Níl ‘an Ghaeilge shothuigthe’ san áireamh i mbille ar mhaithe le ‘plain language’ i bhfoirmeacha oifigiúla

Faoi bhille an tSeanadóra Aodhán Ó Ríordáin bheadh ar ranna rialtais agus comhlachtaí poiblí plean cinnte a bheith acu maidir le teanga shothuigthe shimplí a úsáid ina gcuid cáipéisí

Níl ‘an Ghaeilge shothuigthe’ san áireamh i mbille ar mhaithe le ‘plain language’ i bhfoirmeacha oifigiúla

Níl ‘an Ghaeilge shothuigthe’ san áireamh i mbille nuafhoilsithe a bhfuil faoi a chinntiú go mbíonn an ‘teanga’ a bhíonn in úsáid i bhfoirmeacha stáit simplí sothuigthe.

Dheimhnigh urlabhraí oideachais, Gaeilge agus Gaeltachta Pháirtí an Lucht Oibre an Seanadóir Aodhán Ó Ríordáin do Tuairisc.ie tráthnóna inné nach raibh foirmeacha Gaeilge san áireamh ina Bhille don Earnáil Phoiblí (Teanga Shothuigthe) 2019.

Dúirt Ó Ríordáin, áfach, go “mbreathnódh sé arís” ar cheist na Gaeilge sothuigthe agus níor  chuir sé leasú ar an mBille as an áireamh.

Cé gur ghéill sé go mbíonn fadhb mhór ann le Gaeilge “dhothuigthe” ar fhoirmeacha stáit, theastaigh uaidh, a dúirt sé tús áite a thabhairt don Bhéarla toisc an fhadhb litearthachta atá ag an mórphobal sa tír seo.

Faoi bhille Uí Ríordáin, bheadh ar ranna rialtais agus comhlachtaí poiblí plean cinnte a bheith acu maidir le teanga shothuigthe shimplí a úsáid ina gcuid cáipéisí.

“Ní mór dúinn a chinntiú go mbíonn tuiscint ag cách ar cháipéisí poiblí. Is minic gurb iad na daoine is mó a bhfuil dúshláin litearthachta le sárú acu is mó a bhíonn ag brath ar sheirbhísí poiblí.

“Níl gá ar bith le teanga chasta a úsáid mar bhac eile ar na daoine seo agus iad ag plé le foirmeacha oifigiúla nó cáipéisí nó foilseacháin eile rialtais. Agus 17.9% de dhaoine fásta neamhliteartha go feidhmiúil, tá sé soiléir go gcaithfimid iarracht níos mó a dhéanamh chun go mbeadh rochtain ag gach duine ar na seirbhísí poiblí ar fad.”

Fág freagra ar 'Níl ‘an Ghaeilge shothuigthe’ san áireamh i mbille ar mhaithe le ‘plain language’ i bhfoirmeacha oifigiúla'

  • Victor

    Cén fáth nach ndeir sé go hoscailte “C’mon, nobody really cares about Irish” . No really, céard a chuireann stop ar dhaoine é sin a rá go hoscailte nuair a thuigeann gach duine go bhfuil sé amhlaidh? An bhfuil náire fós acu é sin a rá? Nár chaill siad fós an náire sin?

  • Caoimhín

    Tá an Ghaeilge san áireamh sa bhille cheana féin. Seo a deireann sé sa bhille: ‘1. (1) In this Act—
    “document” means written or printed material (other than a statutory instrument) in
    any form including in electronic form, in either the English or the Irish language or in
    both, published by a public body that provides information about an enactment,
    programme or scheme administered by the body’

  • Victor

    A Chaoimhín, ní hí an Ghaeilge i gcoitinne nach bhfuil san áireamh, ach Gaeilge shoiléir, mar is faoi theanga shoiléir atá bille an Ríordánaigh.

  • Caoimhín

    Tá sé íorónach go bhfuil orm bille faoi theanga soiléir a shoiléiriú – Ainm an bille ná Bille um an Earnáil Phoiblí (Teanga Shoiléir), 2019. Tá na dhá teanga san áireamh sa bhille seo, ie go mbeidh Béarla soiléir nó Gaeilge shoiléir sna cháipéisí.

  • Victor

    Go raibh maith agat, a Chaoimhín as an soiléiriú soiléir, tá an ceart agat, bhreathnaigh mé ar an mbille féin. Ach cén fáth atá sé scríofa san alt, mar sin, nach bhfuil an Ghaeilge san áiremh sa mbille céanna? Tá Béarla agus Gaeilge ar chomhchéim ansin.

  • Tomás de Buitléir

    Ní thuigim. Má tá foirmeacha Gaeilge san áireamh, cén fáth a dheimhneodh an Seanadóir Ó Ríordáin a mhalairt?