Níl Cúige Chonnacht gan seans ar bith ach Cúige Laighean is láidre

Inniu agus amárach atá na cúigí ag imirt i gCorn na gCuradh

Níl Cúige Chonnacht gan seans ar bith ach Cúige Laighean is láidre

Seans gur Cúige Laighean an t-aon chúige a bhí díomách lena gcur chuige agus lena dtoradh sna cluichí Eorpacha an deireadh seachtaine seo caite.

Is cinnte go bhfuil siad sásta dá bhrí sin go bhfuil buntáiste an bhaile acu anocht agus iad ag tabhairt faoi Chúige Chonnacht den dara huair le seachtain. Seans go mbeidh díomá orthu nach bhfuil siad ach ag tabhairt farasbarr cúig  phointe isteach sa gcluiche seo.

Mar sin féin, is deacair teacht ar mhórán seachas dílseoirí móra de chuid Chonnacht, b’fhéidir, atá ag tabhairt seans ar bith d’fhoireann na Gaillimhe anocht. Fós féin, is fiú a mheabhrú gur thug na Connachtaigh a ndóthain le déanamh do Chúige Laighean sa gcéad chluiche, iad ocrach agus fíochmhar sa síneadh amach agus sa gclibirt. Is leis an gcosaint agus le cúpla cic ó bhróg Carty a bhain na deacrachtaí a bhí ag fir an Iarthair. Is cuma cén casadh a chuireann tú ar an scéal, ní féidir leithscéal a fháil faoin gcaoi ar lig Cúige Chonnacht do James Lowe dhá úd a aimsiú ó 40 méadar amach agus gan aon chosantóir ag leagan oiread is lámh air. Ní raibh an imirt sin sách maith ach an oiread leis an gcúpla deis scórála a chuir Jack Carty amú.

Má chuireann Cúige Chonnacht na fadhbanna sin ina gceart agus má ionsaíonn siad an freasúra mar a rinne siad seachtain ó shin níl siad gan seans. Ach ní minic ag Connachta dhá chluiche mhaithe a imirt as a chéile.

Amárach, cuirfidh Mumha, foireann atá cúig phointe le sruth ón gcéad chluiche, fáilte go Luimneach roimh Exeter.  Rinne Mumha éacht sa gcéad chluiche, toradh a thugann neart cúis dóchais dóibh agus iad sa mbaile. Ach beidh fios maith ag Exeter cé chomh hiomaíoch agus atá Cúige Mumhan agus an cháil atá orthu a bheith beagnach dochloíte ag baile. Ainneoin sin ar fad, caithfidh Mumha a bheith an-chúramach go deo agus iad i gcoinne iarchuraidh an chomórtais seo agus foireann atá sa gceathrú háit ar thábla an Premiership faoi láthair. Tá an mianach anseo do shárchluiche.  Go deimhin má bhíonn sé fiú leath chomh maith le cluiche na seachtaine seo caite beidh an choimhlint dochreidte ar fad. Tá fáil arís ag na Muimhnigh ar chúpla imreoir chéad rogha rud a chuirfeas le díocas an lucht leanúna. Tá mise ag tuar bua do Chúige Mumhan ach ní bheidh mórán ann ag deireadh ochtó nóiméad. Dála an scéil, beidh tionchar ollmhór ag an slua i bPáirc Thuamhan ar an gcluiche seo. Cuimhnigh gur deacair lucht leanúna glórach na Mumhan a shárú.

Amárach freisin cuirfidh Cúige Uladh fáilte go Béal Feirste roimh churaidh an chomórtais, Toulouse. Beidh an staid lán go geata agus lucht leanúna Uladh ag súil go mbeidh siad in ann tógáil ar an tsár-imirt agus an toradh a fuair siad sa bhFrainc seachtain ó shin. Tugann Ulaidh farasbarr cúig phointe isteach sa gcluiche seo, rud a chuirfeas go mór lena mian, ní hamháin don chluiche seo ach don chomórtas freisin. Cé gur éirigh le Cúige Uladh scór maith 26-20 a aimsiú sa gcéad chluiche is fiú a mheabhrú gur imir Toulouse an chuid is mó den chluiche sin le ceathrar imreoirí déag de bharr cárta dearg. Fágann sin go bhfuil drogall ormsa toradh a thuar don chluiche seo, seachas a rá go bhfuil deis iontach ag foireann an bhaile céim mhór Eorpach a thógáil amárach, ach ní bheidh mórán idir na foirne ag deireadh an chluiche seo

Fág freagra ar 'Níl Cúige Chonnacht gan seans ar bith ach Cúige Laighean is láidre'