Tá dúshlán na Muimhneach tugtha ag an scríbhneoir Alan Titley gan géilleadh don “róchaighdeánú” sa Chaighdeán Oifigiúil nua nach dtugann aitheantas “d’arán laethúil” an Mhuimhnigh – foirm tháite an bhriathair.
Sa Chaighdeán nua, ar foilsíodh inné é, ní cheadaítear cuid de na leaganacha briathartha a ceadaíodh i gCaighdeán 2012, ina measc an fhoirm tháite atá in úsáid go coitianta fós i nGaeilge na Mumhan.
Tá an craoltóir agus iriseoir Duibhneach Dara Ó Cinnéide, colúnaí leis an suíomh seo, ar aon fhocal leis an Titlíoch.
“Ní haon fhear mór caighdeáin mé fhéin agus géillim i gcónaí don gcainteoir maith, ach tá an chuma ar an scéal go bhfuilid den dtuairim gur turtar aduain chugainn as na tíortha teo an fhoirm tháite atá fós ina bheathaigh sa Ghaeltacht, atá sa dúchas againn sna dúthaí seo agus atá ina dlúthchuid de cheann de mhórchanúintí na tíre.
“Níl aon mhórstaidéar déanta agamsa ar an gCaighdeán, agus tuigim an chúis gur gá rialacha éigin a bheith ann, ach tá an fhoirm tháite ar a laghad chomh forleathan agus láidir le scata rudaí eile atá ceadaithe go hoifigiúil.
“B’fhuirist dom leithéidse fanacht glan ar fad ar an bpeannaireacht ná ‘bhí mé’ a scríobh, is cuma más ag scríobh go hoifigiúil nó go neamhoifigiúil atáim.”
Dúirt Alan Titley gur róbhaolach go bhfuiltear aineolach ar go leor “de ghnáthchaint na ngnáthdhaoine gurb iad so mar fhoirmeacha táite a n-arán laethúil”.
“Tuairimímid go bhfuil seo gan dealramh, pé rud atáid ag iarraidh a dhéanamh leis na seanfhoirmeachaibh a bhfuilimid cleachtaithe orthu le fada. Do bhíos féin riamh den dtuairim go bhfuilid meáite ar chlaochluithibh a dhéanamh i gcásannaibh ná fuil aon ghátar leo. Táid is léir, aineolach ar go leor de ghnáthchaint na ngnáthdhaoine bochta (agus eile) gurb iad so mar fhoirmeacha táite a n-arán laethúil, agus gurb iad a thig as a mbéalaibh an chéad rud i moiche na maidne ar n-éirí dhóibh.
“Is í an mhórcheist ná an bhfuileabhair amuigh ansan sásta géilleadh don róchaighdeánú buile seo ar cuma nó bia a thabhairt do na mucaibh é, muca na haonaigne is na haonstíle ná tuigeann faic. Cuiream ina choinne le faghairt.”
Dúirt Titley, arb as Corcaigh dó, gurb í a thuairim féin ná nach dtabharfaidh an Muimhneach maith “aon cheann” de chealú oifigiúil na foirme táite.
“Leanfaimid ar aghaidh, leanam ar aghaidh go deimhin deimhneach!”
I léirmheas ar an gCaighdeán Nua a d’fhág sé mar thrácht ar an suíomh seo, dúirt léitheoir de chuid Tuairisc.ie, go gcaithfí a chur in iúl do lucht an Chaighdeáin nua nach “Gaolainn den dara grád í Gaolainn na Mumhan”.
Dar leis an té a scríobh an léirmheas nach bhfuair canúint na Mumhan cothrom na féinne sa Chaighdeán Nua a bhfuil moladh mór faighte aige ó foilsíodh Dé Céadaoin é.
“Dá mba rud é go raibh fonn ar choiste an Chaighdeáin srian a chur leis an iomarca ‘roghnachais’ a bhí ann tráth, cén fáth go bhfuil an rogha a bhí ag muintir na bhfoirmeacha scartha, iad siúd a sheachnaíonn an fhoirm tháite i ngach aimsir, tagtha slán ón gCaighdeán Athbhreithnithe?
“Is léir ón gCaighdeán nua go bhfuil níos mó tábhachta ag baint le ‘roghanna’ éigint ná le ‘roghanna’ eile…”
Dúirt an té a scríobh an léirmheas go mb’fhéidir nach bhfuil an oiread céanna “roghnachais” le feiscint sa Chaighdeán nua ach go bhfuil roghnachas ann fós, agus gurb é canúint na Mumhain atá thíos leis an ‘roghnachas’ sin.
“Agus tá a fhios ag an ndomhan mór ’s ag a mháthair cad is cúis leis na roghanna atá ceadaithe de réir an Chaighdeáin nua: baintear úsáid go nádúrtha as ‘Córas an tSéimhithe’ i nGaolainn Uladh; baintear úsáid go nádúrtha as ‘Córas na Foirme Coibhneasta’ i nGaolainn Uladh ’s i nGaolainn Chonnacht.
“Bhuel, is í an fhírinne ghlan ná go mbaintear úsáid go nádúrtha as na foirmeacha táite i nGaolainn na Mumhan. Ní deirimse go ‘raibh mé’, deirimse go ‘rabhas’; ní deireann mo mháthair gur ‘chonaic tú’, deireann sise gur ‘chonaicís’; ní deireann m’athair go ‘bhfuil siad’, deireann seisean go ‘bhfuilid’. (Agus ní deireann duine ar bith dínn gur ‘dhein sibh’, deirimidne go léir gur ‘dheineabhair’).”
