Tá sé ráite ag Sinn Féin nach bhfuil sé ceart go bhfuil an rialtas ag ceiliúradh deich mbliana Eircode tráth a bhfuil an dlí teanga fós á shárú ag an gcóras.
In ainneoin go bhfuil fadhb maidir le húsáid leaganacha Béarla de logainmneacha Gaeltachta aitheanta le fada, rinne Charlie McConalogue, aire stáit sa Roinn Cumarsáide, comhghairdeachas inné leis an gcomhlacht Capita a bhfuil forbairt déanta acu ar Eircode as “an obair iontach atá déanta” acu le deich mbliana anuas.
Tá an scéal ina ábhar gearáin ag daoine sa nGaeltacht ó tháinig an córas Eircode isteach in 2015.
Léirigh imscrúdú a chuir Oifig an Choimisinéara Teanga i gcrích an bhliain sin gur sháraigh an Roinn Cumarsáide an dualgas reachtúil teanga maidir leis an úsáid a bhí á baint ag an gcóras Eircode as logainmneacha Gaeltachta. In 2021, chinn an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill tuarascáil faoin scéal a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus é den tuairim nach raibh moltaí an imscrúdaithe sin á bhfeidhmiú ina n-iomlán ag an Roinn.
Dúirt an Coimisinéir Teanga in 2016 gur spreag cás Eircode níos mó gearán ón bpobal ná mar a spreag aon chás eile ó bhunú na hoifige.
Tá an scéal fiosraithe go minic ag coiste Gaeilge an Oireachtais le roinnt blianta anuas, ach tá teipthe ar oifigigh ón Roinn Cumarsáide, An Post, Geodirectory agus Capita an fhadhb a réiteach go hiomlán.
In 2023, mhol an coiste sin don Rialtas gan síneadh a chur leis an gconradh a bhí acu le Capita go dtí go gcuirfí an scéal ina cheart ach rinneadh neamhaird ar an moladh sin.
Bhí urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, ina chathaoirleach ar an gcoiste Gaeilge ag an am agus tá ráite aige anois nach bhfuil sé ceart go mbeadh aire stáit ag moladh córas Éirchód agus an dlí fós á shárú ag an gcomhlacht.
“Tá an tAire McConalogue ag ceiliúradh obair ‘den scoth’ atá in aghaidh an dlí,” a dúirt Ó Snodaigh le Tuairisc. “Léiríonn a ráiteas go bhfuil an Roinn Cumarsáide fós ag tabhairt neamhaird ghlan ar an dualgas reachtúil teanga atá sáraithe aige, agus ar an tuarascáil chuimsitheach a chuir an Coimisinéir Teanga faoi bhráid na Dála in 2021.
“Ní mór don Aire a admháil nach ‘outstanding work’ é an dlí a bhriseadh agus go bhfuil an locht ar an Roinn agus gur gá dóibh a chinntiú agus athnuachan á déanamh ar an gconradh don Éirchód go gcuimseofar úsáid cheart na logainmneacha Gaeltachta inár dteanga náisiúnta amháin, de réir an dlí.”
Agus é ina aire stáit a raibh cúram Eircode air, thug Jack Chambers le fios nach mbeadh sé sásta síneadh eile a chur leis an gconradh le Capita nuair a rachaidh sé in éag in 2026 mura mbeadh ceist na logainmneacha Gaeilge réitithe.
Mhaígh an tAire Stáit go raibh oifigigh sa Roinn Cumarsáide i mbun oibre chun teacht ar bhealaí a bhféadfaí an fhadhb leis an nGaeilge a leigheas.
I ráiteas a chuir oifig an Choimisinéara Teanga ar fáil do Tuairisc, dúradh gur trí chóras nua na gcaighdeán teanga a chinnteofar go gcuirfear córais ar nós Eircode ar fáil i nGaeilge nó go dátheangach. Tá córas na gcaighdeán le teacht isteach in áit chóras na scéimeanna teanga ach tá moill lena chur i bhfeidhm go fóill.
“Níl aon éalú uaidh ag an tráth seo ach gur trí fhorordú caighdeán teanga sonrach ón Aire an beart do réiteach na n-easnamh maidir le cearta teanga sa chóras Éirchód,” a dúradh.
“Is é córas na gcaighdeán teanga an bealach is sciobtha agus is éifeachtaí leis na bearnaí reatha sa gcóras Éirchód maidir le húsáid an leagain Ghaeilge de logainmneacha Gaeltachta mar réamhshocrú agus oibríochtaí an chórais trí chéile i nGaeilge a réiteach.
“Tá béim leagtha ag an gCoimisinéir Teanga ina thráchtaireacht ar bhonn leanúnach ar an ngéar-riachtanas go dtabharfar seirbhísí idirghníomhaíochtaí comhlachtaí poiblí, lena n-áirítear an córas Éirchód go sonrach, faoi scáth an chéad sraith de chaighdeáin teanga a fhorordóidh an tAire Forbartha. Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.”
Dúirt Oifig an Choimisinéara Teanga go raibh an cás idir lámha ag Tithe an Oireachtais ó leagadh an tuarascáil faoina mbráid in 2021 agus gur chuir an oifig sin faisnéis bhreise ar fáil do choiste na Gaeilge ó shin i leith.
Fág freagra ar '‘Ní mór don Aire a admháil nach ‘outstanding work’ é an dlí a shárú’ – cáineadh déanta ar cheiliúradh Eircode'