Níl blas ná dath á fháil ag daoine ar an bpeil níos mó agus ní foláir gníomh a dhéanamh

Mórtas cine agus dlúthpháirtíocht le comhghleacaithe club is contae a mheallann daoine go dtí na cluichí anois seachas súil le taitneamh, pléisiúr agus le blúire beag áilleachta anseo is ansiúd

Níl blas ná dath á fháil ag daoine ar an bpeil níos mó agus ní foláir gníomh a dhéanamh

Ní túisce cluiche na seachtaine seo caite idir Ciarraí agus Doire thart agus bhí an t-allagar agus an cnáimhseán tosnaithe faoina bhfuil i ndán do chluiche na caide.

Ba mhinic cheana a chuala daoine ag cáiseamh caighdeán na caide, ag cur síos ar chlaochló a bheith tagtha ar an imirt a mheall isteach ina leanaí iad agus ag cur is ag cúiteamh fé ghné amháin nó gné eile den imirt nár thaitin leo. Tá breis is fiche bliain ó d’fhógair prionsa an Teampaill Nua, Pat Spillane, gur bás a bheadh i ndán don gcluiche muna raghfaí i ngleic le ‘hurlacan an Tuaiscirt’ agus féach gurb ann fós do chluiche na nGael.

Braitheann sé difriúil anois, áfach. Is léir don uile dhuine gur cás leo staid agus seasamh an chluiche go gcaithfear dul i ngleic le ceisteanna stíle, le ceisteanna áilleachta is gráinneachta, agus le ceisteanna eile a fhágann ná fuil blas ná dath á fháil ag daoine anois ar mhúnla na himeartha ná ar chluichí ar nós an chluiche ceathrú ceannais idir Ciarraí agus Doire.

Go gairid tar éis an chluiche sin, bhuaileas le hÉamonn Fitzmaurice, ball de choiste Jim Gavin, coiste a bhfuil sé de chúram orthu athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha an chluiche d’fhonn teacht ar mhúnla éigin a chruthódh cluiche níos taitneamhaí don lucht féachana. Ba léir dom ó ghothaí agus ó bhriathra Mhic Mhuiris go dtuigeann sé go maith an dúshlán atá roimis an choiste agus nach thar oíche a thiocfaidh réiteach chucu.

Ní raibh iaruachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Seán Ó Ceallaigh, róthámáilte ar na meáin shóisialta go gairid i ndiaidh an chluiche ach an oiread agus é a’ rá gur dócha “go bhfuil imreoirí an lae inniu ag baint taitnimh as a bheith ag imirt ach, mo léan, nach spórt é a thugann taitneamh súl do scata go mbímse ag labhairt anois leo. Gníomh ag teastáil, agus tapaidh”.

Ní gach seachtain a bhíonn trasnáil idir cúrsaí spóirt agus cúrsaí reatha ach bhí litreacha á scríobh i gcaitheamh na seachtaine seo caite chuig eagarthóirí na nuachtán traidisiúnta agus ar dhuine acu siúd a chur peann le pár, bhí mo sheana-chara, Micheál Ó Glíosáin, iarimreoir le Ciarraí ó chumann Spá Chill Airne. Iarchomhairleoir contae is ea Micheál, leis, fear a rith in olltoghchán na bliana 2011 agus fear nach nós dó a bheith ag séideadh ná ag scaothaireacht.

Sa litir a sheol sé go dtí an Irish Times agus a foilsíodh chomh maith ins an Irish Examiner, bhí an Glíosánach ag maíomh gur dílseacht don dtreibh, mórtas cine agus dlúthpháirtíocht le comhghleacaithe club is contae a mheallann daoine go dtí na cluichí anois seachas súil le taitneamh, pléisiúr agus le blúire beag áilleachta anseo is ansiúd.

