, iad sa dara háit déag, le sé chluiche as ocht n-iarracht caillte acu san URC. Cé nach bhfuil cúrsaí ag breathnú rómhaith dóibh, is fiú an cluiche i mBabhta 2 atá fós le n-imirt ag Cúige Connacht a lua. Ní dochar a mheabhrú ach oiread nach scarann ach trí phointe iad ó fhoireann atá san ochtú áit. Níl Cúige Chonnacht gan dóchas fós ar aon chaoi!
Ach is cluichí i gCorn na gCuradh agus i gCorn an Dúshláin atá romhainn an deireadh seachtaine seo. Cuirfidh Cúige Laighean fáilte inniu go Staid Aviva roimh La Rochelle na Fraince, foireann a bhuail Cúige Laighean sa gcraobh in 2022. Tá nimh idir na foirne seo ón lá úd agus ní chuidíonn bainisteoir La Rochelle, Ronan O’Gara, a bhíonn go síoraí seasta ag spochadh as Cúige Laighean le cúrsaí. Tá mise ag tuar bua do Chúige Laighean mar gur acu atá buntáiste an bhaile, beidh an slua leo agus ní ró-iontach atá La Rochelle ag déanamh sa Top 14 faoi láthair.
Tá dúshlán ollmhór roimh na Muimhnigh amárach agus iad ag imirt ar bhruach na Meánmhara i gcoinne Toulon, foireann atá suite sa gcúigiú háit ar thábla an Top 14. Míorúilt a bheas ann má éiríonn le Cúige Mumhan an lá a thabhairt leo, ach cuimhnigh go ndearna siad a leithéidí cheana!
Sa gcomórtas sóisearach, Corn an Dúshláin, is as baile a bheas Cúige Chonnacht agus Cúige Uladh. In Montpellier, i ndeisceart na Fraince a bheas na Connachtaigh amárach ag tabhairt faoi fhoireann na cathrach sin. Níor chaill Montpellier sa gcomórtas seo fós agus tá siad suite i lár thábla an Top 14. B’fhéidir gur leor sin a rá faoin dúshlán atá roimh Chonnachta amárach.
Is i Staid an NRCA in Amstardam a bhí Cúige Uladh ceaptha imirt i gcoinne na Cheetahs amárach. Cé gurb as an Afraic Theas na Cheetahs, roghnaigh siad Staid an NRCA mar a suíomh baile don chomórtas seo. Ach de bharr na drochaimsire sa taoibh sin den Ísiltír tá an cluiche á imirt anois ag club Dukes Rugby i Nertogenbosh agus mar bharr ar an mi-ádh ní bheidh aon lucht féachana ag an gcluiche.
Is cinnte nach bhfuil a dheireadh cloiste againn.
Ach ar aon chaoi níor bhuaigh na Cheetahs cluiche amháin féin sa gcomórtas go dtí seo. Ní dóigh go mbeidh aon athrú ar sin amárach, go háirithe agus Cúige Uladh ag imirt chomh maith is atá faoi láthair.
Fág freagra ar 'Níl Cúige Mumhan baileach i gcruachás fós, ach caithfidh siad a bheith an-chúramach'