Ní furasta éirí as

Cén uair is fearr éirí as? Sin ceann do na ceisteanna is deacra a bhíonn le freagairt ag imreoirí spóirt

George Best of Manchester United FC, 1968

Nuair a thagann an t-am, an mbíonn sé níos éasca ag an imreoir Sóisear C éirí as ná an té is mó a bhfuil boinn Chraoibhe Uile-Éireann ina sheilbh aige?

B’shin ceist a chuir mé orm féin ag féachaint ar Henry Shefflin ar chlár teilifíse RTÉ Second Captains Live seachtain nó dhó ó shin.

Níl aon intinn déanta ag Shefflin ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, fós ar chuma ar bith, a deir sé, ach déanfaidh sé a chríonnacht as seo go ceann cúpla mí, go dtiocfaidh sé ar bhreithiúnas meáite.

Ní chuirfidh sin iontas ar aon duine.

Chomh maith le bheith ar an iománaí is fearr a facthas lena linn agus b’fhéidir roimhe, bíonn stuaim agus staidéar ag baint i gconaí le hiompar Henry agus lena chomhrá, laistigh agus lasmuigh den pháirc.

Bhí sé go mór ar a chompord ag caint le Ken Early agus le Eoin McDevitt, fiú nuair a tráchtadh ar an gcaoi ar fhág Brian Cody ag fanacht ina staic ar an taobhlíne é sa gcluiche ceannais, sular chuir sé isteach mar ionadaí é. Pébrí bealach a iompóidh Henry, ní bheidh aon chrá croí ag baint leis.

Ní hamhlaidh ag chuile lúthchleasaí. Ní hionann ach an oiread an chaoi a dtugann siad faoi.

Thug Brian O’ Driscoll fógra bliana, nach mór, mar gur mheas sé go mba é sin an bealach ab oiriúnaí dósan féin déileáil leis an gcás.

Chuala mé é ag rá go gceapann sé go gcaithfeadh sé tamall á scaoileadh tharais sula mbeadh sé in ann freastal ar chluiche mar dhuine den ghnáth-lucht féachana, cuma cluiche de chuid na hÉireann nó de chuid Chúige Laighean a bheadh i gceist.

Faoi láthair, tá sé ag plé le hanailís teilifíse, ach ní hionann sin agus a bheith i do shuí sa seastán.

Ní ar a shuaimhneas a bhí Páidí Ó Sé ach an oiread nuair a thuig sé go raibh a shaol imeartha ag drannadh chun deiridh.

Ar an mbinse a chaith sé Cluiche Ceannais na Mumhan 1988, nuair a bhuaigh Corcaigh ar Chiarraí de chúilín. Ansin gortaíodh é i gcluiche de chuid na Gaeltachta.

D’fhill Páidi ar an traenáil le Ciarraí i dtús an earraigh dar gcionn, ach, agus cúpla seisiún déanta, bhí sé den tuairim go raibh ordú tugha ag Mick O’ Dwyer do na peileadóirí eile gan a bheith chomh dian sin air.

Ghortaigh sin é. Tar éis dó cluiche sraithe a imirt lena chlub, d’iompaigh Páidí ar a bhean chéile sa gcarr ar an mbealach aníos as Neidín, agus dúirt: “Tá an cluiche deireanch caide imeartha agam. Seo linn abhaile”.

“It was the easiest decision I ever made,” a dúirt sé sa leagan de scéal a shaoil a d’inis sé do Sheán Potts.

Ba mar gheall go raibh ag teip airsean áit bhuan a bhaint amach ar fhoireann Chill Chainnigh a d’éirigh James ‘Cha’ Fitzpatrick as freisin trí bliana ó shin; cúig bhonn Uile-Éireann buaite aige, trí bhonn Sraithchomórtais agus trí All Star.

Ach ní raibh ‘Cha’ ach 26 bliain d’aois.

Dhá bhliain lena chois sin a bhí George Best nuair a d’éirigh sé féin as den chéad uair, beagnach 500 cluiche imeartha aige do Manchester United faoin tráth sin, Craobh agus Imreoir na Bliana san Eoraip buaite aige.

