Dá mbeadh John Hume gníomhach i ré na meán sóisialta, is furasta an cáineadh ar líne a dhéanfaí air a shamhlú. Chuirfí ina leith:
Nár thug sé aon aird ar a chomhghleacaithe san SDLP.
Nár chuir sé an t-aos óg sa pháirtí chun cinn, mar a rinne Sinn Féin.
Nár chuir sé an rialtas ar an eolas i gcónaí faoina shaothar ar son na síochána.
Nár cheil sé a dhrochghiúmar uaireanta agus go mbíodh sé teasaí uaireanta.
Nár mháirseáil sé i nDoire ar Dhomhnach na Fola.
Nár éiligh sé struchtúir trasteorann níos láidre i gComhaontú Aoine an Chéasta.
Nár chuir sé brú níos láidre ar an IRA a n-airm a chur ó mhaith go pras i ndiaidh an Chomhaontaithe.
Is samplaí iad na gearáin thuas de na fáthanna réasúnta gur chuir John Hume míshásamh ar dhaoine éagsúla i gcaitheamh a shaoil. Bhí freagra réasúnta aige ar chuid acu. Mar shampla, níor ghlac sé páirt sa mháirseáil i nDoire ar Dhomhnach na Fola i 1972 toisc go raibh faitíos air go marófaí daoine – mar a tharla.
Dá mbeadh John Hume gníomhach i ré na meán sóisialta, bheadh air cur suas freisin le gearáin níos géire, chomh maith le maslaí agus le bagairtí níos binbí agus níos dainséaraí. Gan dabht, bheadh sé chomh cróga agus é ag déileáil lena leithéid agus a bhí sé nuair a sheas sé an fód, in éineacht le Pat, in aghaidh gach dream a d’ionsaigh a theach cónaithe.
Is tábhachtaí na gearáin thuas, toisc go léiríonn siad rud nach mian le mórán a admháil. Níl saoi gan locht, John Hume san áireamh. Ní féidir ceannaire ar bith atá gníomhach i saol polaitiúil an oileáin a chur ar aon chéim leis an gceannródaí cróga a cuireadh sa chré inné. Ach ní cóir breithiúnas ródhian a thabhairt orthu ach oiread.
Is ionann páirt a ghlacadh sa saol polaitiúil mar ionadaí tofa agus drochthréithe chomh maith le dea-thréithe a nochtadh go poiblí.
Níor toghadh naomh ná duine gan locht riamh, ná duine nach bhféadfaí ‘náire’ nó ‘cladhaire’ nó briathra eile dá leithéid a scaipeadh ar Twitter mar gheall ar ráiteas nó cinneadh a chuir olc ar dhuine éigin.
Chuir John Hume díomá ar scríbhneoir an cholúin seo go minic le linn agallamh raidió agus athrá á dhéanamh aige arís eile ar a shoiscéal polaitiúil. Ainneoin uafáis nó achrainn idirpháirtí nó idir-rialtas, deireadh sé de shíor nár chóir dearmad a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh ó bhí cúrsaí ó thuaidh níos measa.
Chaithfí aghaidh a thabhairt i gcónaí, dar leis, ar straitéis a chuirfeadh an caidreamh idir an dá phobal ó thuaidh, idir an dá chuid den tír, agus idir Éirinn agus an Bhreatain ar bhonn cothrom cairdiúil. Agus mar sin de.
Chuireadh an t-athrá seo, nó “an t-aon óráid inaistrithe” seo mar a thugtaí uirthi mífhoighne ar iriseoirí. Theastaigh tuairim nua nó cinneadh nua nó ar a laghad briathra nua uainn. Níor shásaigh John Hume muid go minic, agus an ceart aige.
Bhíodh aidhmeanna níos tábhachtaí aige ná tuairimí nua a nochtadh agus ceisteanna á bhfreagairt aige faoin gcor is deireanaí sa phróiseas síochána. Thar aon duine eile, is a bhuí lena shaothar a cuireadh síocháin i réim faoi dheireadh. Tá an caidreamh tríthaobhach a sonraíodh thuas bunaithe ar mhúnla a chum agus a cheap sé breis agus leathchéad bliain ó shin, agus a d’fhorbair sé i gcomhar le daoine eile.
Caidreamh é a ndearna Brexit dochar dó. Ach sin scéal eile faraor.
Seán Mistéil
Anailís atá cothrom agus tuisceanach, dar liom. Is minic cuid de na lochtanna sin cloiste agus scríofa le blianta anuas. Bhain “rúndacht” cuid mhaith le modus operandi John – agus cúis mhaith leis mar is eol dúinn.
A bhuí lena shaothar, mar adeir tú, go bhfuil síocháin i réim mar atá anois.