Ní i mBeithil a rugadh Íosa agus ní maighdean a bhí ina mháthair

Léirítear i leabhar nua gur tógadh scéalta as an Sean-Tiomna agus gur bunaíodh scéalta faoi Chríost orthu lena chruthú gur Dia a bhí ann go fíor

Ní i mBeithil a rugadh Íosa agus ní maighdean a bhí ina mháthair

Ní i mBeithil a rugadh Íosa agus ní maighdean a bhí ina mháthair.

Ní mise atá á rá ach fear darbh ainm Peter Keenan ar foilsíodh leabhar leis le gairid, The Birth of Jesus the Jew (Columba Books).

Maíonn Peter Keenan nach ndeachaigh Seosamh agus Muire suas as Nazarat go Beithil mar a múineadh dhúinn go minic. Tá Beithil 135 ciliméadar as Nazarat, a deir sé. Thógfadh sé idir seacht lá agus deich lá an t-aistear a dhéanamh.

An bhfuil aon duine a cheapadh, ar seisean, go gcuirfeadh fear ar bith a bhean chéile deich lá ar asal ar chosán aistreánach agus í ag súil le páiste?

Dúradh linn go raibh daonáireamh á dhéanamh an bhliain sin. Níl cruthú ar bith ann go raibh, a deir Peter Keenan. Dá mbeadh féin, a deir sé, is é ceann an tí a chuirfeadh an t-eolas ar fáil. Níor ghá do Sheosamh Nazarat a fhágáil lena dhéanamh.

Maidir leis an Triúr Saoithe a theacht go dtí an mainséar i mBeithil is finscéal eile é sin is cosúil. Níl aon bhlas fírinne ann ach an oiread leis an scéal Artúraíochta Camelot, a deir Peter Keenan.

As cuntas a bhí sa Sean-Tiomna a tháinig sé, ar seisean :

‘Faigheann réalta ó Iacób an cheannasaíocht;

Éiríonn slat ríoga ón Iosrael.’

Maidir le gur thug Seosamh agus Muire an leanbh don Éigipt mar go raibh Héaród ag marú páistí, duirt Lúcás gur filleadh ar Nazarat a rinne siad. Ag Matha a bhí an scéal faoin teicheadh don Éigipt. Ní fhéadfadh an dá inseacht a bheith ceart.

Aríst níl aon chruthú ann gur tharla Marú na Leanaí Neamhchiontacha. Scéal é sin a bunaíodh ar an gcuntas atá sa Sean-Tiomna faoin Faró a bheith ag iarraidh Maois a mharú.

Tugann sin muid go dtí an maighdeanas a luaitear le Muire. Aistriú lochtach a rinneadh ón Eabhrais go dtí an Ghréigis a tharla, a deir Keenan. Seo é a bhí sa mbunrud:

‘Féach tá an bhean óg ag iompar linbh, saolófar mac di agus tabharfar Emmanuel mar ainm air.’

Ní dhearnadh féasta eaglasta den Nollaig go dtí an ceathrú céad. Ba é an Pápa Julius 1 a fuair bás in 352 a shocraigh gurb é an 25ú lá de mhí na Nollag Lá Nollag.

Bhí baint mhór ag an bPrionsa Albert agus ag Charles Dickens leis an gcineál Nollaig a bhíonn againn anois.

Tráthúil go leor creideadh gur ar an dáta céanna a rugadh an Dia miotasach Peirseach Mithras in uaimh. Creideadh freisin gur maighdean de mháthair a bhí aige agus gur Dia a bhí ina athair.

Cén bunús atá leis an míniú traidisiúnta a tugadh ar bhreith Chríost? Seánra litríochta Giúdaí ar a dtugtar Midrash ba shiocair leis a deir Peter Keenan. Is ionann é agus a bheith ag léamh imeachtaí i gcomhthéacs eachtraí a tharla blianta roimhe sin.

Lena rá ar bhealach eile, tógadh scéalta as an Sean-Tiomna agus bunaíodh scéalta faoi Chríost orthu lena chruthú gur Dia a bhí ann go fíor.

