‘Níl aon mhaitheas mé féin nó an Taoiseach a bheith ag Gaeilgeoireacht, mura gcuirtear seirbhísí ar fáil i nGaeilge’ – Uachtarán na hÉireann

Deir Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn gur chóir seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ‘mar rud nádúrtha’ agus gur chóir coláistí oiliúna múinteoireachta a bhunú sa Ghaeltacht

‘Níl aon mhaitheas mé féin nó an Taoiseach a bheith ag Gaeilgeoireacht, mura gcuirtear seirbhísí ar fáil i nGaeilge’ – Uachtarán na hÉireann

 

Tá ráite ag Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn nach bhfuil aon mhaitheas ann é féin nó an Taoiseach a bheith á labhairt as Gaeilge mura gcuirtear seirbhísí i nGaeilge ar fáil don phobal mar ‘cheart’ agus mar ‘rud nádúrtha’.

Ag labhairt dó ag Scoil Cheoil an Earraigh, a bhí ar siúl ar an mBuailtín ag an deireadh seachtaine, dúirt an tUachtarán chomh maith gur chóir smaoineamh ar choláistí oiliúna múinteoireachta a bhunú sa Ghaeltacht le dul i ngleic leis an nganntanas múinteoirí Gaeilge.

In agallamh leis an Uachtarán a craoladh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt sé go mbeadh “iarracht speisialta” á déanamh ag daoine do Bhliain na Gaeilge ach go gcaithfí a bheith “dáiríre” faoi chur chun cinn na teanga.

“Tá sé tábhachtach a bheith dáiríre faoin rud. Go minic agus mé ag smaoineamh air agus, mar shampla, ag léamh tuarascálacha [faoi] cé chomh deacair is atá sé múinteoirí Gaeilge [a fháil] agus mar sin, b’fhéidir gur maith an rud é na coláistí traenála a chur ar ais sna Gaeltachtaí ionas go mbeadh sé an-éasca an caighdeán a bhaint amach sna scoileanna,” arsa an tUachtarán.

Dúirt sé go bhfuil sé “fíorthábhachtach” go dtabharfaí dea-shampla ó thaobh labhairt na Gaeilge ach go gcaithfeadh an sampla sin teacht ó státseirbhísigh shinsearacha ar chóir dóibh baill foirne “a mhealladh” chun seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.

“Níl aon mhaitheas cúpla duine mar mé féin a bheith ag caint, nó fiú amháin an Taoiseach féin a bheith ag déanamh iarrachta faoin nGaeilge. Tá sé tábhachtach go mbeadh na ranna stáit agus an tseirbhís phoiblí [i gceist],” a dúirt Uachtarán na hÉireann.

Dúirt an tUachtarán go raibh sé “intuigthe go bhfuil cearta i gceist” le soláthar seirbhísí poiblí i nGaeilge, ach go raibh sé tábhachtach chomh maith go gcuirfí na seirbhísí sin ar fáil “gan brú a chur ar aon duine” agus “mar rud nádúrtha a bhaineann lenár n-aitheantas mar náisiún agus mar phobal”.

Fág freagra ar '‘Níl aon mhaitheas mé féin nó an Taoiseach a bheith ag Gaeilgeoireacht, mura gcuirtear seirbhísí ar fáil i nGaeilge’ – Uachtarán na hÉireann'

  • Mánus

    Cén réasúnú atá taobh thiar den smaoineamh an coláiste traenála LánGhaeilge nua dos na bunmhúinteoirí a lonnú sa nGaeltacht Oifigiúil? Is mó Gaeilgeoirí laethúla atá i gcuid mhaith ceantracha uirbeacha ná mar atá i gcuid mhaith des na ceantracha “Gaeltachta”. Ba chóir coláiste a bhunú in áit go mbeidh seirbhísí agus deiseanna ann dos na daoine óga. Cén buntáiste an seanfhoirgneamh ina mbíodh an scoil cónaithe Coláiste Íosagáin i mBaile Mhúirne a úsáid? Ba cineál Gulag iargúlta tuaithe i ndúiche Bhéarla a bheadh ann. Is cinnte nach mheallfadh a mhacasamhail daoine óga chun traenáil don Ghaeloideachas?

  • Learraí

    Tá cnámh droma éigin i lucht na teanga ó thuaidh. Is breá bog a thagann an chaint agus an tláithínteacht leis na polaiteoirí ach is beart borb a theastaíonn anois nó riamh seachas briathra baotha. Cén ról agus cén fhreagracht atá orthu sin maidir leis an gceist seo? Bheith ag clabaireacht de shíor? Táimid bréan bailithe den tseafóid cheannann chéanna. Bucáil libh.