D’fhiafraigh an té a d’fhág a léirmheas ar an gCaighdeán Oifigiúil ar Tuairisc.ie, an mbeadh sé “dodhéanta” dhá chóras a chur ar bun i réimse na mbriathar: ‘Córas na Foirme Scartha ‘is ‘Córas na Foirme Táite’?
“Ag deireadh an tsaoil, is í an cheist atá agam ná an cheist seo: cén fáth go dtugann coiste an Chaighdeáin cead don Ultach ’s don gConnachtach cloí le saintréithe a gcanúna fhéinig (e.g. an fhoirm scartha, Córas an tSéimhithe) agus iad ag scríobh cáipéisí oifigiúla de réir an Chaighdeáin Oifigiúil (nua)? Cén fáth gur chóir nach mbeadh an cead san ach acusan amháin?”
Is féidir an léirmheas a dtagraítear dó san alt seo a léamh anseo ag bun léirmheas Antain Mhic Lochlainn ar Chaighdeán Oifigiúil 2016.
Connachtach
Ní Muimhneach mise agus níl luí ar bith agam i ndáiríre leis an bhfoirm tháite sin ach tá brath agam í a fhoghlaim is a chur ag obair go tréan anois chun seasamh le mo chomrádaithe ó dheas.
Seán Ó Riain
Maith thú, a Chonnachtaigh!
Agus rud eile
Agus rud eile, céard faoi leathanach litreacha a bheith ag Tuairisc mar a bhíonn ag an Irish Times rí-aireaghdha? Bíonn tuairimí ag tráchtairí anseo is ansiúd sna leathanaigh seo atá ró-spéisiúil le bheith sáinnithe sa bhosca beag.
file
Och, och agus ochón, na Muimhnigh bhochta!
Seans go mbeidh tuiscint níos fearr orthu anois ar chás na nUltaibh agus na gConnachtach 1958-2012.
Ach, le bheith dáiríre faoi seo, tá an stádas céanna ag na foirmeacha táite anois agus a bhí riamh – i.e. tá siad ceart, ach ní bheifeá ag dúil lena bhfeiceáil sa Ghaeilge oifigiúil. Ar an dóigh chéanna, tá ‘mhol muid’ ceart. ach ní fheicfidh tú é sa Ghaeilge oifigiúil. Agus tá míniú ar an Ghaeilge oifigiúil i réamhrá An Chaighdeáin.
Fear Galltachta
Ní raibh sé ar eolas agam gurbh í aidhm an Chaighdeáin ceachtanna morálta a mhúineadh d’aoinne. Níl trácht ar an aidhm sin sa Réamhrá, ar aon nós…
Ach, chun bheith soiléir: Mar a dúraís, ní raibh na foirmeacha táite ceadaithe de réir an Chaighdeáin go dtí an Caighdeán Athbhreithnithe i 2012, agus ba mhór an faoiseamh domhsa é sin. (Fuair na foirmeacha scartha – ‘mhol muid’, ‘molann muid’, srl. – aitheantas i 2012 leis, dála an scéil; táid le feiscint i gcáipéisí oifigiúla cheana féin dá bharr).
Ní chuireann na foirmeacha scartha, ná Córas an tSéimhithe, isteach orm in aon chor. Cuireann míchothromaíocht isteach go mór orm, áfach.
N’fheadar cad a thabharfá air ach, nuair a fheicim go gcoinníonn an Caighdeán nua dlúthchodanna canúintí éagsúla (i.e. Gaolainn Uladh agus Gaolainn Chonnacht) nach raibh ceadaithe ach amháin de réir an Chaighdeáin Athbhreithnithe agus go bhfaigheann sé réidh le dlúthchuid canúna eile (i.e. Gaolainn na Mumhan) a bhí ceadaithe de réir an Chaighdeáin chéanna, sin a rud a dtabharfainnse míchothromaíocht air.
Seán Ó Riain
Tá ainbhiosáin ann a fhéachann leis an gCaighdeán cúng, a cumadh don reachtaíocht agus d’fhoghlaimeoirí, a bhrú ar aistriú na filíochta!
Fiosán
Cúis gháire chughainn!
Fear Galltachta
Go raibh maith agaibh as ucht aird a tharraingt ar an míchothromaíocht atá sa gCaighdeán nua. Tá a fhios agam go raibh daoine áirithe ag moladh dréacht an Chaighdeáin a chur ar fáilt sara bhfoilseofaí é agus ceapaimse gur dea-smaoineamh a bheadh ann. Beidh impleachtaí móra ag baint leis an gCaighdeán nua ós rud é go mbeidh cuid mhaith mhór desna leabhraibh a chuirfear ar fáilt do dhaltaí scoile bunaithe air. Tá an fhoirm tháite beo bríomhar sa gcaint agus ba cheart aitheantas oifigiúil a thabhairt di go bhfanfadh sí beo.
Seán Ó Riain
Tá an ceart ar fad agat! Agus i mBunreacht na hÉireann, tá “táid” le léamh, agus is maith sin.