B’fhéidir go gceapfá anois gur ainchreidmheach fiáin nó cumannach dearg é Peter Keenan. Ní hea go deimhin. Chaith sá tamall ag traenáil le bheith ina shagart.

Níor oirníodh é ach níor stop sin é ó bheith ina chomhairleoir ag Comhdháil Easpaig Chaitliceacha Shasana agus na Breataine Bige.

Fágfaidh mé mar sin a bhfuil le rá aige. Más creidmhigh nó ainchreidimhigh sibh go raibh Nollaig mhór mhaith agaibh.

Fág freagra ar 'Ní i mBeithil a rugadh Íosa agus ní maighdean a bhí ina mháthair'

  • Gabriel Rosenstock

    Cad faoi Chú Chulainn? An raibh a leithéid riamh ann?

  • Gerry Sóna

    Dúirt bean liom go ndúirt bean léi……….

  • KH

    Tá plé suimiúil déanta ag C.S. Lewis ar na cúrsaí seo in ‘A Chapter of Red Herrings’, sa leabhar Miracles.

  • Jackie Mac Donncha

    An bhfágann sé seo nach bhfuil aon Santaí ann ach an oiread, agus mé ar bìs le seachtain.

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Seosamh Ó Cuaig, ‘Ní i mBeithil a rugadh Íosa agus ní maighdean a bhí ina mháthair,’ tuairisc.ie, Déardaoin, Nollaig 23, 2021.

    Sin é an teideal atá ar alt le Seosamh Ó Cuaig ar leabhar le Peter Keenan, The Birth of Jesus the Jew (Columba Books 2021). Samhain 11, 2021, a foilsíodh an leabhar. Insíonn Seosamh do léitheoirí tuairisc.ie, nach é féin, ach údar an leabhair, Peter Keenan, atá á rá nach i mBeithil a rugadh Íosa, agus nach maighdean ba ea máthair Íosa. Ar a shon sin is uile, ní chuireann Seosamh amhras ar bith i gceann ar bith de ráitis an údair. Agus arsa Seosamh, i ndeireadh an ailt aige féin:
    B’fhéidir go gceapfá anois gur ainchreidmheach fiáin nó cumannach dearg é Peter Keenan. Ní hea go deimhin. Chaith sé tamall ag traenáil le bheith ina shagart.
    Níor oirníodh é ach níor stop sé sin é ó bheith ina chomhairleoir ag Comhdháil Easpaig Chaitliceacha Shasana agus na Breataine Bige.
    Cad chuige nár inis Seosamh do léitheoirí tuairisc.ie gur ó Bhaile Átha Cliath go bunúsach é Mac Uí Chianáin, agus gur thug sé na blianta ina Rúnaí ag Coiste Caidrimh Caitliceach agus Giúdach le Chéile, coiste de chuid Chomhdháil Easpaig Chaitliceacha Shasana agus na Breataine Bige?

    Is é an rud is aistí i dtaobh alt Sheosaimh go nguíonn sé ‘Nollaig mhór mhaith ar léitheoirí tuairisc.ie, ‘Más creidmhigh nó ainchreidmhigh sibh’. Is minic le Seosamh a fhógairt gur aindiachaí is ea é féin. D’fhógair sé é sin arís ar chlár de chuid Raidió na Gaeltachta le déanaí. Cad chuige ‘Nollaig mhór mhaith’ a ghuí orainne? Nár leor dó ‘bíodh saoire mhór mhaith ag léitheoirí tuairisc.ie’ a rá? –– Happy Holidays mar atá á rá ag na Meiriceánaigh, ó thug naimhde na Críostaíochta ansiúd orthu gan aon tagairt a dhéanamh go poiblí don Nollaig. Conas mar a dhéanann aindiachaí rud ar bith a ghuí ar aon duine eile? Nach chun Dé a ghuíonn duine an dea–rud ar dhuine? Más chun an Diabhail an ghuí, nach in mallacht?

    Tá sé á admháil le fada, ag Caitlicigh mheabhracha, nach iad na hainchreidmhigh, ná na Cumannaithe, is mó atá ag déanamh díobhála don Eaglais Chaitliceach, ach na daoine atá fós ‘ina gCaitlicigh’, más fíor. Is é rud atá i leabhar Mhac Uí Chianáin an cineál ionsaithe atá á dhéanamh ó thosach ag Giúdaigh ar an gCríostaíocht; agus ó aimsir an Athraithe Creidimh i leith, ag naimhde na hEaglaise Caitlicí trí chéile.

