Tá súil ag Comhairle Contae an Chabháin ranganna Gaeilge saor in aisce a chur ar fáil do bhaill foirne agus do bhaill tofa de chuid na comhairle ag tús na bliana seo chugainn
Glacadh le rún go gcuirfeadh an chomhairle contae ranganna Gaeilge saor in aisce ar fáil mar chuid de phlean teanga na comhairle atá á ullmhú faoi láthair.
Deir an comhairleoir de chuid Shinn Féin, Stiofán Conaty, gur chuir seisean an smaoineamh chun tosaigh thart ar bhliain ó shin sa dóigh is go mbeadh “cumas” ag daoine “sna hionad éagsúla” sa chomhairle déileáil leis an phobal i nGaeilge.
Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Conaty go bhfuil daoine sa chontae ar mhaith leo a gcúrsaí a “phlé” i nGaeilge leis an chomhairle contae agus go bhfuil sé “tábhachtach” go mbeadh an chomhairle ábalta freastal ar na daoine sin.
“Ní hé díreach ar mhaithe le go mbeadh Gaeilge ag daoine aonaracha istigh sa chomhairle. Sa chomhairle tá an meon sin ann nach rud tábhachtach í an teanga agus gur cineál caitheamh aimsire atá inti. De réir a chéile, tá muid ag iarraidh é sin a athrú,” a dúirt sé.
Deir sé gur “cúis spreagtha” é go bhfuil oifigeach Gaeilge ceaptha anois sa chomhairle. “Tá rudaí ag bogadh ar aghaidh go mall, ach ar a laghad tá rudaí ag bogadh,” a deir Stiofán Conaty.
Dúirt Conaty gur ghá don chomhairle contae “freagracht” agus “ról ceannaireachta” a ghlacadh chun feabhas a chur ar chúrsaí Gaeilge i gcontae an Chabháin.
“Feiceann tú é sna suirbhéanna, i dtorthaí na ndaonáireamh agus ó thaobh céatadán na ndaoine atá ag freastal ar an Ghaeloideachas – ar bhun na dtáblaí uilig atá muid ó thaobh na staitisticí sin ó thaobh na Gaeilge de,” a dúirt Conaty.
De réir na hanailíse a rinne Tuairisc ar an daonáireamh is déanaí, An Cabhán an contae ba mheasa ó thaobh an líon den phobal a bhí ina gcainteoirí laethúla. Níor thug ach 479 den 81,704 duine a bhí ina gcónaí sa chontae le fios gur labhair siad an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais. B’ionann sin agus 0.6% díobh. Ní dúirt ach 6.5% de dhaonra an Chabháin go raibh Gaeilge an-mhaith acu, an céatadán is ísle sa stát.
Gaelscoil amháin atá sa chontae agus ní raibh ach 102 den 9,690 dalta bunscoile sa chontae ag freastal ar an scoil sin, 1.1% de dhaltaí bunscoile an Chabháin. Níl gaelcholáiste ar bith sa Chabhán, ná iarbhunscoil le haonad Gaeilge, rud a fhágann nach raibh aon dalta in ann oideachas dara leibhéal trí mheán na Gaeilge a fháil sa chontae.
Léirigh taighde eile a rinne Tuairisc gurb é contae an Chabháin an contae ina bhfuil an céatadán is ísle de dhaltaí a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge.
Dúirt Stiofán Conaty go bhfuil rudaí ag feabhsú, ach go bhfuil “go leor leor eile” le déanamh go fóill agus nach bhfuil siad ach ag “tús na hoibre” maidir le cúrsaí Gaeilge sa chontae.
Tá sé ar intinn ag Comhairle Contae an Chabháin tosú ar a bplean teanga in 2026.
Fág freagra ar 'Iarracht le déanamh contae an Chabháin a tharraingt ó bhun ‘tábla na Gaeilge’'