‘Níl aithne agam níos mó ar na haghaidheanna atá le feiceáil timpeall orm’ – saol an mhic léinn in aimsir na paindéime

Tugann mac léinn in Ollscoil na hÉireann Gaillimh éachtaint dúinn ar shaol na hollscoile le linn na srianta agus na saoirse

‘Níl aithne agam níos mó ar na haghaidheanna atá le feiceáil timpeall orm’ – saol an mhic léinn in aimsir na paindéime

I rith shéasúr na Nollag, thit ciúnas iomlán ar mo chuntas ríomhphoist ollscoile. Ní raibh aon sonraí ná dátaí tábhachtacha á seoladh chugam agus bhí na scrúduithe críochnaithe. Briseadh an ciúnas sin go luath san athbhliain. Fáilte ar ais go Seimeastar 2, a bhí scríofa ar an ríomhphost, agus cosúil leis an aos léinn uile, bhí mo chuntas ríomhphoist ollscoile á phlúchadh le dátaí, eolas agus pleananna na hollscoile don dara seimeastar. Nuair a fhaighim an chéad ríomhphost sin a ropann an ciúnas, bíonn a fhios agam – táim ar ais arís.

Is fada an tamall ó bhí mé ar an gcampas. Táim sa tríú bliain anois, ach ní raibh mé ar an gcampas ó bhí mé sa chéad bhliain. Foghlaim ar líne a bhí i gceist agus mé sa dara bliain, agus bhí mé ag déanamh mo thréimhse sa Ghaeltacht an seimeastar deireanach.

Ar an gCeathrú Rua a bhí mé lonnaithe do mo sheimeastar Gaeltachta. Bhí ranganna againn in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Bhí sé ar an seimeastar is fearr a bhí agam san ollscoil go dtí seo. B’iontach an rud é a bheith in ann dul amach ansin agus casadh le gach duine ar an gcúrsa Gaeilge sa tríú agus sa cheathrú bliain. Bhíomar uilig in ann dul i dtaithí ar a bheith sa seomra ranga arís agus muid thiar i gConamara ag foghlaim agus ag cleachtadh ár gcuid Gaeilge. Bhí deacrachtaí maidir le Covid ann chomh maith agus srianta an rialtais ag athrú go minic. Bhí orainn seachtain nó dhó a chaitheamh ar líne mar gheall ar ráig san Acadamh.

Saoráideach go maith a bhí an t-athrú ón seomra ranga chuig an scáileán, a bhuíochas leis an obair dhian a rinne foireann an Acadaimh, agus iad ullamh i gcomhair gach athrú. Buíochas le Dia, bhí gach duine slán agus sásta agus níor chuir na deacrachtaí sin isteach ná amach ar an spraoi a bhí againn agus muid ar an gCeathrú Rua.   

Creid é nó ná creid, athraíonn saol na hollscoile go mór in dhá bhliain. Níl aithne agam ar na haghaidheanna atá le feiceáil timpeall orm níos mó. Mic léinn níos óige ná mé féin atá ag siúl thart, daoine a rinne an Ardteist le linn srianta Covid-19 agus atá ag iarraidh saol nua na hollscoile a bhlaiseadh. Mise? Tá mise ar mo mhíle dícheall ag iarraidh coinneáil suas. Chun é sin a dhéanamh, táim ag ól caife, mé ar snámh ann chun an fhírinne a rá.

Táim i mo chónaí i dteach i gcathair na Gaillimhe. Mé féin agus cúigear eile, i dteach ar a bhfuil an cíos róchostasach agus an spás teoranta, agus seisear againn i mullach a chéile ag iarraidh maireachtáil ansin.  Le linn an tseimeastair Ghaeltachta, bhí mé ag fanacht le teaghlach agus bean an tí ag tindeáil orm. Chuirtí mo bhéile ar an tábla dom agus ní raibh le déanamh agamsa ach mé féin a ní agus freastal ar na ranganna. Anois, tá neamhspleáchas iomlán faighte agam arís, chomh maith leis na buntáistí agus na míbhuntáistí a théann leis. Caithfidh mé mo chuid siopadóireachta féin a dhéanamh, agus an bia a chócaráil mé féin. Ní saineolaí mise ar cheachtar den dá cheird sin, ach táim fós beo agus nach ndeirtear go múineann gá seift. An rud is fearr faoin teach seo ná go bhfuil sé chomh cóngarach sin do lár na cathrach nach mbíonn siúlóid mhór fhada abhaile romham i ndiaidh oíche amach, agus is é sin an buntáiste is mó domsa.

Is minic ráite é ach déarfaidh mise arís é, is cathair iontach í cathair na Gaillimhe i gcomhair an mhic léinn. Cathair álainn atá lán le himeachtaí is ócáidí is saol sóisialta taitneamhach don mhac agus don iníon léinn. Agus tromlach shrianta na paindéime scaoilte faoin tráth seo, tá siamsaíocht na hoíche i gcathair na Gaillimhe faoi lánseol arís agus cúrsaí níos fearr ná riamh.

Is deacair cur síos a dhéanamh ar an sásamh áirithe sin a bhaineann le bheith i do shuí i dteach tábhairne i ndiaidh a hocht a chlog istoíche, nó ag damhsa i gclub i ndiaidh an mheán oíche. Ná ceap go mbím ag pléaráca agus ag dul le haer an tsaoil gach oíche. Fiú dá mbeadh an fonn sin orm ní hacmhainn domsa ná déarfainn d’aon mhac ná iníon léinn eile sin a dhéanamh. Ach is breá an rud go bhfuil an rogha sin agam arís.   

Fág freagra ar '‘Níl aithne agam níos mó ar na haghaidheanna atá le feiceáil timpeall orm’ – saol an mhic léinn in aimsir na paindéime'

  • An Teanga Bheo

    An saol mór amach romhat agus neamhspleachas de dhíth ort is aoibhinn beatha an scolaire