    Cá bhfios do Mhac Uí Chianáin nach i mBeithil a saolaíodh Críost? Finnéithe súl ba ea beirt de na Soiscéalaithe, Matha, agus Eoin, beirt Aspal ag Críost. Déantar amach gur ó Pheadar go díreach a fuair Marcas formhór a bhfuil i Soiscéal Mharcais –– deisceabal de chuid Pheadair ba ea Marcas; agus gur ón Maighdean Mhuire go díreach a fuair Lúcás formhór a bhfuil i Soiscéal Lúcáis. Maidir le Muire Máthair Dé gan a bheith ina maighdean, is é a mhalairt atá á rá ó thosach na Críostaíochta aniar go dtí an tAthrú Creidimh [Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí §§496–507. Agus tá Protastúnaigh i gcónaí ann a ghlacann leis ina maighdean a bhí Muire nuair a coimpríodh Íosa. Duine acu seo is ea an tOllamh Emeritus John Lennox, Airminiach [Cailvíneach liobrálach] ó Chathair Ard Mhacha. Ollamh le Matamaitic ar Ollscoil Oxford i Sasana ba ea Lennox. Tá sé le blianta ag gabháil timpeall an Domhain, ag glacadh páirte i ndíospóireachtaí. Bhí sé á fhéachaint, abair, le Richard Dawkins, agnóisí a chreideann go bhfuil sé mídhóchúil amach is amach gurb ann do Dhia. Bhí Lennox le Christopher Hitchens chomh maith, Trotscaíoch a d’iompaigh ina Nua–Choimeádach, agus a raibh an ghráin dhearg aige ar an gCríostaíocht, ar an nGiúdachas, agus ar an Ioslamachas, go ndéana Dia trócaire ar anam Hitchens.

    Níl aon dealramh le hargóint Keenan i gcoinne Iósaf a thabhairt Mhuire ó dheas, as Nazarat go dtí Beithil. Cá bhfios do Keenan cén fad a thóg sé ar Iósaf Muire a thabhairt go dtí Beithil? Ag glacadh leis atá Keenan gur d’aon iarracht amháin a rinne siad an t–aistear sin. Ceistíonn scoláirí an raibh daonáireamh ann an bhliain ar thug Iósaf Muire ó dheas go dtí Beithil, agus tá freagra air sin ar lch 143 den Catholic Bible Dictionary (Doubleday 2009). Is é Scott Hahn, Ollamh le Diagacht an Bhíobla, ar Ollscoil na bProinsiasach in Steubenville, Ohio, Eagarthóir Ginearálta an Fhoclóra sin. Josephus Flavius, údar Giúdach, tuairiscíonn sé go raibh ar áitreabhaigh Iúdáia, agus réigiún eile, cruthúnas a thabhairt ar a gcuid dílseachta don Róimh i dtrátha na bliana 3 ‘Roimh Chríost’. Dar leis an bhFoclóir, is féidir nach leagáid go dtí cúige ba ea Cuirínias ar an aimsir sin, ach oifigeach Rialtais. Tá easaontas idir scoláirí i dtaobh bhliain beirthe Íosa.

    Ní dócha gur finscéal is ea an cur síos ar an Triúr Saoithe a theacht go dtí an mainséar, ná gur bunaithe ar Uimhreacha 24:17 atá sé, mar a mhaíonn Keenan. Creidtear gur ón mBablóin ba ea an Triúr Saoithe, go raibh scil sa réalteolaíocht acu, agus gur de shliocht Giúdach iad ó aimsir an Bhraighdeanais Bhablónaigh [609 R.Ch. – 515 R.Ch.] . Glacann réalteolaithe an lae inniu leis go raibh réalta ann a raibh ‘Réalta na Beithile’ uirthi [Fernando La Greca agus Liberato De Caro, Annales Theologici 34 (2020) lgh 13–54].

