Ní léir go dtuigeann méara Bhoston stair achrannach na cathrach

Agus an ghráin, an teannas agus an scliúchas a tharla i mBoston i 1974 á thabhairt chun cuimhne, ní tráthúil an beart a rinne méara Boston le déanaí…

Ní léir go dtuigeann méara Bhoston stair achrannach na cathrach

Ní shamhlódh aon duine Marty Walsh ag déanamh an bhirt a rinne Michelle Wu i mBoston go  gairid roimh an Nollaig.  Bheadh stuaim agus fadbhreathnaitheacht níos mó ag baint leis.  Níos tábhachtaí fós ní bheadh sé ina chroí go ndéanfadh sé a leithéid de bheart.

Shocraigh Michelle Wu, an té a tháinig isteach ina Méara ar chathair Bhoston théis do Mharty Walsh a dhul go Washington, nach gceadófaí polaiteoirí den chine bán isteach chuig ócáid d’ionadaithe poiblí den chine dubh agus do mhionlaigh eile nach geal a bhí a gcneas.

Nuair a cuireadh amach na cuirí, bhí fáilte roimh dhubh, buí agus bán.  Ach nuair a fuair Wu eolas faoi sin, socraíodh go gcuirfí na cuirí chuig na hionadaithe bána ar ceal.  Scríobhadh chuig na hionadaithe bána ag rá leo fanacht glan ar an ócáid.

Ceart go leor, tá an eagraíocht seo d’ionadaithe poiblí mionlaigh ar an saol le tamall maith ach ní hionann an cás nuair atá Méara cathrach ina ceann feadhna ag an ócáid.  Bheadh tábhacht ar leith ag baint le stuaim sa gcás sin agus an Méara ina príomhshaoránach ar chathair a raibh go leor teannais ann idir ciníocha san aimsir a caitheadh.

Agus cé nach raibh Michelle Wu, bean ábalta ar de chúlra na hÁise í, ar an saol seo nuair a tharla an chaismirt mhór faoi cheist na “busála” i mBoston i 1974, bheifí ag súil go mbeadh cloiste aice faoin aighneas agus tuiscint aici ar an stair sin.

Ní tráthúil an beart a rinne sí agus an ghráin, an teannas agus an scliúchas a tharla i mBoston i 1974 a thabhairt chun cuimhne. Cothrom an ama  seo leathchéad bliain ó shin a tharla an trioblóid mhór faoi chóras na mbusanna scoile i mBoston.  Beifear ag cuimhneamh air in 2024. Bhí an chuid ba mheasa den achrann in South Boston, bunáit thraidisiúnta na nÉireannach i mBoston, go deimhin, bunáit ag cuimse daoine as pobal na Gaeltachta sna blianta a caitheadh.

I mbeagán focal bhain an téarma “busing” sna Stáit Aontaithe le córas faoina gcuirfí gasúir den chine dubh isteach i scoileanna sna ceantair bhána agus go ndéanfaí a mhalairt ó thaobh leanaí bána de. I gcás South Boston – ceantar láidir den chine bán sna blianta sin – bheadh gasúir á dtabhairt go Roxbury, ceantar láidir ag an gcine dubh.  Bheadh a mhalairt i gceist as Roxbury go South Boston.  Iarracht fheidearálach a bhí ann le daoine óga as chuile chine a chur ar scoil in éineacht sa gcaoi agus go laghdófaí míthuiscintí agus trioblóidí idirchiníocha.

Phléasc sé ina chaismirt dhearg i South Boston.

Bhí go leor den chuid ba mheasa den easaontas ag tarlú thart ar an South Boston High School, áit a bhfuil eolas maith air ag go leor de mhuintir na Gaeltachta.

Cuireadh droch-cháil ar mhuintir na hÉireann agus ar a sliocht i South Boston.  Dúradh go raibh ciníochas ag baint leo.  Mar fhreagra air sin, dúradh go mba phobal dlúthcheangailte é South Boston le fada an lá.  Bhí a gcúlra féin ag baint le pobal an cheantair, a gcultúr féin agus a gcine féin.  Bhí oideachas a gcuid gasúr i gcroí an scéil agus bheadh sin caillte dá dtabharfaí amach na daoine óga as a gceantar féin.

Ar ndóigh, bhí raiceanna – nach raibh chomh nimhneach – faoin mbusáil in áiteacha eile i mBoston agus ar fud Mheiriceá.  Ba mhór an díol spéise é gur chuir Kamala Harris i leith Joe Biden go raibh seisean in aghaidh an bhusála – sin nuair a bhíodar beirt san iomaíocht d’ainmniúchán na nDaonlathach roimh thoghchán Uachtaránacht 2016.  Dúirt Biden gur chuir Harris an scéal as a riocht.

Ar ndóigh, tá sé tarlaithe ó shin gur roghnaigh an tUachtarán Biden Kamala Harris mar Leas-Uachtarán.

Nuair a tháinig lagan ar an clampar mór , cuireadh an bhusáil i bhfeidhm de réir a chéile.  Níor glacadh leis go fonnmhar ariamh in South Boston.  Fiú agus go raibh athruithe ag teacht ar chathracha agus nach bhféadfadh South Boston fanacht mar a bhíodh sé go brách, sí an bhusáil a bhain go leor den chroí Éireannach as an gceantar. D’athraigh cuimse daoine amach go dtí bailte móra ar fud Stát Massachusetts.  B’fhacthas dóibh go mbeadh an saol níos fearr ag an nglúin óg.  Cuireadh chun na scoile iad sna scoileanna poiblí áitiúla nach raibh faoin stát; ba bheag meascán ciníocha a bhí iontu sin mar gur sa gcathair a bhí formhór an chine dhuibh ag cur fúthu.

Cé a bhí ceart nó mícheart maidir le polasaí an bhusála?  Dúirt Kamala Harris gur chuidigh an córas léi féin.  As Oakland i gCalifornia í an Leas-Uachtarán.  Tá go leor i mBoston a chreideann fós go mba feall trom ar phobail áitiúla – dubh agus bán – an polasaí busála.

Scríobh an t-iriseoir cáiliúil Mark Little mar seo ina leabhar Turn Left at Greenland théis dó seal blianta a bheith caite aige ag obair sna Stáit Aontaithe:

‘In South Boston, the villains of the busing saga were the rich, liberal elitists who blindly imposed an unworkable scheme on a tightly knit community.  In the years after the ‘busing’ protests South Boston began a slow, terminal decline.”

Tá sin uilig leathchéad bliain ó shin ach maireann lorg 1974 agus na mblianta sin fós.  Níl Boston saor uaidh fós.   Ag trácht air sin b’iontach an éacht a rinne Marty Walsh ina chuid feachtas i mBoston agus an oiread sin tacaíochta a fháil i measc an phobail dhuibh.  Go deimhin, fuair sé an ceann is fearr sna bothanna vótála sna ceantair dhubha ar iarrthóir dá gcine féin, Tito Jackson, in 2017.

Bhí idir dhubh, bhuí agus bhán ar a fhoireann chumasach toghchánaíochta.  D’fheilfeadh sé do Michelle Wu ceacht a fhoghlaim uaidh agus cuimhní á ndúiseacht i mBoston ar 1974.

Fág freagra ar 'Ní léir go dtuigeann méara Bhoston stair achrannach na cathrach'