Ní reifreann é seo faoi ghinmhilleadh i gcúinsí teoranta – vótálaimis ‘Níl’

Is deis é vótáil 'Níl' sa reifreann seo chun sochaí a thógáil ina mbeidh níos mó tacaíochta ar fáil do mhná agus leanaí

Ní reifreann é seo faoi ghinmhilleadh i gcúinsí teoranta – vótálaimis ‘Níl’

An bhfuil tú idir dhá chomhairle faoi mholadh an Rialtais go ndéanfaí an tOchtú Leasú a aisghairm? Ba mhaith liom cás in aghaidh na haisghairme a chur in iúl go measúil, bunaithe ar thaighde eolaíoch, cearta an duine agus ar phrionsabail eiticiúla.

Is í an rogha atá os ár gcomhair sa reifreann ná ar chóir dúinn ginmhilleadh a dhéanamh dleathach. Mar sin, ba chóir dúinn scagadh a dhéanamh ar cad atá i gceist le ginmhilleadh. Is é a chiallaíonn ginmhilleadh ná gnáthamh leighis le deireadh a chur le beatha an fhéatais. De ghnáth, bíonn na comhráite a bhíonn agam le cairde bunaithe ar an gceist seo: ‘an bhfuil ‘beatha’ i gceist i gcás an linbh neamhbheirthe seo nó nach bhfuil?’

I gcás fhormhór na dtíortha a rinne ginmhilleadh dleathach, rinne siad é sula raibh scanadh ultrafhuaime ar fáil go forleathan. Sa lá atá inniu ann níl an leithscéal sin againn a thuilleadh. Tá i bhfad níos mó eolais againn faoi dhaonnacht an linbh agus na céimeanna forbartha is luaithe a bhíonn acu. Bhreathnaigh mé le déanaí ar fhíseán de scanadh ultrafuaime 11 seachtain a fuair mo chol ceathrar. I ndáiríre, ba é an rud ba ghleoite riamh! Bhí an leanbh beag ag síneadh a chos agus ag bogadh a lámh beag suas is anuas. Tá a fhios againn ó fhíricí eolaíocha maidir le leanbh neamhbheirthe atá 12 sheachtain d’aois go mbíonn a chroí ag bualadh, go mbíonn ingne agus gruaig air, go mbíonn na baill bheatha go léir aige, bíonn a aghaidh foirmithe go hiomlán. Ag an 10ú seachtain bíonn croí an linbh bhig ag bualadh ag 180 buille gach nóiméad – trí huaire níos tapúla ná do chroí féin!

Tá sé beartaithe ag an Rialtas ginmhilleadh gan srian ar bith a thabhairt isteach i gcás leanaí 12 sheachtain agus níos mó. An uair seo, is céim ar gcúl é vótáil ‘Tá’. Tá réiteach níos fearr ann do mhná maidir le toirchis ghéarchéime ná deireadh a chuir le saol an bheo sa bhroinn.

An raibh a fhios agat gur athraíodh ár ndlíthe maidir le ginmhilleadh cheana féin sa bhliain 2013? Tá sé dleathach in Éirinn deireadh a chur le toircheas chun beatha na máthar a chosaint, agus aontaím leis sin. Sa bhliain 2016, rinneadh 25 foirceannadh dlíthiúil, mar gheall go raibh saol na máthar i mbaol i ngach cás acu. Tugann an tOchtú Leasú deis do mhná an chóireáil is fearr a fháil le linn toirchis, agus dá bhrí sin is féidir foirceannadh dlíthiúil a fháil má tá saol na máthar i mbaol.

Is ionann na ‘cásanna crua’ a mbíonn trácht orthu agus céatadán beag bídeach de na cásanna ginmhillte go léir. Ach, ní reifreann é seo faoi ghinmhilleadh i gcúinsí teoranta nó i gcásanna crua – ginmhilleadh ar éileamh atá i gceist. Tá rún ag Rialtas na hÉireann ginmhilleadh a cheadú gan cúis ar bith suas go dtí trí mhí agus ginmhilleadh ar chúiseanna doiléire a bhaineann le meabhairshláinte go sé mhí. Téann an reifreann seo ar ghinmhilleadh i bhfad rófhada.