    Eachtraíonn Seosamh Ó Cuaig go ndéanann Keenan amach go dtugann Matha cuntas ar Mharú na Neamhchiontach ag saighdiúirí Héaróid, ach nach bhfuil aon lua ag Lúcás ar an marú sin, agus dá réir sin, nach bhféadfadh an bheirt Soiscéalaithe a bheith ceart. Glacann an Catholic Bible Dictionary go ndearnadh sléacht ar na Leanaí Neamhchiontacha [op. cit., lch 381]. Is rí thar a bheith brúidiúil ba ea Rí Héaród Mór.

    Níl dealramh le háitiú Keenan gur ar dhrochaistriúchán a rinneadh ón Eabhrais go Gréigis a bunaíodh an cuntas ag Matha gur maighdean ba ea Muire Máthair Dé. Tá bun maith lena áitiú gur aistriúchán cruinn Gréigise atá ar a bhfuil in Eabhrais an tSean–Tiomna [Íseáia 7:14] –– feic leat alt ag Michal E. Hunt, ‘In Defense of the Old Testament Prophecy of the Virgin Birth’, agapebiblestudy.com.

    Maidir le dáta a chur le lá beirthe Chríost de, is bunaithe ar litir ón 9ú céad atá an t–áitiú gurbh é an Pápa Iulius I [+ 352 AD] a rinne é sin, ach is litir í sin nach bhfuil bunús ar bith léi. Tá cur síos inspéise ag an Dr Taylor Marshall ar Nollaig 25 a chur mar dháta le lá beirthe Chríost –– ‘Yes, Christ Was Really Born on December 25,’ http://taylormarshall.com, Nollaig 24, 2012.

    Ag dul thar fóir ar fad atá Keenan nuair a áitíonn gurb amhlaidh a ‘tógadh scéalta as an Sean–Tiomna agus [a] bunaíodh scéalta faoi Chríost orthu lena chruthú gur Dia [sic.] a bhí ann go fíor.’ Is áis scoláireachta ag scoláirí Bíobla is ea an tíopeolaíocht. Is liosta le háireamh iad na heachtraí agus na pearsana sa Sean–Tiomna ar samhail iad d’eachtraí agus de phearsana sa Tiomna Nua, agus a bhfuil cuma na fáistine go láidir ar na sleachta freagracha sa Sean Tiomna. Ní gá dul i leith na samhlaíochta chun glacadh leis go bhfuil cuma na fáistine go láidir orthu. Tá an tOllamh Scott Hahn ar na scoláirí is mó atá luaite le scil na tíopeolaíochta. Is Cailvíneach stóinsithe ba ea Hahn tráth, agus é go dubh i gcoinne an Chreidimh Chaitlicigh. Ach thosaigh sé ag gabháil don ardléann. Rinne sé staidéar an–ghrinn ar an Apacailipsis, [Leabhar an Taispeánta, an leabhar deiridh ar fad den Tiomna Nua], ach bhí ag dul de dul amach air, go dtí go ndeachaigh sé ar Aifreann i lár an lae i séipéal Caitliceach is íoslach foirgnimh. Nuair a tosaíodh ar ‘A Uain Dé, a thógann peacaí an Domhain, déan trócaire orainn’ a rá, is ea a tháinig tuiscint ar an Apacailipsis den chéad uair dó, agus bhris a ghol air.

    Is áis an–úsáideach ag an scoláire Bíobla is ea Modh Oibre Chritic na Staire. Ach ó lár an 20ú céad go háirithe, táthar ag dul chun cnoic ar fad ar fad leis. Meabhraíonn an Dr Joseph Ratzinger dúinn nach féidir, de cheal creidimh, an Bíobla a thuiscint i gceart, agus gur rud beo i measc phobal na gcreidmheach is ea an Creideamh. Arsa é sin: ‘má léann tú an áirithe sin athinsintí den saghas sin, ceann i ndiaidh a chéile, feicfidh tú láithreach gur fada iad ó nochtadh a dhéanamh ar íocón atá éirithe doiléir le haimsir, ach gur cosúla go mór le grianghraif dá gcuid údar féin iad, agus de na hidéil a gcreideann siad seo iontu,’ ‘Réamhrá’, Jesus von Nazareth [Jesus of Nazareth] Iml. 1 (2007) lch xii.

