‘Ní raibh ionam ach saghas ‘celebrity candidate’ dar leo’

Caitheann Tuairisc súil siar ar 2024 le roinnt Gael. Inár dteannta an geábh seo, tá an Feisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil, Cynthia Ní Murchú, a toghadh chun na Parlaiminte Eorpaí i mbliana.

‘Ní raibh ionam ach saghas ‘celebrity candidate’ dar leo’

Céard í an chuimhne is mó a bheidh agat ar 2024?

Gan amhras an chuimhne is mó atá agam ná a bheith tofa mar Fheisire Eorpach i mí an Mheithimh 2024. Déarfainn go raibh mé ar gach bóithrín beag idir Bré agus Beanntraí agus bhuail mé leis na mílte duine le linn an fheachtais. Bhí sé go hiontach bualadh leis an oiread sin daoine. Bhuail mé le feirmeoirí, siopadóirí, lucht na n-óstán agus úinéirí caiféanna. Pribhléid a bhí ann domsa a bheith ag éisteacht leo, gach aon duine acu lena scéal féin. Cuireann sé i gcuimhne duit cé chomh speisialta is atá an tír seo againne. Bhí mé chomh bródúil gur chuir na daoine sin muinín ionamsa agus gur bheartaigh siad mé a thoghadh chuig Parlaimint na hEorpa.

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2024?

Na scéalta ba mhó a chur áthas ormsa gan aon agó ná na cinn a chuaigh go tréan i ngleic le foréigean in aghaidh ban in Éirinn. Smaoiním ar an gcás a thóg Nikita Ní Laimhín in aghaidh Conor McGregor agus ar an gcás sin inar ionsaigh saighdiúir Natasha O’Brien i Luimneach. Le linn an fheachtais, thug mise cuairt ar árais tearmainn do mhná nach raibh aon áit eile le dul acu, mná a bhí ag streachailt go mór le héadóchas agus imní orthu faoina dtodhchaí. Caithfimid leanacht ar aghaidh ag caitheamh solais ar an ábhar seo, agus a dhúshlán a thabhairt.

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2024?

Labhair mé sa Pharlaimint i Strasbourg i ndíospóireacht faoi chomóradh 35 bliain de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Labhair mise i dtaobh na bpáistí atá ag fáil bháis in Gaza.

Tá os cionn 15,000 páiste maraithe in Gaza anois. Bhí líon mór acu sin níos óige ná cúig bliana d’aois. Rinne UNICEF cur síos ar Gaza mar ‘reilig’ do na mílte páiste. Dúirt mé san óráid sin gur chóir go mbeimis náirithe san Aontas Eorpach as ár bhfaillí agus d’éiligh mé go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcomhaontú trádála idir Iosrael agus an tAontas Eorpach.

Beidh na glúnta ag teacht ag fiafraí dínn cén fáth nach ndearna an domhan níos mó chun na mílte páiste a chosaint ar bhuamaí agus ar bhás. Táimse ag ardú Gaza sa Pharlaimint le tamall anuas, ach uaireanta braitheann sé amhail is nach bhfuil mo chomhghleacaithe ó roinnt tíortha eile ag éisteacht. Is minic go mbíonn na hairm atá in úsáid ag Iosrael ag teacht díreach trasna ón Aontas Eorpach. Caithfidh sé stopadh, agus leanfaidh mise ag troid chun go stopfaidh sé.

Cén tír nó áit speisialta ar thug tú cuairt air i mbliana?

Caithim laethanta saoire in iarthar Chorcaí gach Lúnasa, agus táimse tar éis fanacht sa teach céanna Óstán Rolf’s cúpla uair anois. Is aoibhinn liom Dún na Séad agus iarthar Chorcaí go ginearálta. Tá rud éigin draíochtúil faoin gcósta, pobal, cultúr, craic agus scéalaíocht na háite. Tá súil agam nach n-athróidh sé choíche.

Is breá liom nuair a bhíonn an deis agam dul go dtí an Ghaeltacht freisin. Bhí mé i gCorca Dhuibhne le déanaí i gcomhair cruinnithe. D’fhéadfá a bheith suite istigh i dtigh tábhairne agus feirmeoir ó Chnoc Bréanainn i gcúinne amháin agus Cillian Murphy thall sa chúinne ar an taobh eile, agus comhrá domhain ar siúl eatarthu. Tá fuinneamh ar leith ansin atá deacair a chur in iúl.

Ó thaobh cúrsaí cultúir agus siamsaíochta de, cad iad na cláracha, leabhair nó podchraoltaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort i mbliana?

Is breá liomsa na healaíona. Is ealaíontóir rúnda mé féin i ndáiríre. Is ealaíontóir í mo dheirfiúr agus tá meas an domhain agam ar a cruthaitheacht agus an paisean atá aici don scéalaíocht. Ní bhíonn mórán ama agam i gcomhair siamsaíochta anois ó toghadh chun na Parlaiminte mé. An t-aon léitheoireacht a bhíonn ar siúl agamsa anois ná ag léimh cáipéisí polasaí, reachtaíocht agus tuarascálacha oifigiúla ach i rith shaoire na Nollaig is cinnte go léifidh mé Small Things Like These arís – leabhar dochreidte ag Claire Keegan – atá anois ina scannán agus Cillian Murphy ann.

Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú i mbliana?

Má oibríonn tú go crua, is féidir leat aon rud a bhaint amach. Chuir mé m’ainm ar aghaidh don toghchán Eorpach i dtús 2024. Bhí ualach daoine sna meáin agus i gciorcail pholaitíochta nár bhac liom mar iarrthóir dáiríre, ní raibh ionam ach saghas ‘celebrity candidate’ dar leo. D’oibrigh mé le foireann bheag dhúthrachtach agus faoin 7 Meitheamh, bhíomar tar éis a bheith ag canbhasáil sna céadta baile agus sráidbhaile ar fud Éireann Theas. Bhí an feachtasaíocht strusmhar uaireanta ach bhí sé chomh fiúntach dom ag an am céanna. D’fhoghlaim mé má tá tú dírithe go dlúth le do chuspóir, agus má dhéanann tú an obair chrua, gur féidir leat aon ní faoin spéir a bhaint amach.

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rún a bhí agat ag tús na bliana?

Ní chreidim féin sna rúin athbhliana seo. Má tá tú ag iarraidh feabhas a chur ort féin, cén fáth go bhfanfá go Lá Caille chun tosnú? Bíonn daoine ag cur brú míréasúnta orthu féin i mí Eanáir, nuair a bhíonn an aimsir saghas duairc agus gruama ar aon nós. An cur chuige is fearr ná a bheith ag obair go leanúnach, beagán ar bheagán, ar an méid gur mhaith leat a bhaint amach sa tsaol agus do dhícheall a dhéanamh i gcónaí.

Fág freagra ar '‘Ní raibh ionam ach saghas ‘celebrity candidate’ dar leo’'