Ní léir go bhfuil dream ar bith i dTeach Laighean toilteanach ná ábalta an córas sláinte a fheabhsú

Tá a fhios ag cách go gcaithfear an tseirbhís sláinte a fheabhsú. Ach ní hionann tuiscint agus cur chuige

Ní léir go bhfuil dream ar bith i dTeach Laighean toilteanach ná ábalta an córas sláinte a fheabhsú

Saothar gan stró atá idir lámha ag Stephen Donnelly ó ceapadh é mar urlabhraí sláinte le gairid.

An fáth go n-oireann ‘gan stró’ mar chur síos ar a phost nua? Tá a fhios ag gach duine sa tír nach dteastaíonn dúshaothar chun teacht ar chúiseanna náire sa chóras sláinte ar féidir iad a cháineadh go géar ó bhinse tosaigh an fhreasúra.

Ní le drochmheas ar urlabhraí nua Fhianna Fáil ar chúrsaí sláinte a scríobhadh na briathra thuas. Go deimhin, tá fiúntas lena bhfuil ráite ag Stephen Donnelly ó thug Micheál Martin ardú céime dó dhá mhí ó shin agus tuiscint ar a dhualgas nua léirithe aige. Pléifear sampla amháin thíos.

Is fusa go mór córas lochtach a lochtú ná a athrú. Tá ranna éagsúla den chóras sláinte pléite, cíortha agus cáinte le fada, agus tá ‘CervicalCheck’ á phlé go tréan faoi láthair. Ach is beag athrú chun feabhais a chuir cainteoirí an fhreasúra i bhfeidhm ar dhul i mbun rialtais dóibh le scór bliain anuas, ar a laghad.

Ach, féach, níl tréimhse caite fós ag Stephen Donnelly mar aire rialtais. Ní féidir mar sin dea-ghealladh agus drochchomhlíonadh a chur ina leith fós.

Níl foireann bainistíochta ar domhan a bheadh ábalta seirbhís sláinte éifeachtach a reáchtáil agus struchtúr na seirbhíse ag síorathrú, a dúirt sé Dé Máirt. Faraor, dar leis, cuirtear aire nua i gceannas ar an roinn sláinte gach cúpla bliain agus fógraítear plean nua.

Bhí beagán den áibhéil ina chuid cainte, ach bhí an chuid is mó bunaithe ar an bhfírinne, mar is léir ón stair ó chuaigh Fine Gael i mbun rialtais in 2011. D’fhéadfaí mí-éifeacht den sórt céanna a chur i leith pháirtí Donnelly, ach is ar chur chuige Fhine Gael atáthar ag díriú anseo, go irithe sa tréimhse ó chuaigh an páirtí i mbun rialtais seacht mbliana ó shin:

Airí Sláinte 2011-2018

Triúr a bhí ann go dtí seo, beirt dochtúirí ina measc, agus gan ach dhá bhliain agus ocht mí caite acu ar an meán sa Roinn Sláinte: James Reilly (2011-14), Leo Varadkar (2014-16) agus Simon Harris (2016-).

Pleananna Sláinte 2011-2018

Córas cuimsitheach sláinte, faoina gcaithfí go cothrom le gach saoránach, geallta ag Fine Gael roimh olltoghchán 2011. Caitheadh an plean i leataobh de réir a chéile.

Córas cuimsitheach sláinte ar a dtugtar ‘Sláintecare’, faoina gcaithfí go cothrom le gach saoránach, molta ag coiste uilepháirtí anuraidh. Deirtear go bhfógróidh an rialtas beartais go luath maidir le tús lena chur i bhfeidhm.

An HSE 2011-2018

D’fhógair James Reilly in 2011go raibh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le scor. Níor cuireadh an cinneadh i bhfeidhm riamh.

Chuir Reilly deireadh le bord an HSE. D’fhógair Simon Harris an tseachtain seo caite go n-athbhunófaí an bord.

Cuireadh deireadh leis na boird réigiúnacha sláinte in 2005. Dúirt an Taoiseach Dé Máirt go mbunófaí boird nua ar fud na tíre. Ní léir fós céard a dhéanfaidh na boird nua ná conas a cheapfar na comhaltaí.

Tá fís bhreá den chineál córais a chuirfeadh an tseirbhís sláinte ar bhonn cothrom agus éifeachtach sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Coiste um Chúram Sláinte sa Todhchaí bliain ó shin.

Is féidir struchtúr riaracháin a athrú gan mórán dua. Is féidir faillí an chórais a lochtú gan stró, sula bhfaightear deis é a leigheas. Ach ní léir fós go bhfuil dream ar bith i  dTeach Laighean toilteanach agus ábalta an córas a fheabhsú dáiríre.

Fág freagra ar 'Ní léir go bhfuil dream ar bith i dTeach Laighean toilteanach ná ábalta an córas sláinte a fheabhsú'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Aon uair a chloisim faoi Theachta Dála ag dul san oispidéal le obráid a bheith acu, is gnáthach gur Vincent’s Private/Mater Private/Beacon/Galway Clinic a bhíonn i gceist. Is léir nach bhfuil na daoine sin ag braith ar an gcóras poiblí: tá fábhar ceannaithe acu le árachas sláinte. Ach tá an córas príobháideach ag braith cuid mhaith ar dhoctúirí agus comhairleoirí atá fostaithe go príomha ag an gcóras poiblí! Sé leas na ndaoine a cheannaíonn árachas sláinte go bhfanfaidh an córas mar atá. Dá mba rud é go raibh formhór na dTeachtaí Dála agus na Airí Rialtais ag braith ar an gcóras poiblí sláinte bheadh an fhadhb réitithe i bhfad ó shin, maidir leis na liostaí feithimh scanrúla atá ann do dhaoine ag fanacht sa scuaine poiblí. Ba bhreá an rud é dá mbeadh ar iarrthóirí i ngach toghcháin a rá go poiblí an bhfuil árachas sláinte acu nó an bhfuil siad ag braith ar an gcóras poiblí. Muide atá ag braith ar an gcóras poiblí bheadh muid in ann vótáil do dhaoine ar nós muid féin. Braithim gurb é leas na nAirí atá i bhfeidhil an chórais sláinte poiblí é a choinneál mar atá beag nó mór, sé sin go mbeadh cead acu i gcónaí fábhar a cheannacht dóibh féin agus dá gclann. Sin an fáth is mó, go ngealltar go leor ach nach ndéantar mórán faoi córas a chur ar fáil, ina gcaithfí go cothrom le chuile saoránach.

  • Tony Pratschke

    Aontaím go huile is go hiomlán leis an méid atá scríofa thuas ag Cathal Mac Coille. Agus is san abairt deireannach atá an t-eolas ar chonas an scéal a réitiú: “Ach ní léir fós go bhfuil dream ar bith i dTeach Laighean toilteanach agus ábalta an córas a fheabhsú dáiríre.” Sin ráite is léir nach bhfuil ach slí amháin amach dúinn – bata, bóthar, agus bog go hIofrann as a thabhairt dóibh siúd atá ar muin na muice le fada an lá anois agus gan faic déanta acu ach amháin beatha na muice a chothú dóibh fhéin. Mura bhfuil muintir na h-Éireann toilteanach a nguthanna a chur leis an athrú aigne atá riachtanach chun maitheas gach uile duine sa tír a chur chun cinn gan fabhar in ionad chóras na gcarad fabhair a cheadú arís is aris eile, agus daoine ag súil le go mbeidh faichill a thóna féin ar gach giolla.