Ní mór do Chúige Chonnacht spiorad agus uaillmhian a léiriú arís

Tá cluiche crua ag na cúigí go léir an deireadh seachtaine seo agus Cúige Chonnacht ag tabhairt aghaidh ar Chúige Uladh

Ní mór do Chúige Chonnacht spiorad agus uaillmhian a léiriú arís

Jack O’Donoghue le Jarrad Butler agus Jack Aungier. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Is cuma cén casadh a chuirtear ar chúrsaí, is é firinne an scéil gur scaoil na Connachtaigh seans iontach tharstu an bua a fháil i gcoinne na Muimhneach i bPáirc Thuamhan seachtain ó shin. Is cinnte go raibh a lucht leanta breá sásta leis an gcur chuige agus an spiorad a léirigh foireann an iarthair agus iad as baile tar éis an taispeántais náirigh a chonaic muid uathu seachtain roimhe sin. Ach in ainneoin an ardmholadh atá tuillte ag na Connachtaigh de bharr na haiséirí, níor leor í chun an lá agus ceithre phointe buacacha a thabhairt abhaile leo.

Fíor-dhrochsheans go raibh Andy Friend pioc sásta leis an aon phointe amháin a shlánaigh an fhoireann an Satharn seo caite. Cuimhnigh gur theip ar Chúige Chonnacht greim a choinneáil ar an liathróid nuair a chuir na Muimhnigh atús leis an gcluiche tar éis do na cuairteoirí dul cúig phointe chun cinn a bhuíochas d’úd Carty. Ní raibh ach cúpla nóiméad le himirt sa gcluiche nuair a sciob na Muimhnigh an liathróid ar ais ó na Connachtaigh agus choinnigh siad greim uirthi nó gur aimsigh siad úd slánaithe an bhua.

Is de bharr na lagiarrachta sin a chaill na Connachtaigh an cluiche: ní raibh cúis ar bith eile leis, an cúpla droch-chinneadh nach raibh fabhrach do na cuairteoirí a rinne an réiteoir, fiú amháin.

Níl a fhios agam ar gá mórán a rá faoi chluichí na nUltach agus na Laighneach i mBabhta 4. Bua le pointí bónais a bhí ag an dá fhoireann i gcluichí a bhí beagán ró-éasca i gcoinne foirne a bhí i bhfad faoi bhun an chaighdeáin a theastaíonn sa chomórtas seo.

Seans go gcuirfidh Glaschú tástáil níos fearr ar na Laighnigh agus buntáiste an bhaile acu siúd anocht. Ba cheart go mbeadh sárchoimhlint idir na foirne seo atá sa dara agus sa gceathrú háit ar an tábla faoi láthair, na Laighnigh in uachtar le ceithre bhua agus trí cinn ag Glaschú.

Amárach, beidh na Connachtaigh ag tabhairt faoi na hUltaigh i Staid Aviva. Ar an mBóthar Beag a bhí an cluiche seo le himirt ach shocraigh na Connachtaigh é a aistriú go dtí ceanncheathrú rugbaí na tíre chun buntáiste a bhaint as an spás níos mó atá ar fáil ansin don slua. Beidh le feiceáil an dea-chinneadh é sin mar go bhfuil an Aviva níos gaire do Bhéal Feirste ná do Ghaillimh.

Is deacair toradh an chluiche seo a thuar. Is iad na hUltaigh atá ar bharr thábla an URC agus lánphointí acu. Tá siad i bhfad chun cinn ar na Connachtaigh, foireann atá san 11ú háit agus gan ach an t-aon bhua amháin acu an séasúr seo. Mar sin féin, má éiríonn le Cúige Chonnacht an dea-imirt, spiorad agus uaillmhian céanna a léirigh siad i Luimneach seachtain ó shin a léiriú arís i mBaile Átha Cliath, ní féidir iad a chur as an áireamh. Má tharlaíonn sin, is cróga an té a chuirfeadh airgead ar cheachtar foireann. Bí cinnte go mbeidh sáriomaíocht i gcluiche a bhéas thar a bheith fisiciúil óna thús.

Chomh luath agus a bheas an cluiche sin thart san Aviva, beidh na Muimhnigh, dream atá sa tríú háit ar an tábla, sa mBreatain Bheag agus iad ag tabhairt faoi na hOspreysdream atá sa gcúigiú háit. Níl aon dabht ann ach go gcuirfidh na hOspreys, dream nár chaill ach cluiche amháin an séasúr seo tástáil chrua ar na cuairteoirí. Beidh foireann bainistíochta na Mumhan ag súil go seasfaidh an tástáil chrua a cuireadh orthu féin an tseachtain seo caite dóibh i gcluiche a bheas thar a bheith iomaíoch.

Mar a dúirt mé is deacair toradh aon cheann de na trí chluiche ina bhfuil na cúigí páirteach iontu an deireadh seachtaine seo a thuar ach is cinnte go mbeidh trí shárchluiche againn. Níl aon dabht faoi sin.

Fág freagra ar 'Ní mór do Chúige Chonnacht spiorad agus uaillmhian a léiriú arís'