Tá sé curtha i leith iarrthóir Fhine Gael sa toghchán uachtaránachta go bhfuil sí “ag brú Béarla” ar phobal na Gaeltachta i nDún na nGall.
Cháin an Comhairleoir Neamhspleách Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig go láidir feachtas Humphreys mar go bhfuil póstaeir thoghcháin i mBéarla amháin crochta acu ar chuaillí i nGaeltacht Dhún na nGall.
Deir Mac Giolla Easbuig gur léiriú é seo ar an “drochmheas” atá ag Heather Humphreys ar an Ghaeilge agus a lucht labhartha agus gur “mór an náire” an easpa measa sin.
Cé go bhfuil póstaeir le ‘Heather don Áras’ orthu le feiceáil in áiteanna i nGaeltacht Dhún na nGall, tá póstaeir nach bhfuil ach Béarla amháin orthu crochta i gcroílár shráidbhaile Ghaoth Dobhair.
“Níor shíl sí go raibh sé tábhachtach go leor an Ghaeilge a chur sa chéad áit agus taispeánann sé go bhfuil sí ag iarraidh Béarla a bhrú ar an Ghaeltacht, in áit an Ghaeilge a chur chun tosaigh”, a dúirt Mac Giolla Easbuig.
Mhaígh go bhfuil “lear mór daoine” ag tabhairt amach faoi na póstaeir seo ina cheantar féin i nDún na nGall agus gur dhúirt cuid mhór daoine leis, a thacaíonn le Fine Gael, go bhfuil vótaí “caillte” ag Heather Humphreys i nDún na nGall mar gheall air seo.
Tuairiscítear go bhfuil gach póstaer toghcháin de chuid Catherine Connolly atá crochta ar an bhFál Carrach, i nGort an Choirce agus i nGaoth Dobhair i nGaeilge amháin.
Tá sé ráite ag Heather Humphreys go minic nach bhfuil aici ach an cúpla focal ach deir sí go bhfuil an-mheas aici ar an teanga agus go bhfoghlaimeoidh sí í dá dtoghfaí ina huachtarán í.
Deir Mac Giolla Easbuig nach gcreideann sé go bhfoghlaimeodh sí an teanga agus gurb é seo “an dara huair” gur dhúirt sí é seo.
Aon bhliain déag ó shin, thug Heather Humphreys geallúint í féin go gcuirfeadh sí feabhas ar a cuid Gaeilge nuair a ceapadh ina haire Gaeltachta í i samhradh na bliana 2014 í.
Ag labhairt le Tuairisc le gairid, dúirt Catherine Connolly gur dhúirt cuid mhór daoine léi le linn an fheachtais, go raibh an Ghaeilge tábhachtach dóibh agus gur cheart go mbeadh Gaeilge ag uachtarán na tíre seo.
“An méid daoine a tháinig suas chugam agus iad a rá ‘tá an Ghaeilge thar a bheith tábhachtach dom, níl agam ach cúpla focal, níl sí agam fós’ – thuig siad agus chuir siad in iúl domsa go bhfuil an Ghaeilge thar a bheith tábhachtach agus [go bhfuil sé tábhachtach] go mbeadh Gaeilge ag an gcéad uachtarán eile.”
Pól Réamonn
Sin an fhianaise go lėir a theastaíonn uainn gur rogha mhícheart í.