Ní gá gur ag an tráth céanna a scaoilfí na srianta sa Tuaisceart agus sa Bhreatain – Arlene Foster

Tá triúr déag eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe in ospidéil an Tuaiscirt agus 1,032 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 263 ó thuaidh den teorainn agus 769 ó dheas di

Ní gá gur ag an tráth céanna a scaoilfí na srianta sa Tuaisceart agus sa Bhreatain – Arlene Foster

Tá sé ráite ag Arlene Foster, Céad-Aire Thuaisceart Éireann go bhféadfadh nach ag an tráth céanna a scaoilfí na srianta ó thuaidh agus a dhéanfaí sin sa Bhreatain.

Dúirt sí gur nuair a bheadh critéir eolaíochta agus sláinte phoiblí áirithe comhlíonta a scaoilfí na srianta seachas de réir clár ama nó dátaí ar leith.

An feidhmeannas in Stormont “agus a gcomhghleacaithe sa Ríocht Aontaithe” a leagfaidh síos agus a ghlacfaidh leis na critéir sin, a dúirt sí.

D’fhéadfadh sé mar sin a dúirt sí “go mbeadh codanna éagsúla den Ríocht Aontaithe ag athrú [srianta] ag amanna éagsúla”.

Nuair a cuireadh ceist ar an Aire Sláinte Robin Swann ar cheart go mbeadh straitéis uile-Éireann ann faoi shrianta a scaoileadh nó a mhaolú, dúirt sé go raibh sé tábhachtach “go nglacfaí le treoir eolaíoch a bheadh bunaithe ar an eolaíocht a bhaineann le Tuaisceart Éireann”. 

De réir na bhfigiúirí is déanaí, 1,057 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 263 ó thuaidh den teorainn agus 794 ó dheas di.

20,623 cás den choróinvíreas atá deimhnithe in Éirinn, 3,016 cás ó thuaidh agus 17,607 cás ó dheas.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, tráthóna inné go gcaithfeadh laghdú suntasach a bheith ar líon na gcásanna in ionaid chúraim chónaithe sula bhféadfaí aon scaoileadh nó maolú a dhéanamh ar na srianta. 

Dúirt an Dr. Holohan go raibh sé riachtanach an slabhra scaipthe a bhriseadh nó go bhféadfadh na hionaid chúraim sin an víreas a scaipeadh in athuair sa bpobal ar fad.

Dúirt sé dá mba inniu a bheadh air an cinneadh a dhéanamh faoi na srianta, nach mbeadh sé ag moladh don Rialtas iad a scaoileadh.

Bhí meabhrán tuisceana an dá rialtas le plé inné ag cruinniú de choiste sláinte Stormont.

Tá sé ráite ag an SDLP agus ag páirtí an Alliance go bhfuil sé riachtanach go mbeadh cur chuige comhordaithe ar an oileán seo ar fad agus níl Sinn Féin agus an DUP ar aon fhocal faoi ghnéithe áirithe den bhealach a bhfuiltear ag dul i ngleic leis an ngéarchéim.

“Agus comhlimistéar taistil againn agus daoine ag obair agus ag taisteal ó dhá thaobh na teorann, ba cheart go mbeadh cur chuige comhordaithe ar an oileán ar fad,” a dúirt urlabhraí de chuid pháirtí an Alliance.

Dúirt ceannaire an SDLP, Colum Eastwood, gur chóir go gcuirfí feachtas tástála agus cuardach teagmhálaithe ar bun go gasta ar fud an oileáin seo ar fad agus “leas a bhaint as na buntáistí tíreolaíochta atá againn”.

Tá ráite ag roinnt saineolaithe gur beag ciall atá le dhá chur chuige éagsúil a bheith ar aon oileán amháin le linn na géarchéime.

Dúirt Gabriel Scally, Ollamh le Sláinte Phoiblí in Ollscoil Bristol, mar shampla, go gcaithfidh an t-oileán seo oibriú mar aonad amháin in aghaidh an choróinvíris.

Dúirt Scally go raibh an baol ann go gcuirfeadh muid amú go fánach an buntáiste tíreolaíochta atá againn toisc gur oileán muid de bharr polasaithe éagsúla sláinte a bheith á gcur i bhfeidhm ar dhá thaobh na teorann.

Fág freagra ar 'Ní gá gur ag an tráth céanna a scaoilfí na srianta sa Tuaisceart agus sa Bhreatain – Arlene Foster'