    Tá gach uile chuma ar leabhar Keenan gur fada scartha le hailt bhunaidh an Chreidimh Chaitlicigh atá seisean, agus gur ag iarraidh an Creideamh a athscríobh atá sé, chun nach gcuirfeadh cuid ar bith de isteach ar aon duine de mhuintir an lae inniu, agus orthu sin, na Giúdaigh a bhfuil aithne curtha aige orthu, sna blianta atá caite aige ina Rúnaí ag Coiste Caidrimh Caitliceach agus Giúdach le Chéile.

    Seo cuid de theagasc an Dara Comhairle Vatacánach ar an ábhar sin:
    Tá seans ar an slánú acu siúd atá aineolach ar Shoiscéal Chríost, agus ar an Eaglais aige, mura lena gcionta féin é sin, agus iad ag lorg Dé, agus ar de dhroim na ngrást a bhíonn siad ag déanamh a ndíchill lena gcuid gníomhartha, a Thoilsean a dhéanamh, mar is eol í sin dóibh trí orduithe a gcoinsiasa (19*). Ná ní cheileann Toil Dé na cabhracha chun a slánaithe orthu seo, nach bhfuil tagtha ar eolas cinnte ar Dhia, nuair nach lena gcionta féin é sin, agus atá ag iarraidh lena ghrástasan a mbeatha a chaitheamh go cóir. Cibé maitheas nó fírinne atá ina measc seo, is ullmhú le haghaidh an tSoiscéil iad, dar leis an Eaglais. (20*) Tá a fhios aici sin gur ón Té a shoilsíonn gach uile dhuine na nithe sin, chun go mbeidh acu an bheatha, sa deireadh. Ach is minic le daoine, agus an Diabhal á gcur amú, éirí díomasach ina gcuid réasúnaíochta, agus fírinne Dé a mhalartú ar an éitheach, agus gan freastal ar an gCruthaitheoir, ach ar an gcréatúr. (129) Nó tá daoine ann, ar gan Dia a thugann siad an saol seo, go dtí go mbíonn siad ag saothrú an bháis, agus a dtagann cathú an éadóchais sa deireadh orthu. Dá réir sin, d’fhonn glóir Dé a chur chun cinn, agus go slánófaí iad seo go léir, agus a haire ar ordú Dé aici, ‘An Soiscéal a chraobhscaoileadh do gach uile chréatúr,’ (130), déanann an Eaglais cúram de chothú na misean, agus d’aire a thabhairt dóibh seo.
    Lumen Gentium, Bunreacht Dogmach ar an Eaglais, §16 (Samhain 21, 1964).
    Ceann de na scéalta is áille dár scríobh Máirtín Ó Cadhain, is é ‘Rinneadh’ is teideal dó, An tSraith dhá Tógáil (1970) lgh 11–15. Is mór i gceist Muire Máthair Dé agus Iósaf ann.
    Nollaig faoi Mhaise is faoi Áthas d’fhoireann, do scríbhneoirí, agus do léitheoirí tuairisc.ie go léir, agus Bliain Nua faoi Chompord.

  • Seán Mag Leannáin

    Stábla na Beithile

    A Thríonóid na naomh glórmar, machnaigh
    Gur thuirling gealphrionsa na bhFlaitheas
    Fá bhánbhroinn Mhuire ‘na leanbh.
    Trí ráithe d’fhan Máistir na nAingeal
    Le humhlaíocht is le huirísleacht in aice
    ‘S foirnéis ghrá ‘na lár ar lasadh.
    D’fhuadaigh anuas ar an dtalamh,
    An tUan geal dár bhfuascailt ón bpeaca.
    A Mháthair ní bhfaigheadh áras sa chathair
    Gur tháinig insan stábla chun leapan.
    Is ann a bhí ina luí go dealbh
    Gan fíon gan feoil ag a beol le blaiseadh;
    I gcóngar táir in áras eallaigh,
    Do rug sí aonmhac Dé na nAspal.
    Fuacht is fán níor cháin mar chleachtadh
    ‘S dob é an radharc naofa é i mainséar asail.

    {Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin (1715 – 1795)}