Sa Bhreatain is ar chúiseanna sóisialta a tharlaíonn 98% de ghinmhilltí. Is iad an dá chúis is mó a thugtar i gcás ginmhillte ná easpa tacaíochta agus deacrachtaí airgid. Agus an méid sin ar eolas againn, má thugtar isteach ginmhilleadh mar réiteach in ionad tacaí dearfacha sóisialta, is léir go bhfuil locht mór orainn mar shochaí.

Is deis é vótáil ‘Níl’ sa reifreann seo chun sochaí a thógáil ina mbeidh níos mó tacaíochta ar fáil do mhná agus leanaí, gan uafás an ghinmhillte. Tá go leor roghanna dearfacha ann cheana do mhná i gcás an toirchis archéime, ach ní chuirtear maoiniú ar fáil do na roghanna sin agus ní phléitear a dhóthain iad. Tá súil agam, tar éis an reifrinn seo, go dtabharfaidh an rialtas níos mó airde ar na seirbhísí seo. Is féidir linn cearta na ndaoine is lú agus is leochailí a chosaint gan ualach breise a chur ar mhná agus tá dualgas orainn é seo a dhéanamh.

Is é an tuairim atá le cloisteáil ón bpobal ar fud na hÉireann ná nach bhfuil muintir na hÉireann sásta leis na dlíthe ginmhillte atá á mbrú ag an Rialtas orainn. Ní féidir linn talamh slán a dhéanamh de, ach táim muiníneach go dtiocfaidh muintir na hÉireann amach Dé hAoine agus go vótálfaidh siad ‘Níl’.

– Is mac léinn í Clár Nic Cárthaigh atá i mbun feachtais i gcoinne aisghairm an Ochtú Leasú. Is ball í den ghluaiseacht ‘LoveBoth’. 

Fág freagra ar 'Ní reifreann é seo faoi ghinmhilleadh i gcúinsí teoranta – vótálaimis ‘Níl’'

  • Seán Mag Leannáin

    Aontaím go bhfuil an cheist an-chasta agus go bhfuil an leanbh sa bhroinn ag brath go hiomlán ar an máthair agus dá bhrí sin go bhfuil dlúthchaidreamh eisiach uathúil idir an bheirt acu ach ní féidir liom glacadh leis an tuairim go dtugann sé sin cead don mháthair deireadh a chur d’aon ghnó le saol an linbh.
    Rialaigh an Chúirt Uachtarach le déanaí nach bhfuil aon chearta daonna ag an leanbh roimh bhreith ach a mbronntar air/uirthi san ochtú leasú. Dhearbhaigh an t-iar-Bhreitheamh Ard-Chúirte Brian McMahon gur chiallaigh an breithiúnas sin nach mbeadh ceart ar bith ag an leanbh roimh bhreith tar éis aisghairm an Ochtú Leasú. Glacann Amnesty International leis an dearcadh céanna – nach dtosaíonn cearta daonna go saolaítear an leanbh.
    Ní féidir liomsa glacadh le hidirdhealú chomh glan sin idir leanbh roimh bhreith agus leanbh nuabheirthe. Is é/í an leanbh céanna é/í i gcónaí. Ní athraíonn sé/sí tar éis solas an lae a fheiceáil don chéad uair. Ní athraíonn sé/sí thar oíche ó neamhdhuine go duine.
    Sin an fáth go mbeidh mise ag vótáil Níl sa reifreann ar an Aoine.

  • Pádraic

    An bhfuil tú sásta leis an status quo mar sin? Mura nglacfar leis an reifreann seo ní thiocfaidh aon athrú at chúrsaí sa tír seo agus léiríonn cás Savita Halappanavar agus cásanna eile nach iad go bhfuil sé in am na rialacha ginmhillte a athrú. Dá mbeadh sochaí gan locht againn ní bheadh aon ghá le ginmhilleadh ach faraor ní hin mar atá. Bíonn ginmhilltí ag mná as Éirinn cheana féin agus ní thiocfaidh aon athrú air sin is cuma cén toradh a bheidh ar an reifreann. Ní chuireann na rialacha atá ann faoi láthair cosc orthu ginmhilleadh a fháil thar lear nó piollaí a cheannach ar line. Nárbh fhearr go bhfaighidís an cúram atá dlite dóibh ina dtír féin agus I dtimpeallacht shábháilte?