Nach deas é? Ní raibh ann ach cuireadh cosáin…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Ní raibh ann ach cuireadh cosáin…

Ní bhíonn aon mheas ar an gcuireadh cosáin. Ní bhíonn sé sách oifigiúil. Cuireadh fánach ar nós chuma liom a bhíonn ann.

Bíonn cosán caorach ann, cosán coiníní, cosán sráide, cosán sléibhe.

Tá an teach seo ina chis chosáin acu—tagann siad ar fad sa teach seo.

Cor faoi chosán a chur ar dhuine – é a chur ar an mbealach mícheart.

Dris chosáin—bac. Dá rachfá amach faoi dhris chosáin i do chraiceann in ainm an deamhain agus an diabhail bheadh buanaíocht agat ag imirt chártaí.

Nach í an dris chosáín i gcónaí í, a déarfaí faoi bhean chantalach.

Dá mbeadh fear ag súil le bean a fháil, is nach bhfaigheadh sé í, déarfadh na comharsana “go ndearna sé cosán dearg go dtína teach,” nó dá mbeadh sé ceanúil uirthi “go lífeadh sé an cosán ina diaidh”.

De réir na tairngreachta a rinne Brian Rua:

Beidh muileann ar gach sruthán,

Buataisí ar na brealláin,

Droichead ar gach cosán,

Cóiste faoi gach spriosán.

Fág freagra ar 'Nach deas é? Ní raibh ann ach cuireadh cosáin…'