‘Níl aon aiféala orm faoi’ – cosaint déanta ag comhairleoir Boris Johnson ar thuras 264 míle

I ráiteas a thug sé ag preasócáid neamhghnách tráthnóna, chosain Dominic Cummings a chinneadh turas 264 míle a thabhairt go dtí eastát a mhuintire le linn na dianghlasála

‘Níl aon aiféala orm faoi’ – cosaint déanta ag comhairleoir Boris Johnson ar thuras 264 míle

Tá ráite ag Dominic Johnson, comhairleoir sinsearach de chuid Phríomh-Aire na Breataine, nach bhfuil aon “aiféala” air  gur thiomáin sé 264 míle go dtí eastát a mhuintire le linn na dianghlasála.

I ráiteas a thug sé ag preasócáid neamhghnách tráthnóna, dúirt Cummings go raibh an méid a rinne sé “réasúnta” agus dúirt sé nach “aon bhotún” a rinne sé.

Thacaigh Boris Johnson inné lena chomhairleoir sinsearach nuair a tháinig sé chun solais gur thiomáin sé as Londain go dtí Durham agus a bhean chéile tinn. Ní raibh a fhios acu ag an am, a dúirt sé, cé acu an raibh nó nach raibh Covid-19 uirthi.

Tá brú ar Johnson tópar a thabhairt dá chomhairleoir agus é curtha ina leith gur sháraigh sé na srianta dianghlasála tráth go rabhthas ag impí ar an bpobal fanacht ag baile.

Dheimhnigh Cummings nár thairg sé do Johnson go n-éireodh sé as de bharr na conspóide.

Dúirt Cummings go raibh sé faoi bhrú mór ag an am agus go raibh daoine ag bagairt foréigin air agus ag teacht go dtí a theach ag béicigh agus ag bagairt.

Dúirt sé go raibh imní air gur in olcas a rachadh cúrsaí agus nach mbeadh sé in ann aire a thabhairt dá chlann fad is a bheadh sé ag obair de lá agus d’oíche i Sráid Downing. Mhaígh sé go raibh na rialacha “soiléir” go bhféadfaí eisceacht a dhéanamh má bhí páistí beaga i gceist.

Dúirt sé gur shocraigh sé gurb é an rud ab fhearr a d’fhéadfadh siad a dhéanamh ná dul go dtí teach ar fheirm a athar agus iad féin a leithlisiú ann.

Dúirt Cummings gur thuig sé an t-údar gur chuir an méid a foilsíodh sna meáin fearg ar dhaoine agus gur theastaigh uaidh deireadh a chur leis na “míthuiscintí” faoina chás.

Ba chóir a ráiteas a bheith tugtha níos luaithe aige, a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Níl aon aiféala orm faoi’ – cosaint déanta ag comhairleoir Boris Johnson ar thuras 264 míle'