Ní thabharfaidh bua sa Róimh inniu slán Éire ó náire na seachtaine seo caite

Fiú má éiríonn le foireann na hÉireann bua cuimsitheach a fháil ar an Iodáil inniu, ní fhéadfá a rá go raibh comórtas maith ag an bhfoireann

Ní thabharfaidh bua sa Róimh inniu slán Éire ó náire na seachtaine seo caite

Tháinig na Francaigh go Baile Átha Cliath ina mílte an deireadh seachtaine seo caite agus tar éis cluiche a bhí thar a bheith fisiciúil ón gcéad nóiméad, ach paiseanta agus sciliúil an t-am ar fad, faraor géar cuireadh deireadh le brionglóid na hÉireann an dara Grand Slam in imeacht trí bliana agus an tríú craobh Sé Náisiún as a chéile a ghnóthachtáil.

Tromluí agus crá croí a d’fhág na Francaigh ina ndiaidh! Abhaile leo le hiarracht a dhéanamh greim a fháil ar chraobh na Sé Náisiún iad féin tar éis cluiche na hoíche anocht i gcoinne na hAlban i bPáras.

Léirigh na Francaigh a n-uaillmhian ó thús an chluiche. Cheil siad scór de chineál ar bith ar na hÉireannaigh in ainneoin seilbh na liathróide a bheith ag foireann an bhaile sa gcéad cheathrú uaire. Go deimhin, thrasnaigh Éire líne úid na Fraince ach theip orthu an liathróid a thabhairt chun talún. Peaca marfach, i mo thuairimse.

Is cinnte nár chuidigh an dá chárta buí a bronnadh ar Joe McCarthy agus Calvin Nash le hiarrachtaí na hÉireann ach bhí ár rás rite nuair a chuir na Francaigh cúigear tosaithe chun páirce sa 48ú nóiméad den chluiche. Nóiméad ina dhiaidh sin chláraigh na cuairteoirí a dtríú húd. Tháinig an ceathrú húd agus an pointe bónais go luath ina dhiaidh sin.

Sea, deireadh lenár mbrionglóid agus údar náire dúinn gur cheap muid go raibh muid gar ar bhealach ar bith do chaighdeán imeartha na Fraince.

Anois agus ceacht foghlamtha againn, tá muid ag tabhairt aghaidh ar an Róimh inniu agus muid ar thóir bua maith agus cuimsitheach ar na hIodálaigh. Seans go n-éireoidh linn é sin a dhéanamh. Léiríonn dearcadh amháin ar an tábla an tábhacht atá ag baint le bua maith.

Roimh chluichí an lae inniu is iad na Francaigh atá ar bharr thábla na Sé Náisiún le sé phointe dhéag, na Sasanaigh atá sa dara háit le chúig pointe dhéag agus Éire sa tríú háit le ceithre phointe dhéag, díreach mar a bhí muid roimh thús chluiche Bhabhta 5 i gcoinne na bhFrancach seachtain ó shin.

Fiú má éiríonn le hÉirinn bua a aimsiú sa Róimh inniu, ní féidir linn níos mó ná naoi bpointe dhéag a chlárú, sin má éiríonn linn ceithre úd a aimsiú. Ach, sa gcás go mbíonn an lámh in uachtar le pointe bónais ag na Sasanaigh ar na Breatnaigh i gCaerdydd tráthnóna inniu, bheadh scór pointe acu agus bheadh siad chun cinn orainne ar thábla an chomórtais. An ndéanfaidh na Breatnaigh gar mór dúinn agus a bheith cothrom féin leis na Sasanaigh ag deireadh an chluiche? Is deacair é sin a shamhlú, cuimhnigh nach bhfuil cluiche amháin féin buaite acu sa gcomórtas.

Is deacair tada eile seachas bua éasca do na Francaigh ar Albain a shamhlú sa tríú cluiche inniu. Creidim go n-ardaíodh Les Bleus craobh an Sé Náisiún den seachtú huair ó thús an chomórtais seo, toradh a bheas tuillte ag an bhfoireann is fearr sa limistéar seo.

Fiú má bhíonn bua againn ar na hIodálaigh inniu agus ceithre chluiche as cúig cinn buaite le linn an earraigh, fós féin, is craobh Sé Náisiún a bhí againn an geábh seo.

Fág freagra ar 'Ní thabharfaidh bua sa Róimh inniu slán Éire ó náire na seachtaine seo caite'