Rudaí a bhí ag titim amach lasmuigh den pháirc, ar ndóigh, ba mhó ba chúis lena imeacht, faraor, agus sna hocht mbliana a lean, chroch George suas na bróga ar an matal minic go leor arís.

Thóg sé ar ais anuas iad chomh minic céanna – gur imir sé d’fhoirne clúiteacha mar Brisbane Lions, Bournemouth, Osborne Park Galeb, San Jose Earthquakes, Los Angeles Aztecs, Fort Lauderdale Strikers agus Hong Kong Rangers. Dornán cluichí ba mhó a d’imir sé dá mbunáite.

Tá roinnt eile imreoirí ann nach futhu féin a fágadh an rogha. 16 bliain agus 3 mhí a bhí Martina Hingis nuair a bhuaigh siad Craobh Oscailte Leadóige na hAstráile.

Ráithe ina dhiaidh sin ba í ab airde ar Ord Fiúntais an Domhain. Ní raibh sí 23 féin nuair a d’fhág gortú a bhain de rúitín dá cuid go mb’éigin di éirí as.

Fearacht George Best, níor ghlac sé i bhfad uirthi bogadh ó leathanaigh cúil na nuachtán go dtí an leathanach tosaigh. Dála Best, ní taobh le huair amháin a tháinig sí ar ais.

Go fiú i mbliana, d’imir sí i gcúpla comórtas, ach is lú cáile a thuileann a cuid leadóige inniu di ná a thuileann an fhionraíocht a gearradh uirthi as rian cocaine a bheith i sampla a glacadh uaithí i 2008 agus a cuid rómánsaíochta le Sergio Garcia agus Magnus Norman.

Ní shin le rá gur bocht an deireadh a bhíonn ag gach ‘teacht ar ais’. I dtús na bliana 1998 agus bonn Chraobh Uile-Éireann buaite aige faoi dhó, d’fhógair D.J. Carey go raibh sé le cúl a thabhairt don iománaíocht.

In imeacht 6 seachtaine bhí 25,000 litir faighte aige as chuile cheard den tír agus den domhan ag impí air a theacht ar mhalairt intinne. Rinne agus bhuaigh trí bhonn craoibhe eile agus trí All Star.

Nuair a bhuaigh Luimneach ar iománaithe Chorcaí i gCraobh na Mumhan i 2001, thug Brian Corcoran le fios go raibh sé ag éirí as uilig, go léir, ach i 2004 bhí sé ar ais nuair a bhuaigh Corcaigh an Chraobh agus eisean an 3ú All Star.

Chuir sé bonn eile leis an bhliain dár gcionn.

Liosta le lua a bhfuil de dhornálaithe tagtha ar athrú intinne faoina n-éirí as, Meiriceánaigh go háithrid agus, ar ndóigh, rinne an t-imreoir cispheile is cáiliúla sna Státaí, Michael Jordan, an cleas é féin.

Ag imreoir baseball de chuid na tíre sin a fhágfaidh mé an focal scoir. Fear darbh ainm Jim Bouton, fear nach raibh ach 23 bliain nuair a bhuaigh na New York Yankees an World Series i 1962.

B’sin a bhuaic.

Thug na Yankees bóthar dó trí bliana dar gcionn agus chaith Bouton beagnach scór bliain ina dhiaidh sin ag imeacht fuid Mheiriceá ó chlub beag go ceann níos lú ná sin.

D’éirigh sé as ar fad i 1970, ach cúig bliana dar gcionn bhí sé ar ais ag imirt i sraith fánach in iarthuaisceart na tíre. Lean sé den obair sin, ag imirt le foirne ‘leath-ghairmiúíl’ agus le cinn nach raibh aon eolas orthu taobh amuigh dá gceantair féin go raibh sé go hard os cionn leathchéad bliain.

Eisean is fearr a thug míniú ar an gcúis go mbíonn sé deacair ag lúthchleasaí cúl a thabhairt don spórt is ansa leis nó leí.

Agus é ag tagairt dó ina leabhar Ball Four, deir Jim Bouton: “You see, you spend a good piece of your life gripping a baseball, and in the end it turns out that it was the other way round all the time.”

Tá an rud céanna le rá faoin gcamán, faoin gcaid agus faoi chuile cheann eile acu.

 

 

Fág freagra ar 'Ní furasta éirí as'