Muintir na hÉireann ag triall ar na botháin vótála do thoghchán na huachtaránachta

Catherine Connolly agus Heather Humphreys atá san iomaíocht sa toghchán agus na hionaid vótála oscailte ón 7.00am ar maidin go dtí a 10.00pm anocht

Muintir na hÉireann ag triall ar na botháin vótála do thoghchán na huachtaránachta

Tabharfaidh daoine ar fud an stáit seo aghaidh ar na hionaid vótála inniu le duine de bheirt, Heathar Humphreys nó Catherine Connolly, a thoghadh ina deichiú huachtarán ar Éirinn.

Beidh 15 uair an chloig ag an bpobal vótála lena vóta a chaitheamh faoi rún sna hionaid vótála uilig ar fud an stáit, óna 7.00 ar maidin inniu go dtí a 10pm anocht.

De réir na bpobalbhreitheanna tá Catherine Connolly, a bhfuil tacaíocht Shinn Féin agus páirtithe eile na heite clé aici, i bhfad chun cinn, ach ag a naoi a chlog maidin amárach a thosófar ag comhaireamh na vótaí a caitheadh agus síltear go mbeidh an toradh againn faoi thráthnóna amárach.

Agus iad ag cur deireadh lena bhfeachtas tráthnóna inné, rinne an bheirt iarrthóirí, Catherine Connolly, neamhspleách, agus Heather Humphreys, Fine Gael, a n-achainí dheiridh ar an bpobal a vóta a chaitheamh ar a son féin.

Rud is annamh, bhí an Ghaeilge ar cheann de na príomhábhair a tharraing caint le linn an fheachtais seo. Dúirt Catherine Connolly le Tuairisc i bhfíorthús a feachtais go raibh sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag an uachtarán agus ba mhinic an cheist i lár an allagair ina dhiaidh sin.

Nuair a cuireadh ceist ar dhaoine i bpobalbhreith de chuid an Irish Times cad é an tréith ba thábhachtaí dóibh a bheith ag iarrthóir, dúirt 3% gur “duine a labhraíonn Gaeilge” ba thábhachtaí.

D’ainneoin nach raibh ach an bheirt bhan ina n-iarrthóirí beidh trí ainm ar an bpáipéar vótála a bheidh le marcáil ag daoine inniu.

Tharraing Jim Gavin as an iomaíocht tobann go maith tar éis do na hainmniúcháin a bheith cláraithe, rud a fhágann go mbeidh ainm iarrthóir Fhianna Fáil ar an bpáipéar ballóide cé go bhfuil an tuáille caite isteach aigesean ón 5 Deireadh Fómhair.

Nóiméad roimh mheán oíche, ag 11.59pm ar an 10 Samhain, a thiocfaidh deireadh leis an dara téarma ag Micheál D Ó hUigínn in Áras an Uachtaráin mar Uachtarán na hÉireann.

Go luath san iarnóin an lá dár gcionn a insealbhófar an tUachtarán nuathofa i Halla Naomh Pádraig i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Mar a bhíonn i ngach toghchán sa tír seo, tá vóta amháin inaistrithe ag gach vótálaí faoin ionadaíocht chionmhar, an córas atá i bhfeidhm sa bpoblacht seo.

Ach a dtiocfaidh tú go dtí an t-ionad vótála, deimhneofar d’ainm is do sheoladh leat agus gheofar páipéar ballóide duit.

D’fhéadfadh go n-iarrfaí cruthúnas ort gur tú an duine a deir tú. Déanfaidh pas, ceadúnas tiomána, cárta aitheantais ar a bhfuil do phictiúr, cárta seirbhísí poiblí nó cáipéis oifigiúil éigin a bhfuil do sheoladh air, cúis. Sa gcás go ndiúltaíonn tú d’iarratas dá leithéid nó go mbíonn amhras ar an oifigeach ceannais fút, is féidir do chead vótála a dhiúltú.

Ach an t-oifigeach ceannais a bheith sásta, buailfear stampa oifigiúil ar an mbileog vótála agus tabharfar duitse, an toghthóir, í.

Anonn leat ansin go dtí an both nó scailp vótála agus caithfidh tú do chéad rogha trí uimhir 1 a scríobh sa mboiscín trasna ón té in mian leat mar Uachtarán agus uimhir a 2 agus a 3 do do dhara agus tríú rogha má bhíonn a leithéid agat. Níl aon rud eile le scríobh ar an bpáipéar sin.

Nuair a bheidh na boscaí vótaí á n-oscailt amárach, déanfar iad a réiteach de réir na vótaí céadrogha. Cuirfear líon na vótaí céadrogha a tugadh do gach iarrthóir ar fáil don cheann comhairimh agus leis an bhfigiúr sin déanfaidh an ceann comhaireamh amach an cuóta a bheidh ai bhfeidhm.

Sa toghchán seo níl ach folúntas amháin le líonadh mar sin is 50% de na vótaí bailí a caitheadh agus aon vóta amháin eile a bheidh mar chuóta. Sa gcás go mbeadh an méid sin vótaí nó tuilleadh lena chois ag iarrthóir amháin, fógrófar go bhfuil an duine sin tofa ag an bpobal le bheith mar uachtarán ar an tír ar feadh seacht mbliana eile.

Mura mbíonn díol cuóta ag aon iarrthóir, cuirfear an t-iarrthóir is lú vótaí céadrogha as an gcomhaireamh agus aistrítear a vótaí go dtí an chéad rogha eile a bhí acu.

Leanfar leis an bpróiseas sin nó go mbeidh dóthain vótaí ag iarrthóir amháin le go bhfógrófaí tofa an duine sin.

Ar an 11 Samhain, cuirfear an tUachtarán tofa faoi mhionn agus glacfaidh sí le mionn na hoifige ó Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann, Dónal O’Donnell.

De réir nóis, déanann an Taoiseach píosa cainte ansin sula dtugann an tUachtarán nuathofa an chéad óráid sa chúram nua.

Casann Banna Arm Uimhir 1 Amhrán na bhFiann ansin tráth a mbíonn an tUachtarán ag fágáil agus ag tabhairt aghaidh ar Áras an Uachtaráin.

Agus mionn na hoifige is airde sa tír glactha ag an Uachtarán nua, tabharfaidh sí a haghaidh ar Pháirc an Fhionnuisce agus ar a lóistín nua in Áras an Uachtaráin.

Fág freagra ar 'Muintir na hÉireann ag triall ar na botháin vótála do thoghchán na huachtaránachta'