Is dócha go raibh an cheist sin sa treis riamh is choíche, cén dualgas atá ar imreoirí agus lucht bainistíochta cluiche a imirt nó a mhúnlú d’fhonn taitneamh a thabhairt don lucht féachana? An raibh sé i gceist riamh go mbeadh sé mar sprioc ag imreoirí cuid de bhráca agus de bhuairt an tsaoil a ruaigeadh ón té atá sa lucht féachana? An ndúirt aoinne riamh linne agus sinn ag imirt go raibh san ar cheann de bhunriachtanais na gcluichí? Cloistear coitianta anois in agallaimh (agallaimh a bhíonn tur agus seasc stóinsithe, a bhformhór) tar éis cluichí gurb é toradh na himeartha bun is barr a gcúraim is a mian. Tá an ‘líne’ fhíorúil, shamhailteach seo éalaithe léi go slim isteach sa bhfoclóir ag an uile imreoir agus fonn orthu a rá linn go gcaithfear an ‘líne’ seo a thrasnú ar ais nó ar éigean.

Tá líne eile ann, áfach. Líne í seo ná labhartar puinn uirthi agus ná luadh puinn ó tháinig na babhtaí ceathrú isteach in 2001. Sin í bunlíne an airgid agus bunriachtanas na heagraíochta atá ag iarraidh a stádas a choimeád mar eagraíocht amaitéarach. Don gcéad uair le ceithre bliana is fiche, níor sáraíodh tinreamh de 100,000 duine do na babhtaí ceathrú ceannais. Bhí 49,896 duine i bPáirc a’ Chrócaigh Dé Sathairn agus 47,406 a bhí i láthair don dá chluiche ar an nDomhnach.

Le blianta beaga anuas, beag beann ar leagan amach na craoibhe, tá tomhas agus léamh níos fearr á fháil ag an bpobal ar na babhtaí ceathrú ceannais. Taobh amuigh de Ghaillimh a bheith ag buachtaint ar Áth Cliath, is beag iontas a bhíonn ann don té a bheadh ag súil leis. Go deimhin féin, is í fírinne an scéil gur an iomad den aithne a bhí ag méadú ar an dtarcaisne i leith Átha Cliath, dá fheabhas iad. Ba mhó de spéis a bhí iontu nuair a bhídís, dála Don Quixote, ag bualadh dair le doirne agus iad ag teip is ag titim níos minice ná a mhalairt roimis réabhlóid Pat Gilroy.

Níl ansan ach leath an scéil, áfach, agus tá míle rud eile le cur san áireamh (costas ticéadaí ar cheann acu) más áil linn daoine a mhealladh i dtreo na gcluichí arís. Is fánach dom a bheith ag caint as seo go deireadh na craoibhe agus go deimhin le linn feachtais sraithe na bliana seo chughainn. Beidh na sluaite ag freastal ar chluichí an deireadh seachtaine seo chughainn arís mar tá an treabh dúisithe agus spreagtha ag teannadh le deireadh na craoibhe. Déanfar dearmad ar feadh tamaill ar an easpa ealaíne agus áilleachta atá i gcluiche na caide fé láthair mar nach í an áilleacht a chuireann an corcán a’ fiuchadh.

Ach caithfear an líne a tharrac in áit éigin.

Fág freagra ar 'Níl blas ná dath á fháil ag daoine ar an bpeil níos mó agus ní foláir gníomh a dhéanamh'

  • Kerry Blue

    Ag tagairt do na hagallaimh sin a dhéantar t’réis cluichí, deir an t-údar go neamhbhalbh go mbíd
    ‘seasc, stóinsithe’ agus ‘tur’, dar leis.
    Tagaim leis go huile is go hiomlán.
    An bhrilléis chomhionann, chomhfhaid, chomhleithid, chomhbhrí ag gach duine acu, glan amach as an ndil cheannann chéanna
    .i. an meaisín ollchumarsáide.
    An mana atá ag an meaisín seo ná:
    ‘Na deilíní cainte céanna a chaitheamh tharat aríst is aríst eile ar shlite éagsúla.’
    Cuimhním go minic, agus gramhas orm ag éisteacht leo, ar an agallamh a thug Micko Connell tráth dá raibh inar ceistíodh é faoin masseur nua a bhí faighte ag foireann Chiarraí, go ndúirt, gan fiacail a chur ann:
    “Ara, a dhuine na ngrást, ní chuirfeadh sé an cat féin ag crónán!”