‘Níl aon réiteach simplí ann chun an mianach a oscailt arís’ – an tAire Fostaíochta

D’fhógair an comhlacht Tara Mines go raibh an mianach san Uaimh le dúnadh go sealadach agus go leagfaí an bhreis is 650 fostaí atá ag obair ann as obair go dtí go n-osclófar arís é

‘Níl aon réiteach simplí ann chun an mianach a oscailt arís’ – an tAire Fostaíochta

Tá ráite ag an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Simon Coveney, nach léir go fóill cé chomh fada a bheidh Tara Mines i gcontae na Mí dúnta agus nach bhfuil aon réiteach simplí ar an scéal.

D’fhógair an comhlacht inné go raibh an mianach san Uaimh le dúnadh go sealadach agus go leagfaí an bhreis is 650 fostaí atá ag obair ann as obair go dtí go n-osclófar arís é.

Dúirt an Taoiseach sa Dáil tráthnóna go raibh an tAire Coveney le bualadh le bainistíocht Tara Mines an tseachtain seo chugainn ach gur tháinig an scéal go raibh an mianach le dúnadh aniar aduaidh airsean agus ar an rialtas. Dúirt Leo Varadkar go ndearnadh roinnt plé idir an rialtas agus lucht an mhianaigh le roinnt míonna anuas ach go raibh baint ag costais arda fuinnimh agus titim ar phraghas since leis an gcinneadh an mianach a dhúnadh.

Dúirt Ceannaire Shinn Féin, May Lou McDonald go raibh sé soiléir go raibh an mianach faoi bhrú le roinnt míonna agus go raibh airí “ina gcodladh” agus iontas bréige anois orthu agus an mianach dúnta.

Agus é ag labhairt le RTÉ ar maidin, dúirt bainisteoir ginearálta Boliden Tara Mines, Gunnar Nyström, nach bhféadfaí a rá cén uair a d’fhéadfaí an mianach a athoscailt ach go mbeadh baint ag an mboilsciú agus le praghas since leis an gcinneadh sin.

Dúirt sé go reáchtálfaí cruinnithe le ceardchumainn idir an dá linn chun na tacaíochtaí a d’fhéadfaí a chur ar fáil d’oibrithe a fhiosrú.

Dúirt an tAire Simon Coveney go dtógfadh sé thart ar mhí sula mbeadh an obair ar fad ag an mianach stoptha ach go gcuirfí tús anois leis an bpróiseas chun tacaíochtaí a chur ar fáil do na hoibrithe. Dúirt an tAire go gcaithfeadh an comhlacht comhoibriú go hiomlán leis an rialtas chun na tacaíochtaí sin a chur ar fáil.

Dúirt an Teachta Dála áitiúil, Peadar Tóibín, gur scéal tubaisteach a bhí i ndúnadh an mhianaigh do chontae na Mí mar go raibh Tara Mines mar chnámh droma an gheilleagair san Uaimh.

Is é Tara Mines, atá gar do cheantair Ghaeltachta na Mí, an mianach since is mó san Eoraip agus is leis an gcomhlacht ilnáisiúnta Sualannach, Boliden é.

Fág freagra ar '‘Níl aon réiteach simplí ann chun an mianach a oscailt arís’ – an tAire Fostaíochta'