Ní ‘reachtaíocht le haghaidh teanga bheo’ atá á cur trí Pharlaimint na hAlban

Deir an sochtheangeolaí Conchúr Ó Giollgáin go seachnaítear i reachtaíocht nua ‘an fhianaise shoiléir’ go bhfuil na pobail Ghàidhlig atá fós ar marthain ‘ar tí imeacht in éag ar fad’

Ní ‘reachtaíocht le haghaidh teanga bheo’ atá á cur trí Pharlaimint na hAlban

Ní “reachtaíocht le haghaidh teanga bheo” í an reachtaíocht nua teanga atá ag dul trí Pharlaimint na hAlban faoi láthair, dar leis an sochtheangeolaí Conchúr Ó Giollgáin.

Ag scríobh dó sa nuachtán Albanach The Scotsman, mhaígh Ó Giollagáin go mairfeadh Bile nan Cànan Albannach (Bille na dTeangacha Albanacha) “níos faide ná mar a mhairfidh pobail labhartha na Gàidhlig”.

“Ní reachtaíocht í do theanga bheo, agus déantar neamhaird ann de na hiarrachtaí laethúla atáthar a dhéanamh leis an nGàidhlig a choinneáil mar theanga phobail, agus tugtar tús áite don tuiscint gur teanga thánaisteach í an Ghàidhlig atá imithe ón tsochaí,” a scríobh an sochtheangeolaí Éireannach atá ag cur faoi in Albain le fada.

Mhaígh sé nach ndearnadh aon leasú chun feabhais ar an reachtaíocht sa dara dréacht di agus gur measa anois na laincisí atá ar an mBille.

“Seachnaítear ann an fhianaise shoiléir go bhfuil na pobail Ghàidhlig atá fós ar marthain, sna cúinsí reatha, ar tí imeacht in éag ar fad. Ní thugtar tús áite do na dúshláin a bhaineann le cothú na bpobal Gàidhlig agus mar sin tá easpa straitéise sa Bhille, tugtar an chluas bhodhar don fhíorimní atá ann, agus tá sé i vaighid ar fhís.

“I mbeagán focal, moltar sa Bhille go leanfar den status quo, atá fann agus maorlathach, a ghin an ghéarchéim shochaíoch Ghàidhlig atá anois ann,” a dúirt Ó Giollagáin.

Mhaígh sé go raibh an “bogás” agus an “tseachantacht” ba chúis leis an gcreimeadh teanga in Albain anois “institiúidithe” ach go raibh súil aige go ndéanfaí na leasuithe cuí ar an reachtaíocht atá molta agus í anois sa tríú céim i bParlaimint na hAlban.

Bíonn trí chéim i gceist le reachtaíocht a thabhairt isteach i bParlaimint na hAlban. Leagtar amach bunphrionsabail an Bhile sa chéad chéim agus tugtar deis do choistí parlaiminte é a iniúchadh. Bíonn díospóireacht ann i measc na bhfeisirí agus aontaítear ar na bunphrionsabail. Chuaigh Bile nan Cànan Albannach trí an gcéad chéim i mí Mheán Fómhair seo caite.

Sa dara céim is féidir le feisirí parlaiminte leasuithe a mholadh ar an reachtaíocht. Déanann coiste athbhreithniú ar na leasuithe a mholtar agus glactar le cuid acu agus diúltaítear do chinn eile. Tháinig an dara céim chun deiridh mí na Nollag.

Tá an Bille anois ag dul tríd an gcéim dheireanach. Is féidir leis na feisirí leasuithe eile a mholadh anois agus beidh vóta ann ina dhiaidh sin. Má ghlactar leis an mbille déantar Acht de.

Fág freagra ar 'Ní ‘reachtaíocht le haghaidh teanga bheo’ atá á cur trí Pharlaimint na hAlban'